Marcella Corcoran Kennedy le moladh, ach cad is fiú plean breá gan cur leis?

Gheall an rialtas iliomad gníomhartha chun raimhre an náisiúin a laghdú, ach níl focal fós faoi airgead chun íoc astu

Marcella Corcoran Kennedy le moladh, ach cad is fiú plean breá gan cur leis?

Marcella Corcoran Kennedy. Pictiúr: Sasko Lazarov/Photocall Ireland

Fair play don Aire Stáit Marcella Corcoran Kennedy; tá a macántacht le moladh. Go gairid tar éis di a bheith ceaptha mar aire stáit, rinne sí cur síos ar a cúraimí nua sa Dáil ar an 1 Meitheamh. Thagair sí go háirithe don tslí ina mbeadh uirthi smaoineamh go pearsanta ar an bhfeachtas a bheadh faoina cúram chun sláinte a cur chun cinn:

‘I always thought I was curvaceous, but now I’m told I’m actually obese so I better do something about it’.

Bhí ábhar misnigh do gach duine sa tír atá ag dul chun raimhre i ráiteas oscailte an aire. Is mó ár n-aird i gcónaí ar dhaoine atá ár ngríosadh chun aghaidh a thabhairt ar fhadhb má admhaíonn siad go bhfuil siad féin sa riocht céanna.

Sin ráite, ní admháil phearsanta ach plean nua frith-otrachta (obesity) an rialtais a bhí faoi chaibidil ag Marcella nuair a labhair sí ag preasócáid Déardaoin.

Dúirt an tAire go raibh seasca faoin gcéad de dhaoine fásta róramhar agus gurb amhlaidh an scéal do pháiste amháin as gach ceathrar. Meastar go bhfuil thart ar €1 billiún á chaitheamh gach bliain chun fóirithint ar dhaoine ramhra faoi láthair. Rachaidh an caiteachas seo i méid mura maolaíonn ár gcraos, nó ár mífhreagracht.

Príomhshonraí an phlean:

  1. Faisnéis faoi áireamh calraí ar bhiachláir na mbialann: éigeantach roimh dheireadh 2017.
  2. Feidhmeannach nua otrachta le ceapadh ag an HSE.
  3. Cáin ar shiúcra in 2018.
  4. Comhairle faoi bhia sláintiúil le foilsiú.
  5. Cód deonach fógraíochta le plé.

Níor bhain an ócaid le seoladh an phlean (‘A Healthy Weight for Ireland, Obesity policy and Action Plan 2016-2025’, ar fáil anseo) ná le ráitis airí rialtais amháin. Shiúil Marcella agus an tAire Sláinte, Simon Harris amach faoin aer agus scata páistí ina dteannta, chun úlla a ithe os comhair cheamaraí na meán. Dáiríre.

Níl aon amhras faoin dainséar pearsanta agus náisiúnta atá romhainn. Mar a deir an plean, tá an nasc soiléir idir róraimhre agus ráta ardaithe galar croí, ailse, diaibéiteas, fadhbanna riospráide, laigí éagsúla sna matáin agus drochshláinte mheabhrach.

Ach ní ar fheabhas an chur síos ach ar chur chuige agus ar chaiteachas breise stáit, a bheas fiúntas an phlean ag brath. Is leor a rá i dtosach báire nach bhfuil aon tagairt do chaiteachas breise sa phlean a fógraíodh Déardaoin.

Ní léir ach oiread, ónar tharla i dtíortha eile, go n-athróidh cáin ar shiúcra nósanna an phobail. Pé scéal é, ainneoin an dainséar as cuimse atá ag bagairt ar an tír, agus ainneoin ár róraimhre as cuimse, ní bheidh an cháin i bhfeidhm go dtí 2018.

Ach spreagann fadhb reatha na róraimhre an t-amhras is mó maidir le fiúntas an phlean.

Tá 300 duine ramhar ag feitheamh le cóireáil chun a meáchan a laghdú in Ospidéal Bhaile Uí Lachnáin faoi láthair, chomh maith le 150 i nGaillimh. An gcuirfear airgead breise ar fáil leis an gcóireáil a theastaíonn uathu go géar a bhrostú, gan trácht ar na hothair bhreise a bheas ag teacht ina ndiaidh?

Ní raibh focal sa méid a dúirt Marcella Corcoran Kennedy Déardaoin a thabharfadh ábhar dóchais do na hothair sin go gciorrófar na liostaí feithimh.

B’fhéidir go léireofaí amach anseo go raibh an fhírinne á hinsint ag an Aire nuair a dúirt sí go gcuirfí an plean nua i bfheidhm ar dhátaí cinnte, agus nach ar an seilf a d’fhágfaí é.

Neosfaidh an aimsir, ach is léir an t-údar éadóchais.

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon

Fág freagra ar 'Marcella Corcoran Kennedy le moladh, ach cad is fiú plean breá gan cur leis?'