Cosaint láidir déanta ag Joe Christle ar an IABA i ndiaidh chonspóid Walsh

Is cuma más ag teacht leis a bhí tú nó a mhalairt, is deacair a rá nach ndearna Uachtarán Chumann Dornálaíochta na hÉireann, Joe Christle, cosaint láidir ar a eagraíocht

IABA and Sport Ireland Appear Before Joint Committee on Transport and Communications, Leinster House, Dublin 28/10/2015 Pictured (L-R) IABA Chairman of the Board of Directors Joe Christle, IABA President Pat Ryan, IABA CEO Fergal Carruth and IABA Director Ciaran Kirwin arriving at Leinster House this morning Mandatory Credit ©INPHO/Dan Sheridan
Baill den IABA. Tá Joe Christle ar chlé  ©INPHO/Dan Sheridan

Is cuma más ag teacht leis a bhí tú nó a mhalairt, is deacair a rá nach ndearna Uachtarán Chumann Dornálaíochta na hÉireann, Joe Christle, cosaint láidir ar ghníomhartha a eagraíochta le seachtain anuas agus é ag tabhairt taobh an IABA den aighneas a fhágann gurb iad dornálaithe ban na Stáit Aontaithe a bhainfidh sochar feasta as cumas oiliúna Billy Walsh.

Ní haon ábhar iontais é sin. Bheadh sé ina mhianach, mar go mbaineann Christle le ceann de na teaghlaigh is mó le rá i spórt na hÉireann, ní áirím spórt na dornálaíochta. Bhuaigh sé féin agus beirt deartháireacha leis Craobhacha Sinsireacha na hÉireann ar oíche stairiúil sa Staid Náisiúnta i 1980, Joe i roinn an trom-mheáchain, Mel sa roinn is troime ar fad agus Terry i roinn an mheán-mheáchain.

Bhí deis acu triúr a bheith san iomaíocht don fhoireann dornálaíochta a roghnófaí le dul chuig na Cluichí Oilimpeacha i Moscó ach, iorónta go leor, tharla conspóid idir iad agus an IABA mar go raibh muintir Christle ag iarraidh a gcuid ullmhúcháin a dhéanamh faoin oilúnaí a bhí acu i gColáiste na Tríonóide (Fred Tiedt), agus gur dhiúltaigh siad a bheith páirteach sa gcampa a bhí ar bun do na seaimpíní náisiúnta eile.

Mac léinn dlí ab ea Mel nuair a bhuaigh sé an Chraobh Náisiúnta i 1977 agus, an bhliain dar gcionn, rinne a dheartháir Terr, mac léinn leighis, amhlaidh.

Ach ba oíche faoi leith an 7 Márta 1980 ar an gCuarbhóthar Theas nuair a bhuaigh an triúr le chéile – Terry ar dtús, ag fáil an bhua ar Tony de Loughrey as Luimneach ar phointí, ansin Joe a fuair an ceann ab fhearr ar Willie Drohan as Cnoc an Arbhair in imeacht 90 soicind; agus an 3ú bonn ag muintir Christle díreach ina dhiaidh sin nuair a chuir Mel dornálaí as na Mullaí i Muineachán darbh ainm Frankie Lambe ar a thóin faoi thrí sa dá bhabhta ba thúisce.

Bhí an triúr acu i dteideal a bheith san iomaíocht ar Chraobhacha Dornálaíochta na France freisin mar go mba as an tír sin an dá máthair agus bhuaigh Terry craobh meán-mheáchan na tíre sin i 1977. Poblachtánach ab ea a n-athair, Joe Christle Sinsireach, fear a raibh baint mhór aige le bunú an Rás Tailteann i 1953. Bhí scoilt mhór i gcúrsaí rothaíochta ag an am agus trí eagraíocht éagsúla ina bhun – Cumann Roghaíochta na hÉireann (CRE), a d’eagraigh rásaí ó dheas den teorainn, an Northern Ireland Cycling Federation (NICF), a rinne amhlaidh ó thuaidh, agus an eagraíocht lenar bhain Christle, an Cumann Náisiúnta Rothaíochta (NCA), nár thug aitheantas d’aon teorainn.

