MÁRTAN Ó CIARDHA: In am ag údaráis spóirt na hÉireann bogadh i leataobh ó na spóirt thraidisiúnta

Is fiú comparáid a dhéanamh idir an cúnamh stáit atá ar fáil don spórt sa Nua-Shéalainn agus in Éirinn

MÁRTAN Ó CIARDHA: In am ag údaráis spóirt na hÉireann bogadh i leataobh ó na spóirt thraidisiúnta

Gary O'Donovan ag ceiliúradh i Rio. INPHO/Morgan Treacy

Taca an ama seo seacht mbliana ó shin nó mar sin, casadh bean óg atá ar m’aithne orm agus scéal aici dom go raibh sí ag athrú poist. Bhí ardcháilíochtaí acadúla ag an mbean chéanna seo, ach ó bhí sí ina girseach ba i spórt na rámhaíochta a bhí a croí – cáilíochtaí cóitseála bainte amach aici agus í i mbun oiliúna ar dhaoine óga a bhí ag dul don rámhaíocht ina baile dúchais.

Anois, a dúirt sí liom, bhí sí le dul ag plé leis an rámhaíocht go lánaimseartha, ach go raibh uirthi a dhul go Sasana, áit a raibh post mar chóitseálaí faighte aici leis an eagraíocht atá ag plé leis ansiúd, British Rowing.

Bhí a fhios agam go raibh an rámhaíocht ar cheann de na spórtanna a raibh na húdaráis sa mBreatain dírithe air ó thús na Mílaoise agus le cabhair ón gCrannchur Náisiúnta ansiúd súil acu go mbeadh toradh a gcuid oibre le feiceáil ag Cluichí Oilimpeacha agus ag Craobhacha eile sna blianta le theacht.

Go traidisiúnta ba le ‘bocanna móra’ galánta Oxford, Cambridge agus Henley a bhíodh an rámhaíocht luaite, ach sna 1980idí agus 90idí chruthaigh Steve Redgrave agus a leithéidí gur bhain an spórt le clann tógálaithe agus a leithéid freisin.

Nuair a chas mo chara óg arís dom faoi Nollaig agus í sa mbaile ar saoire mhínigh sí dom cén cúram go díreach a bhí uirthi. Bhain cuid dá seachtain oibre le hoiliúint ar bhruach na habhann, ach bhain an chuid eile le bheith ag póirseáil trí scoileanna na Breataine ar thóir cailíní óga a raibh mianach an dea-iomróra iontu – fiú murar shuigh siad i mbád riamh, ach airde agus meáchan áirid a bheith iontu (agus beagán suime san obair), tugadh seans dóibh faoi scéim a raibh GB Rowing Team Start mar ainm air.

Seacht mbliana ó shin ba í an teachtaireacht a bhí aici dom, “tá muid ag díriú ar na Cluichí Oilimpeacha – cinn Rio anois atá i gceist agam, tá an obair ar chinn Londan críochnaithe le fada”.

Chuimhnigh mé go minic uirthi agus mé ag féachaint ar an iomaíocht as Rio le cúpla seachtain anuas nuair a thug criúnna Briotanacha trí bhonn óir agus péire airgid abhaile leo as Murlach Rodrigo de Freitas – an 3ú huair as a chéile acu a bheith ar an tír ab fhearr a rinne sa rámhaíocht.

Agus sin ráite ní raibh siad ach in áit na leathphingine i gcomparáid le Donnabhánaigh an Sciobairín. Fág ag na fataí agus ag na madraí é!

Iadsan agus Annalise Murphy a bhuaigh an dá bhonn. Seachas iadsan is díomuach go maith a bheadh na hÉireannaigh eile lena gcuid iomaíochta seachas Thomas Barr, Rob Heffernan, Sinéad Lynch, Claire Lambe , an tumadóir Oliver Dingley, an snámhaí Shane Ryan agus an reathaí Fionnuala McCormack a sháraigh a gcuriarrachtaí pearsanta chomh maith le Natalya Coyle agus Arthur Lanigan-O’ Keefe sa nuapheantatlan.

77 iomaitheoir a chuir Éirinn chuig Rio agus gan dabht ar bith ba ag an ochtar dornálaithe ba mhó a bhí údar díomá. Ba iad freisin ba mhó díol trua, gadaíocht a rinneadh ar Michael Conlon, cé nach mbeinn chomh láidir céanna i dtaobh chás Katie Taylor, b’fhurasta a bheith den tuairim go raibh a dóthain déanta aici.

