MÁRTAN Ó CIARDHA: Gaiscígh na Gaillimhe ar thalamh réidh

Beirt mharcach as Gaillimh iad Graham Lee agus Dougie Costello a chuaigh ar mhalairt treo agus formhór a saoil caite acu ag léimrásaíocht

MÁRTAN Ó CIARDHA: Gaiscígh na Gaillimhe ar thalamh réidh

Pictiúr: INPHO/Lorraine O'Sullivan

Thart ar an meáchan agus an airde céanna le stócach 14 bliana d’aois a bhíonn an marcach capall a bhíonn ag saothrú ar an talamh réidh na laethanta seo – sin idir 4’ 10” (149 cm) agus 5’ 6” (168 cm) ar airde  agus tuairim 8½ gclocha (53 kg) meáchain.

Bíonn na léimmharcaigh níos troime agus níos airde ná sin. Tá Ruby Walsh 5’ 10” (178 cm) agus é tuairim 10 gclocha meáchain (63.5 kg) nuair is rogha leis sin.

Ar an talamh réidh atá an t-airgead mór le déanamh agus dá réir is air sin a dhíríonn formhór na ndaoine óga a bhíonn ag iarradh maireachtáil a bhaint as an gceird. Go fiú Tony McCoy ba i stábla an traenálaí ar an talamh réidh, Jim Bolger, a thosaigh sé agus ba rás den chineál sin i nDurlas an ceann ba thúisce a bhuaigh sé in aois a 17 bliain.

Ach, faoin am a raibh McCoy bliain níos sine agus an tráth dá shaol sroichte aige ina dtagann deireadh le fás an duine, bhí an airde aige (agus an meáchan) a d’fhág gur ar na léimeanna a chaithfeadh sé díriú, rud a rinne sé agus a chuaigh go maith dó.

Is iomaí sin léimmharcach eile a bhfuil an bóthar céanna sin taistealta aige agus fágann nádúr an duine agus an próiseas a bhaineann leis an gcolainn agus í ag teacht in inmhe gur annamh a fheictear a mhalairt sin – duine a bheadh ag saothrú thar na léimeanna ag filleadh ar an talamh réidh.

Ach tarlaíonn sé anois agus arís agus nach díol suime gur ag beirt Ghaillimheach is deireanaí atá sé déanta ar thraiceanna móra rásaíochta na Breataine.

I gCathair na dTreabh féin a rugadh Graham Lee, a chuaigh chuig stábla Noel Meade agus gan é ach 15 bliain d’aois agus as sin go tuaisceart Shasana, áit ar éirigh thar cionn leis agus é ag marcaíocht do na traenálaithe Howard Johnson agus Ferdie Murphy. (Tráthúil go leor ba Ghaillimheach eile, Paddy Brennan as Ard Raithin, a ghlac a áit nuair a thit Lee agus Johnson amach lena chéile).

Sa mbliain 2004 ba é Graham a bhí sa diallait ar Amberleigh House nuair a bhuaigh sé an Grand National in Aintree agus ba é Seaimpín-Mharcach na Féile i Cheltenham in 2007.

Cúig bliana dár gcionn agus é 37 bliain d’aois, shocraigh fear na Gaillimhe tabhairt faoin iomaíocht ar an talamh réidh, mar go gcuirfeadh sin fad lena shaol iomaíochta agus aon bhliain déag tar éis dó an National a buachan, bhuaigh Lee Rás Grúpa 1 ar an talamh réidh nuair a thug Trip to Paris leis an Gold Cup in Ascot anuraidh.

Tá sé ag iomaíocht leis i gcónaí agus bhuaigh rása an tseachtain seo caite i Newmarket ar muin capall a thraenálann Mick Channon, a bhuaigh Corn an FA le Southampton i 1976 agus a scóráil 46 cúl do Shasana sna 1970dí.

32 bliain d’aois atá Dougie Costello as Baile Átha an Rí ó dhúchas, atá ag iomaíocht ar thraiceanna léimrásaíochta le naoi mbliana anuas, i dtuaisceart Shasana den chuid is mó, gur shocraigh sé cúrsa a athrú anuraidh.

Cosúil le Lee, tá sé éadrom, gan aon stró air an scála a choinneáil faoi  9½ cloch (60 kg) le linn a chuid léimrásaíochta.

D’éirigh réasúnta maith leis sa gceird sin, idir 2005-2015 bhí tuairim is 40 buaiteoir in aghaidh an tséasúir aige ar an meán. Bhuaigh sé an Triumph Hurdle ar Countrywide Flame in 2012 agus cúpla rása eile Grád 3 as a bhfuair sé sciar an mharcaigh (8%) de dhuaischiste £50,000 nó mar sin.

Ach obair shaothraithe a bhí inti – os cionn 400 rás in aghaidh an tséasúir. Bhí 10,000 míle ar chlog gluaisteán nua a cheannaigh sé anuraidh in imeacht míosa, agus níos measa ná sin é imithe ón mbaile, óna bhean agus óna iníon óg, formhór an ama.

Anuraidh shocraigh Dougie Costello go seansálfadh sé an talamh réidh agus fuair post mar mharcach stábla ag traenálaí darbh ainm Karl Burke i dtuaisceart Yorkshire.

I gceann de na léimrásaí deireanacha a raibh sé páirteach iontu i Meitheamh 2015 chríochnaigh a chapall sa 6ú háit i Uttoxeter i gcoimhlint ina bhfuair an buaiteoir £3,600.  Bliain díreach dár gcionn bhuaigh an Coisdealbhach an Corn Óir in Ascot as a raibh duaischiste £250,000 agus é ar muin an chapaill is fearr atá ag an mBúrcach – Quiet Reflection.

Ag tús na míosa seo caite i Haydock, bhuaigh siad rás mór eile a raibh os cionn £160,000 as agus le 6 mhí tá beagnach £½ mhilliún carntha acu. Chuile sheans gur thuill Dougie Costello níos mó as na ceithre rás sin ná a rinne sé in aon séasúr iomlán ó chuaigh sé ag plé leis an ngairm i Sasana in 2007.

Níorbh iontas ar bith go raibh na deora le fear Bhaile Átha an Rí nuair a bhuaigh Quiet Reflection an rás mór in Ascot, áit ar labhair sé faoin gcaoi ar thóg a sheanmháthair cúig dhuine dhéag clainne ar ghabháltas beag ar Achréidh na Gaillimhe. 

Fág freagra ar 'MÁRTAN Ó CIARDHA: Gaiscígh na Gaillimhe ar thalamh réidh'