Ba mhinic a tharla scliúchais nuair a chuaigh an Rás Tailteann trasna na teorann agus an trídhathach ar foluain ag gluaisteáin a bhí á leanacht. Ní raibh aon aitheantas idirnáisiúnta ach oiread ag an NCA agus tharla réabadh le hais an bhóthair cúpla uair nuair a shíleadar, dá uireasa sin, foirne a chur chun iomaíochta thar lear.

Tharla a leithéid ag Craobhacha an Domhain san Iodáil i 1955 agus ag Cluichí Oilimpeacha Melbourne an bhliain dar gcionn, áit ar shíl buaiteoir Rás Tailteann, Paudie Fitzgerald, agus beirt eile, dul sa rása, ainneoin foireann ‘oifigiúíl’ de chuid na tíre seo a bheith ag an líne freisin. Gan aon uimhreacha a bheith ar gheansaithe an Ghearaltaigh ná a chomrádaithe a lig an cat as an mála.

Déanadh amhlaidh ag Cluichí Oilimpeacha Munich. Sa gcás seo, ní hamháin gur éirigh le lucht an NACA a dhul chun bóthair, ach chaith duine acu tamall ar cheann an ráis agus é ag cinniúint ar aon duine a dhéanamh amach cérbh é féin.

Ba nós le Joe Christle a chlann mhac a chur go Conamara chuile bhliain le snas a chur ar an nGaeilge a bhí á teagasc dóibh i Scoil Ui Chonaill ag Micheál Ó Muircheartaigh agus d’fhreastail Joe, Terry agus Mel ar Scoil Náisiúnta Sailearna sna hAille.

Go gairid tar éis dóibh na Craobhacha Náisiúna Aimitéireacha sin a bhuachan i 1980, chuaigh Terry agus Joe Christle ag plé leis an spórt go gairmiúil.

Bhuaigh Terry ceithre throid in Éirinn agus ceithre cinn eile sa Ríocht Aontaithe sular thug sé aghaidh ar na Státaí i 1982 agus é cáilithe mar dhochtúir ag an tráth sin. Bhí é ag obair in ospidéal i mBostún agus thosaigh sé ag traenáil sa ngiomnáisiam cáiliúil a bhí ag Goody agus ag Pat Petronelli i Brockton lasmuigh den chathair sin, áit a mbíodh Marvin Hagler, a leasdearthair Robbie Simms agus, ina dhiaidh sin, Steve Collins lonnaithe.

Throid Terry seacht n-uaire eile ar fud Mheiriceá, Ceaser’s Palace i Las Vegas san áireamh agus bhuaigh chuile cheann acu cé is móite den cheann deireannach ar fad a chaill sé ar phointí in Atlantic City i 1987.

Tá sé ag obair mar mháinlia i gCill Chainnigh sa lá atá inniu ann. Naoi n-uaire a throid Joe Christle go gairmiúil – bhuaigh sé 6 cinn, ar comhscór i gceann agus buadh air sa bpéire eile.

Tá scéal thar a bheith suimiúil ag baint le ceann amháin acu, babhta a troideadh i Lewisham Town Hall in iardheisceart Londain ar an 5 Aibreán 1982. Dornálaí as Ros Muc, Máirtín Ó Nia a throid in aghaidh Joe agus níl a fhios agam ar tharla sé ariamh, roimhe nó ina dhiaidh, gur thug beirt Ghaeilgeoirí aghaidh ar a chéile i gcró dornálaíochta i mbabhta gairmiúil.

Is cuimhin liom a bheith ag cur na beirte faoi agallamh cúpla lá roimh an troid ar Raidió na Gaeltachta. “Meas tú ar Gaeilge nó Béarla a labhróidh sibh, a Mháirtín,” a d’fhiafraigh mé d’fhear Ros Muc. “Ní mórán de cheachtar teanga a bheas eadrainn, déarfainn,” an freagra a fuair mé.

Fág freagra ar 'Cosaint láidir déanta ag Joe Christle ar an IABA i ndiaidh chonspóid Walsh'