‘Masla’ don Ghaeilge nach raibh an tAire Heather Humphreys i láthair sa Dáil do ráitis faoin nGaeilge

Ba é an tAire Airgeadais Michael Noonan an t-aire sinsearach a bhí i láthair chun ráiteas faoin nGaeilge a thabhairt thar ceann an Rialtais

Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland
Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

‘Masla’ don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ab ea é nach raibh an tAire Heather Humphreys i láthair sa Dáil ar maidin agus ráitis faoin nGaeilge á dtabhairt, a dúradh sa Dáil ar maidin.

Ba é an tAire Airgeadais Michael Noonan an t-aire sinsearach a bhí i láthair chun ráiteas faoin nGaeilge a thabhairt thar ceann an Rialtais.

Dúirt ceannaire Shinn Féin Gerry Adams agus na Teachtaí Dála Thomas Byrne (FF), Peadar Tóibín (SF) agus Catherine Connolly (NS) gur masla a bhí ann nach raibh an tAire Humphreys i láthair.

Tháinig an tAire Humphreys isteach sa Dáil níos déanaí agus na ráitis Ghaeilge fós ag dul ar aghaidh.

Deineadh cáineadh láidir chomh maith ar leagan amach na Roinne Forbartha Réigiúnaí, Gnóthaí Tuaithe, Ealaíon agus Gaeltachta agus ar chinneadh an Taoisigh gan Aire Sinsearach le Gaeilge a cheapadh arb í an Ghaeltacht an príomhchúram air.

Dúirt an tAire Airgeadais Michael Noonan go raibh “dúshraith mhaith leagtha faoin Straitéis 20 Bliain ar féidir tógáil uirthi” agus go raibh “dul chun cinn suntasach” maidir leis an bpleanáil teanga sa Ghaeltacht.

Ráiteas sé leathanach a bhí ullmhaithe don Aire Airgeadais ach níor éirigh leis é a chríochnú in am.

Nuair a fógraíodh ar an Aire stop a chur lena ráiteas mar go raibh an t-am istigh, dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Thomas Byrne gur “deireadh seafóideach le ráiteas seafóideach” a bhí ann. D’fhiafraigh Byrne chomh maith an raibh aon iarracht déanta ag Heather Humphreys an Ghaeilge a fhoghlaim, faoi mar a gheall sí nuair a ceapadh ina haire ar dtús í in 2014.

Dúirt Byrne gur ‘ísliú céime’ eile a bhí i gceist le cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta a leagan ar roinn a bhfuil an oiread sin cúraimí eile uirthi.

Dúirt an Teachta Dála Peadar Tóibín go raibh eolas faighte aige nach raibh dualgais na Roinne nua ar a bhfuil cúram na Gaeltachta uirthi fiú amháin aontaithe fós agus go mbeadh dhá mhí eile ann sara mbeadh eagar ar an Roinn nua agus foireann nua i mbun oibre inti.

Ní mó ná sásta a bhí Catherine Murphy (SD) leis an Roinn nua ach an oiread.

“I’m not happy at all about this ‘Miscellaneous Department’ and not suprised there is great resistance to it at the moment,” a dúirt sí.

Cháin Teachtaí Dála éagsúla an easpa maoinithe a chuirtear ar fáil d’eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta, go háirithe Údarás na Gaeltachta.

Dúirt Paul Murphy ón AA gurb é polasaí déine an Rialtais an bhagairt is mó ar an teanga agus ar an nGaeltacht agus gur léirigh na ciorruithe atá déanta ar Údarás na Gaeltachta ‘fimíneacht’ an Rialtais i dtaobh cheist na teanga. Bhí an ‘éagsúlacht teanga’ ar fud an domhain á scrios ag an gcaipitleachas agus bhí gá le feachtas a chur ar bun chun tuilleadh acmhainní a fháil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, a dúirt Murphy.

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly “nach fiú tráithnín” an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge gan na hacmhainní cuí a bheith curtha ar fáil chun feidhm a thabhairt di.

Thagair cuid mhaith Teachtaí Dála do ghéarchéim na teanga sa Ghaeltacht.

“Pass the parcel” a bhí ar bun maidir leis an bpleanáil teanga sa Ghaeltacht agus an cúram á leagan ag Údarás na Gaeltachta ar eagraíochtaí pobail, a dúirt Bríd Smith ón AAA.

Dúirt Catherine Martin ón gComhaontas Glas go gcaithfí tús áite a thabhairt do na ceantair ina bhfuil an Ghaeilge fós in uachtar iontu agus gur ghá tacú le teaghlaigh na Gaeltachta atá ag iarraidh leanaí a thógáil le Gaeilge.

 

 

Fág freagra ar '‘Masla’ don Ghaeilge nach raibh an tAire Heather Humphreys i láthair sa Dáil do ráitis faoin nGaeilge'