Más cúis imní an frithdhaonlathas i gcás na Catalóine, is amhlaidh i gcás Thír na mBascach

350 bliain i bpríosún de bharr achrainn sa tábhairne áitiúil? Tá ‘Cás Altsasu’ ag cothú aighnis agus teannais le bliain anuas i dTír na mBascach

Más cúis imní an frithdhaonlathas i gcás na Catalóine, is amhlaidh i gcás Thír na mBascach

Cúpla seachtain ó shin chuir íomhánna agus físeáin ón gCatalóin alltacht agus déistin araon ar mhuintir na hÉireann agus na hEorpa. Taispeánadh an Guardia Civil, póilíní airm na Spáinne, faoi threoir Mariano Rajoy agus an Partido Popular, agus iad ag dul i muinín na láimhe láidre i gcoinne mhuintir na Catalóine agus iad i mbun vótála.

Agus géarchéim dhaonlathach na Catalóine ag dul chun olcais le roinnt seachtainí anuas, bhain rialtas Maidrid leas as reachtaíocht na Spáinne chun beirt cheannairí de chuid eagraíochtaí sibhialta agus cultúir na Catalóine a ghabháil agus ceannairc a chur ina leith – Jordi Cuixart, uachtáran Òmnium Cultural (grúpa a chuireann teanga agus cultúr na Catalóine chun cinn) agus Jordi Sànchez an ANC (L’Assamblea Nacional Catalana).

Ní réad nua é sin do mhuintir Thír na mBascach, pobal féinrialaithe eile ar leithinis na hIbéire a bhfuil mianta i dtaobh an neamhspleáchais acu. Tá pobal Euskal Herria buartha le fada an lá faoi mhí-iompar an Guardia Civil agus le húsáid, nó mí-úsáid, dlíthe na Spáinne chun gluaiseachtaí agus ceannairí sibhialta a chur faoi chos. In 2003, mar shampla, d’iaigh rialtas na Spáinne an nuachtán Egunkaria – an t-aon nuachtán lán-Bhascaise a bhí ar fáil ag an am – agus gabhadh iriseoirí an nuachtáin de dheasca naisc a measadh a bheith acu leis an ngrúpa armtha ETA. In 2015 gabhadh dháréag dlíodóirí a bhí ag obair ar son cimí polaitiúla Bascacha agus cuireadh coireanna sceimhlitheoireachta ina leith. Tá liosta fada ann d’eachtraí den chineál céanna sin.

Leathnaigh an Partido Popular, le tacaíocht ón bPáirtí Sóisialach, dlíthe frithsceimhlitheoireachta na tíre sa bhliain 2015 chun dul i ngleic, dar leo, le bagairt ISIS tar éis na n-ionsaithe i bPáras. Cáineadh na leasuithe sin go géar, toisc go mbaineann solúbthacht agus teimhneacht le sainmhíniú na sceimhlitheoireachta sa reachtaíocht nua, sa chaoi gur féidir leis an rialtas coireanna sceimhlitheoireachta a bhaisteadh ar réimse leathan oilghníomhartha fiú mura bhfuil bunús ar bith ag baint leis na cúisimh chéanna. Cháin an eagraíocht idirnáisiúnta Amnesty na dlíthe nua sin, agus mhaíodar go bhféadfadh an oiread sin coireanna titim anois faoi scáth na sceimhlitheoireachta go gcaillfí bunchiall an téarma. Dúradar chomh maith gur sháraigh reachtaíocht Mhaidrid bunchearta daonna.

Cás Altsasu

Tá cás ar leith amháin ag cothú aighnis agus teannais le bliain anuas i dTír na mBascach agus is sampla glé eile é den chineál cur chuige frithdhaonlathach a chonacthas sa Chatalóin le tamall anuas.

Ar an 15 Deireadh Fómhair 2016 ar a cúíg  a chlog ar maidin, tharla scliúchas i dteach tábhairne áitiúil in Altsasu, baile beag in Nafarroa/Navarra Thír na mBascach ina bhfuil tuairim is 7,000 duine ina gcónaí. Ní léir go fóill cad go díreach a tharla ach chuaigh beirt bhall de Ghuardia Civil na Spáinne, nach raibh ar dualgas, sna lámha le scata ógánach agus de thoradh na troda fágadh póilín amháin le rúitín bhriste. De réir fhigiúirí rialtas na Spáinne féin, tharla breis is 9,500 eachtra den chineál céanna in 2016. Tugtar atentado contra la autoridad nó ‘ionsaí i gcoinne an údaráis’ ar choireanna den chineál sin de ghnáth agus ní ghearrtar ach mionphionós nó fíneáil dá mbarr go hiondúil. Tharla an eachtra áirithe seo i dTír na mBascach, faraor.

