Margadh idir Éirinn agus an Bhreatain chun teorainn chrua a sheachaint fós le réiteach agus cos i bhfeac ag an DUP

Dúirt ceannaire an DUP Arlene Foster tráthnóna, áfach, nach mbeadh aon ghlacadh ag a páirtí, atá ag tacú le Rialtas Theresa May, leis an margadh

Margadh idir Éirinn agus an Bhreatain chun teorainn chrua a sheachaint fós le réiteach agus cos i bhfeac ag an DUP

Tá an margadh idir Éirinn agus an Bhreatain féachaint chuige nach mbeidh aon teorainn chrua ann ar oileán na hÉireann i ndiaidh an Bhreatimeachta fós le réiteach agus DUP ag cur ina choinne. Dúirt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Jean-Claude Juncker gur theip ar na cainteanna Breatimeachta a bhí ar siúl inniu agus dúirt Príomh-Aire na Breataine Theresa May go gcuirfí tús lena thuilleadh cainteanna roimh dheireadh na seachtaine. Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go raibh “iontas agus díomá” nár éirigh le Rialtas na Breataine ceann a chur ar an margadh a shíl sé a bheith déanta.

Mhaígh an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney níos túisce gur dóichí go bhfágfaidh an margadh nach dtiocfaidh aon athrú ar an teorainn thar mar atá sí inniu, gur teorainn ‘dhofheicthe’ a bheidh inti agus nach aon bhac ar thrádáil a bheidh inti.

Thug Coveney le fios go raibh “foclaíocht” aontaithe anois ag lucht idirbheartaíochta a sheachnódh teorainn chrua.

Dúirt ceannaire an DUP Arlene Foster, áfach, nach mbeadh aon ghlacadh ag a páirtí, atá ag tacú le Rialtas Theresa May, leis an margadh.

Tuairiscíodh go raibh géillte ag an mBreatain go mbeidh ‘comhrialacháin’ (‘regulatory alignment) ann idir an dá thaobh den teorainn maidir le rialacháin trádála agus chustaim agus go leanfaí le trádáil earraí trasna na teorann boige gan bac ná seiceáil.

Dúirt Arlene Foster nach nglacfadh an DUP le haon athrú a scarfadh an Tuaisceart ó thaobh na heacnamaíochta nó na polaitíochta de ón gcuid eile den Ríocht Aontaithe.

 

Fág freagra ar 'Margadh idir Éirinn agus an Bhreatain chun teorainn chrua a sheachaint fós le réiteach agus cos i bhfeac ag an DUP'

  • file

    An bhfeiceann tú an spás sin idir an t-urlár agus an tsíleáil? … sin ceart, is é an tuiseal ainmneach a thagann i ndiaidh an réamhfhocail ‘idir’: idir Éire agus an Bhreatain mar sin, le bhur dtoil, afho-eagarthóirí!