Matán atá san inchinn agus ná ligimis don nua-theicneolaíocht í a lagú  

Mura mbeimid cúramach, tiocfaidh an lá go mbeimid i dtuilleamaí ollchomhlachtaí na nuatheicneolaíochta do chuile bhlúirín eolais a theastódh uainn, a scríobhann ár gcolúnaí

Matán atá san inchinn agus ná ligimis don nua-theicneolaíocht í a lagú  

An lá cheana, chuaigh mé féin agus cara liom chuig ionad siopadóireachta. Baineadh siar asam go mór nuair a pháirceáil mo chara a charr. Níorbh é a scileanna tiomána a chuir imní orm, ach rud éigin eile.

Ba é an chaoi gur ghlac sé pictiúr de chomhartha leis an téacs ‘D2’ a bhí crochta ar an mballa, ar eagla nach mbeadh sé in ann an carr a aimsiú arís gan chabhair óna ghuthán póca.

An rud ba mhó a chuir as dom ná gur léir ón gcaoi ar thóg sé an pictiúir i bhfaiteadh na súl, gan smaoineamh faoi, gur nós leis sin a dhéanamh i gcónaí.

Níor choinnigh mé guaim orm féin.

‘Tuigeann tú go bhfuil dochar mór millteach á dhéanamh agat do do chuimhne, nach dtuigeann?’ a d’fhiafraigh mé de.

Duine é mo chara a ghlacann le cáineadh go réchúiseach. Chroch sé a ghuaillí agus rinne gáire. Níl a chuimhne ag déanamh tinnis dó. Níl sé ach seacht mbliana is tríocha d’aois.

Dhá bhliain déag is trí scór an aois atá ag mo mháthair. Tá sí ag déanamh dearmad ar rudaí. An oiread sin rudaí go bhfuil a cuimhne ar m’aigne go seasta síoraí na laethanta seo.

‘Matán atá san inchinn,’ a mhaígh an damhsóir agus an smaointeoir as Meiriceá, Yvonne Rainer thiar sna 1960í, agus tagaim leis an dearcadh sin.

Tar éis dom roinnt mhaith blianta a chaitheamh leis an scríbhneoireacht chruthaitheach, is léir dom ó mo thaithí féin gur féidir an inchinn a thraenáil cosúil le matán ar bith eile i gcolainn an duine.

Ní haon saineolaí sláinte mé, ach dar liom go luíonn sé le réasún go lagódh an inchinn mura gcuirtear ag obair go tráthrialta í, cosúil le matán ar bith eile.

Bíonn mo mham bhocht á céasadh féin le crosfhocail, puzail sudoku agus araile in iarracht srian a chur leis an díchuimhne. Nuair nach mbíonn sí á crá féin leis na cluichí sin bíonn sí á céasadh féin leis an gceist úd a bhíonn ag dó na geirbe ag oiread seandaoine agus a sliocht: an gnáthdhearmaid atá sa díchuimhne seo nó rud éigin níos measa?

Fadó fadó, ní bhíodh gá ag an duine lena leithéid de rud agus ionad aclaíochta. Cúrsa crossfit a bhí sa saol féin: bhí éadaí le ní, bhí urláir le sciúradh, bhí fóid le hiompú, bhí barraí le cur agus le baint, bhí litreacha le seachadadh ar rothar. Obair láimhe a bhí i ngach rud. 

Thug an teicneolaíocht faoiseamh dár lámha agus thug sí am saor dúinn. Ach i dteannta na teicneolaíochta tháinig na galair a bhaineann le saol an mhadra bháin: an murtall, fadhbanna leis an gcroí, ailse.

Tá an nuatheicneolaíocht mar thaca ag an inchinn seachas an cholainn. Ní chloisfidh tú mise ag rá nach bhfuil buntáistí móra ag baint léi. Ní bheinnse in ann an colún seo a chur chomh fada le Tuairisc.ie agus ní bheifeása in ann é a léamh ar scáileán do ghutháin phóca dá huireasa.

Ach níor cheart dúinn úsáid a bhaint aisti nuair nach mbíonn gá léi nó is muide a bhéas thíos leis amach anseo, nuair nach mbeimid in ann brath ar ár n-aigne féin a thuilleadh.

Ar ndóigh, níl i gcleas mo chara i gcarrchlós ilstórach an ionad siopadóireachta ach sampla amháin den iliomad bealaí ina mbainimid úsáid as an nuatheicneolaíocht inniu chun jabanna beaga fánacha a dhéanamh dúinn. Cúpla svaidhp ar scáileán agus tá fios ár mbealaigh, comhairle teanga nó caidreamh nua againn. Admhaím láithreach nach saoi gan locht atá ionam féin maidir leis an gceist seo, ach mura mbeimid cúramach, tiocfaidh an lá go mbeimid i dtuilleamaí ollchomhlachtaí na nuatheicneolaíochta do chuile bhlúirín eolais a theastódh uainn.

Fág freagra ar 'Matán atá san inchinn agus ná ligimis don nua-theicneolaíocht í a lagú  '

  • Larry Phelan

    Sách ráite, a Alex

  • Mise Áine

    @ an murtall, fadhbanna leis an gcroí, ailse.

    Táim den bharúil go raibh na galair sin riamh ann, a Alex, ach go bhfuil fáil againn ar an eolas fúthu, tríd an teicneolaíocht, sa lá atá inniu ann.

    Bhí an díchuimhne ann, freisin, cheapfainn, ach nach raibh a fhios ag daoine cé chomh forleathan is a bhí/atá sé. Leanbaíocht a thabharfaí ar an díchuimhne sin, seans, ach bhíodh Alzheimers agus néaltrú ar go leor daoine, déarfainn.

    B’fhéidir go ndearna daoine neamhaird de, mar gur ghlac siad leis gur cuid den seanaois a bhí ann? É sin, nó níor ghlac siad leis go raibh sé ag tarlú, ar chor ar bith…séanadh?

    Cibé scéal é, is maith ann í, mar theicneolaíocht, ar go leor bealaí. Ar ndóigh, bíonn fadhbanna, i gcónaí, leis an ‘dul thar fóir’..:-)