Cuireadh i leith na n-ógánach nach scléip faoi thionchar an óil ag uair mharbh na hoíche a bhí san eachtra fhánach sin ach iarracht réamhbheartaithe, faoi threoir ETA iad féin, an ruaig a chur ar Ghuardia Civil an bhaile. Chuige sin, cuireadh coireanna sceimhlitheoireachta ina leith.

Cuireadh cúisimh i leith ochtair agus tá triúr acu – Adur Ramirez de Alda, Oihan Arnanz agus Jokin Unamuno – fós i bpríosún ag fanacht le héisteacht cúirte, 500 míle óna mbaile dúchais de bharr an pholasaí scaipthe atá ag rialtas na Spáinne. Faoin bpolasaí úd, cuirtear cimí polaitiúla Bascacha – agus táthar ag déileáil leis an triúr ógánach mar chimí polaitiúla – i bpríosúin ar fud na Spáinne agus na Fraince ionas go mbeidh ar a muintir tabhairt faoi aistir fhada le cuairt a thabhairt orthu. Dar ndóigh, cothaíonn an polasaí áirithe sin neart déistine i dTír na mBascach. Amhail an reachtaíocht frithsceimhlitheoireachta, is polasaí é atá cáinte ag eagraíochtaí agus institiúidí idirnáisiúnta. Tá pianbhreith suas go 375 bliain, 47 bliain ar meán, iarrtha ag an ionchúisitheoir poiblí an Audencia Nacional (cúirt náisiúnta ina dtriailtear cásanna eisceachtúla) d’ochtar Altsasu, pianbhreith níos géire ná mar a bhíonn i gcásanna dúnmharuithe agus éignithe fiú. 

Tá teannas idir muintir na háite agus an Guardia Civil le fada an lá i dTír na mBascach. Tá 40 beairic ag an nGuardia Civil in Hego Euskal Herria, an chuid sin de Thír na mBascach a chuimsíonn ceithre chúige i dtuaisceart na Spáinne, gan trácht ar phóilíní áitiúla ná póilíní cathracha an cheantair. Tá seisear póilíní ann do gach míle saoránach (beirt phóilíní do gach míle saoránach a mholann an tAontas Eorpach). Tá beairic amháin acu in Altsasu féin agus dar le muintir na háite go gcothaíonn baill an Guardia Civil atmaisféar ansmachtach agus leatromach sa bhaile. Déantar féile Ospa Eguna (Lá an Teite) a cheiliúradh chuile bhliain in Altsasu le léirsiú ina gcoinne agus chun aird an phobail i gcoitinne a tharraingt ar an líon ard póilíní atá i láthair sa mbaile.

Dar ndóigh tá muintir Altsasu, tuismitheoirí agus gaolta na n-ógánach ach go háirithe, ag cur i gcoinne na gcúiseamh go tréan agus tá ollghluaiseacht shóisialta spreagtha ag an gcás. Dar leo go ndeachaigh rialtas na Spáinne agus an Guardia Civil thar fóir ón tús, ach go háirithe sa chaoi ar gabhadh deichniúr ar aon mhaidin amháin ar an 14 Samhain anuraidh agus iad ar a mbealach chun na hoibre agus chun na hollscoile. Aistríodh an deichniúr go Maidrid láithreach bonn. Thug 20,000 duine faoi shráideanna Altsasu i mí na Samhna seo caite ag léirsiú go tostach ar son na n-ógánach agus tá a dtacaíocht tugtha ag Comhairle Bhaile Altsasu féin, ag Parlaimint Nafarroa/Navarra agus ag baill éagsúla de Pharlaimint na hEorpa do na hógánaigh agus dá muintir.

Tháinig cor eile sa scéal le cúpla lá anuas agus é tagtha chun solais gur scaip baill an Guardia Civil taifeadadh de chruinniú príobháideach a bhí ag triúr Altsasu lena ndlíodóir anuraidh – glacadh taifeadadh le micreafón ceilte.

Níl dáta cúirte leagtha síos go fóill ach leanfar le feachtas na dtuismitheoirí go dtí go mbainfear ceartas amach dá ngasúir. Mar sin féin, is léir ón méid atá ag titim amach sa Chatalóin le tamall anuas agus ó dhearcthaí stairiúla an rialtais i leith Thír na mBascach go bhféadfadh rud ar bith tarlú.

Gach seans go bhfuil imní ar phobal Altsasu go bhfuil a mbreithiúnas déanta cheana ag cúirteanna na Spáinne.