MÁRTAN Ó CIARDHA: Níl faic as cor leis na rialacha, níl ann ach iad a chur i bhfeidhm

Cinntí tromchúiseacha déanta ag bainisteoirí ach cinneadh éasca le déanamh faoin gcárta dubh

MÁRTAN Ó CIARDHA: Níl faic as cor leis na rialacha, níl ann ach iad a chur i bhfeidhm

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Bhí leid faighte luath go leor agam Dé Sathairn seo caite go mbeadh athrú nach raibh aon súil leis curtha ag Stephen Rochford ar fhoireann Mhaigh Eo nuair a thiocfadh siad chun páirce san athimirt ar Chluiche Ceannais Peile na hÉireann níos deireanaí sa lá – blas ar bith ach gur chreid mé é, déanta na fírinne. Ar an gcéad dul síos ní raibh aon nod le fáil ina shaol bainistíochta go dtí seo gur nós leis a leithéid a dhéanamh agus sa mullach air sin, bhí amhras orm faoi bhunús an luaidreáin.

Ar thraein moch maidine as Gaillimh go Bleá Cliath a bhí mé, í lán go boimbéal ag lucht leanta Mhaigh Eo agus iad ar a mbealach go Páirc an Chrócaigh. Ba as deisceart an chontae an triúr a bhí timpeall an bhoirdín ag a raibh mé féin suite – ógbhean agus beirt leaideanna.

Bhí siad thar a bheith eolach ar an bpeil Ghaelach agus go deimhin d’imir duine acu do Mhaola i bPáirc an Chrócaigh níos luaithe i mbliana nuair a fuair Cathair Saidhbhín an lámh in uachtar orthu i gcluiche ceannais na gclubanna idirmheánacha.

Níorbh iad mo phlait agus roic m’éadain amháin a léirigh an bhearna aoise a bhí eadrainn. Ba mise an t-aon duine a raibh páipéir nuachta os a chomhair. Teileafóin phóca, mo léan, a bhí acusan agus chuir lúth na méar i gcuimhne dom gurbh í mórán an cheird chéanna a bhain leis an gcniotáil a d’fheicfeá ar bun ar a leithéid d’aistear fadó.

Bhí muid ag déanamh isteach ar Bhaile Átha Luain tráth a dtáinig ‘ping’ as teileafón dhuine de na cniotálaithe agus nuair a bhí a raibh os a chomhair léite aige, d’aithneofá nach mba ghnáthscéal a bhí tagtha.

“Ó chara liom i Dubai a tháinig sé seo,” a deir sé, “agus má tá an ceart aige, is é Rob Hennelly a bheas mar chúl báire ag Maigh Eo inniu in áit David Clarke.”

Ciúnas.

An seanóir ba thúisce a labhair. “Is beag cluas a thabharfainn dá leithéid,” a deirimse. “Níl a fhios agam ar fhreastail mé ar Chluiche Ceannais na hÉireann riamh nach mbeadh scéal i mbarr bata éicint ag dul an bealach maidin na himeartha faoi ghortú a bheith ar imreoir éicint, nó duine a bhain leis a bheith básaithe nó ar leaba a bháis.”

All-Ireland Senior Football Championship Final Replay, Croke Park, Dublin 1/10/2016 Dublin vs Mayo Referee Maurice Deegan black cards Jonny Cooper of Dublin Mandatory Credit ©INPHO/James Crombie
Pictiúr: INPHO/James Crombie

“D’fhéadfadh bunús maith a bheith leis an gceann seo muise,” a deir mo chara, “mar bhí an té a sheol é ag imirt le Maigh Eo go dtí le gairid agus tharlódh go mbeadh níos mó eolais aige ná go leor, fiú agus é i Dubai.”

Faoin am ar chaith Maurice Deegan isteach an liathróid i bPáirc an Chrócaigh cúpla uair an chloig ina dhiaidh sin, bhí a fhios againn nárbh aon luaidreán ar bith a bhí tagtha chomh fada linn ach fírinne. Faoin am ar shéid sé an fheadóg don uair dheireanach, ba léir go mba é socrú an bhainisteora ba mhó a d’fhág a rian ar imeachtaí an lae.

Is fíor go ndearna bainisteoir Bhleá Cliath, Jim Gavin, athruithe nach raibh aon súil leo ar a fhoireann féin nuair a d’fhág sé Alan Brogan, Michael Darragh McCauley agus David Byrne ar an taobhlíne, ainneoin iad a bheith ainmnithe.

Tá mé cinnte go ndearna sé dianmhachnamh i gcás an Bhrógánaigh go háirid.

Níos minice ná a chéile, is é a aghaidh siúd éadan pheileadóirí na ‘Dubs’. Níl tráthnóna ar bith nach bhfuil sé le feiceáil ar an teilifís. Sa gclár a cheannaigh tú ag Cluiche Ceannais comhscóir na hÉireann i mbliana, bhain ceithre leathanach iomlán le fógraí ina raibh sé. Dá mba é an scéal a bhí ag ár gcara i Dubai dúinn gur i measc na n-ionadaithe a bheadh Bernard nuair a thosódh an cluiche, ’sí an bharúil chéanna a bheadh agam dó agus a bhí nuair a thuar sé David Clarke a bheith imithe.

Glac an bheirt bhainisteoirí cinntí tromchúiseacha mar sin, ach bhí na cinn a rinne Gavin beagán níos éasca sa méid agus go raibh a fhios aige go dtiocfadh Brogan agus McCauley chun páirce ag tráth éicint den imirt. An beartas ba chróga a rinne seisean ar bhealach ná tosach nach raibh aon scór faighte aige i gcraobh na bliana seo a thabhairt isteach ag tarraingt ar an deireadh agus gan ag a fhoireann ach farasbarr aon chúilín amháin. In imeacht nóiméid bhí siad trí cinn chun tosaigh ag Cormac Costello.

Ba é cluiche deireanach an tséasúir an ceann ba dhrámatúla i gcraobh a bhí ar bheagán dea-pheile. Tá súil agam freisin gurb é an cluiche deireanach craoibhe é ina bhfacthas an cárta dubh, nach bhfuil tagtha as ach millteanas ó tugadh isteach é ar mhaithe le deireadh a chur le ‘feallanna soiniciúla’.

Taispeánadh cárta dubh do Lee Keegan Dé Sathairn seo caite as feall go mba bheag soiniciúlacht a bhí ag baint leis i gcomparáid leis na cinn a thit amach idir é féin agus Diarmuid Connolly le linn na huaire go leith a bhí caite acu ag streachailt agus ag tarraingt a chéile go dtí sin Dé Sathairn agus sa gcluiche comhscóir.

Tharla sin agus seisear (idir mhaoir chúil agus taobhlíne) ar chiumhaiseanna na páirce, a raibh amharc maith acu ar iompar na beirte. Níl faic as cor leis na rialacha. Níl ann ach iad a chur i bhfeidhm.

Fág freagra ar 'MÁRTAN Ó CIARDHA: Níl faic as cor leis na rialacha, níl ann ach iad a chur i bhfeidhm'

  • mohallurain

    Má cuirtear na rialacha i bhfeidhm i gceart, ni bheadh aon imreoir fágtha ar an bpáirc (seachas na culbáranna).
    Agus sin i an fhadhb, maidir leis an bpeil gaelach!

  • Ciaran Mac Annraoi

    Ní chialaíonn sin ach nach bhfuil aon aird ag na himreoirí ar na rialacha agus nach bhfuil na réiteoirí, maoir cúil/líne á gcur i bhfeidhm mar ba cheart dóibh a bheith.