Is mé an duine deireanach a dhéanfadh cáineadh ar aon lúthchleasaí, ach sí mo bharúil anois go bhfuil sé in am ag údaráis spóirt na hÉireann bogadh i leataobh ó na cinn thraidisiúnta.

Feicim pointe san argóint go bhfuil sé tuillte acu siúd is fearr ina dtíortha féin an fód a sheasamh ag leithéidí na gCluichí Oilimpeacha, beag beann ar sheans a bheith acu bonn a bhuachan. Ach, mar atá a fhios againn ar fad a bhfuil coicís caite againn os comhair na teilifíse, is iad na boinn chéanna sin tús agus deireadh gach scéal.

Más iad sin atá uainn, cén fáth nach ndéanann muid aithris ar phlean rámhaíochta na Sasanach agus díriú isteach ar mhionspórtanna nach mbíonn an iomaíocht chomh géar céanna iontu agus a bhíonn ar an traic nó sa línn snámha – an Lámh-Pheil Oilimpeach cur i gcás arb iad bunscileanna na gCluichí Gaelacha atá ina ceartlár – liathróid agus comhordú idir lámh agus súil.

Tá seoltóireacht ar cheann eile, iomrascáil agus tógáil meáchain, spórtanna inar bhain Gaeil barr feabhais amach san am atá caite.

Níl aon réiteach cinnte ar an argóint ar ndóigh. Tá 1.2 billiún duine san India. 116 lúthchleasaí a chuireadar chuig Rio – bonn cré-umha sa bhadmantan agus ceann eile san iomrascáil a thugadar abhaile leo.

Bheadh sé níos réadúla is dócha comparáid a dhéanamh idir muid féin agus tíortha a bhfuil mórán an daonra céanna linn iontu – an Nua-Shéalainn mar shampla, nó an Chróit.

Mórán ar an dul céanna le méid na foirne s’againn féin a bhí ceann na Cróite (87 lúthchleasaí acusan). 10 mbonn a thug siad sin abhaile – trí cinn ar an traic agus boinn freisin ag dornálaíocht, rámhaíocht, seoltóireacht, póló uisce agus caitheamh le gunna.

Bhí beagnach a thrí oiread ar fhoireann na Nua-Shéalainne (199) agus a bhí againne. Thugadar sin 18 bonn abhaile , ach ní raibh acu sna comórtas raoin agus faiche ach 14 duine (19 againne).

Bíodh gurb iad na rásaí raoin seoid na gCluichí Oilimpeacha, níl buaite againn iontu ach trí bhonn ó thug Ronnie Delaney an t-ór leis trí scór bliain ó shin. Sa tréimhse chéanna tá a hocht n-oiread tugtha leo ag Éireannaigh i spórtanna eile.

Suimiúil freisin comparáid a dhéanamh idir an cúnamh stáit atá ar fáil don spórt sa Nua-Shéalainn agus in Éirinn, áit ar bunaíodh an Crannchur Náisiúnta i 1986 ar mhaithe le maoiniú a dhéanamh ar “spórt, caitheamh aimsire, sláinte agus leas an phobail, ár n-oidhreacht náisiúnta, na healaíona, teanga na Gaeilge agus an timpeallacht.” – sin gur shocraigh siad siúd a bhí i gcumhacht greim amplach a fháil air agus é a dhíol leis an earnáil phríobháideach i ndeireadh báire.

Is é Crannchur Náisiúnta na Nua-Shéalainne a dhéanann maoiniú ar Chomhairle Spórt na tíre sin freisin agus le 3 bliana tá €100milliún caite acu ar spórtanna éagsúla.

Seo sracfhéachaint ar chuid de na deontais a thug siad amach anuraidh agus figiúirí na hÉireann don bhliain chéanna i lúibíní : rámhaíocht €3.3m (€208,000); rothaíocht €3m (€300,000); seoltóireacht €2.2m (€322,000); raon & faiche €1.4m (€885,000); trí-atlan €800,000 (€98,000).

Fág freagra ar 'MÁRTAN Ó CIARDHA: In am ag údaráis spóirt na hÉireann bogadh i leataobh ó na spóirt thraidisiúnta'