MÁRTAN Ó CIARDHA: ‘Mallacht an Phocaide’ curtha de dhroim seoil ag na Cubs!

Nuair a taispeánadh an doras i Wrigley Field don ghabhar agus dá chomrádaí, bhí 37 bliain caite ag na Cubs gan an chraobh ba mhó sa spórt sin a bheith buaite acu

MÁRTAN Ó CIARDHA: ‘Mallacht an Phocaide’ curtha de dhroim seoil ag na Cubs!

Cúpla seachtain anois ó rinne mé cur síos ar an mallacht a chuir úinéir an ‘Billy Goat Tavern’ i Chicago ar fhoireann baseball na Cubs ansiúd mar gur caitheadh é fhéin agus a phocaide gabhair amach as cluiche de chuid an World Series i 1945. Seift phoiblíochta a bhí sa ngabhar ar ndóigh.

Nuair a taispeánadh an doras i Wrigley Field don ghabhar agus dá chomrádaí bhí 37 bliain caite ag na Cubs gan an chraobh ba mhó sa spórt sin a bheith buaite acu. Go dtáinig maidin Déardaoin na seachtaine seo caite bhí 71 cuairt eile tugtha ag Deaide na Nollag ar ‘Chathair na Gaoithe’ agus gan an chraobh ina mhála aige.

Ba thrua ar bhealach nárbh ar láthair na mallachta a cuireadh chun báis í Déardaoin seo caite. Níorbh ea, ach 300 míle ó bhaile i Cleveland Ohio, áit ar bhuaigh na Cubs ar Indians na cathrach sin, sa gceann deireanach de na seacht gcluiche craoibhe a imríodh eatarthu don World Series.

Ach ansin arís eile, b’fhéidir nárbh ea, mar ba iad na Indians a bhuaigh péire de na trí chluiche a imríodh i Chicago an tseachtain roimhe agus dá mbeadh siad in ann ceachtar den dá chluiche dheireanacha a imríodh ina gcathair féin a bhuachan, is iadsan anois a bheadh ag ceiliúradh.

Agus seacht gcinn de na naoi ndreas imeartha a bhíonn i gcluiche baseball déanta maidin Déardaoin, bhí na Cubs chun cinn ar a gcompord, 6-3. Shocraigh a mbainisteoir Joe Maddon go raibh sé in am Aroldis Chapman a chur ag caitheamh na liathróide, mar a dhéanann sé go hiondúil sna cúpla dreas deiridh dá fhoireann.

Socrú a bhí ann ar dhóbair dó an deireadh tubaisteach céanna a bheith ag baint leis agus a bhain le roghnú Robert Hennelly i gCluiche Ceannais Peile na hÉireann. Go hiondúil bíonn luas os cionn 100 msu leis an liathróid a chaitheann Chapman. An oíche faoi dheireadh ba bheagán le cois 90 msu a bhí na cinn ba thapúla acu agus thug sin seans do na Indians a theacht ar chomhscór.

Múr báistí a shábháil na Cubs agus a chroch an pocaide.

Cuireadh bratach ar an bpáirc agus chaith na foirne 17 nóiméad sna seomraí feistis ag fanacht go nglanfadh an spéir.

Nuair a thosaigh an imirt arís, scóráil na Cubs faoi dhó ag tús an 10ú dreas agus cé go bhfuair na Indians ceann freisin nuair a chuaigh siadsan i mbun buailte, chinn orthu cur leis agus lena mbua 8-7, ba iad foireann Chicago curaidh an World Series den chéad uair ó 1908.

Tá ceangail láidre idir an chathair sin agus an tír seo ar ndóigh, mar atá fíor freisin i gcás Nua-Eabhrac, Bhostún agus Philadelphia, cé gur cathracha i bhfad níos sine iad sin, rud a d’fhág nár caitheadh chomh dona le hÉireannaigh i Chicago sna 1800idí agus a caitheadh sna háiteacha eile.

Ba sa tír seo a rugadh 70,000 den daonra a bhí i Chicago in 1870, tráth arbh Éireannaigh iad 30% de phóilíní na cathrach. Bhí baint mhór ag ceannasaí dá gcuid, Francis O’ Neill le hathbheochan an Cheoil Ghaelaigh agus maireann cáil an Mhéara Richard Daley go fóill freisin.

Bhíodh tuairiscí ar na cluichí gaelacha i nuachtáin Chicago chuile sheachtain chomh fada siar le 1905, foireann iomána darbh ainm ‘Na Mathúnaigh’ ann agus bhí 30,000 duine i láthair ar Pháirc na nGael nuair a reáchtáladh Cluichí Tailteann ansiúd i 1913.

Maireann cáil Kate O’Leary agus an bhó a bhí aici freisin, cé i ndeireadh báire gur cosúil gur éagóir a rinneadh ar an mbean bhocht.

Nuair a scrios tine cuid mhaith de chathair Chicago sa mbliain 1871, buaileadh an milleán ar Kate agus dúradh gur cic a thug an bhó do laindéar agus í á bleán ba chúis leis an tine. Caitheadh amhras ar an scéal ina dhiaidh sin.

Ach, tá rud amháin a bhféadfaidh tú a bheith siúráilte faoi . Ní bhlífear aon bhó i Chicago an deireadh seachtaine seo!