‘Marcanna Gaeilge na hArdteiste ag ardú, ach an caighdeán ag ísliú’ – Ní Mhóráin

Is daltaí bunscoile a bheidh thíos leis an scrúdú Gaeilge don Ardteist a bheith ‘ró-éasca’, a deir Príomhfheidhmeannach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta

‘Marcanna Gaeilge na hArdteiste ag ardú, ach an caighdeán ag ísliú’ – Ní Mhóráin

Ní hionann “líon ard grádanna maithe agus cumas sa Ghaeilge a bheith ag daltaí” dar le Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

Bhí Ní Mhóráin ag tagairt do líon ard na ndaltaí Ardteiste a bhain grád A, B nó C amach sa scrúdú Gaeilge ardleibhéil inné.

Ní raibh ach trí ábhar eile a raibh sé ‘níos éasca’ onóir a bhaint amach iontu – an ceol, an ealaín agus an Laidin.

Bronnadh grád A, B nó C – ‘grád onórach’ – ar 85% den 20,098 dalta a thug faoi scrúdú ardleibhéil na Gaeilge san Ardteist i mbliana.

Fuair 17% de na daltaí sin grád A. Níor theip ach ar 0.6% de na daltaí a rinne an scrúdú, rud a fhágann gurb í an Ghaeilge an tríú hábhar Ardteiste is lú teipeanna i mbliana, i ndiaidh na Laidine agus na Rúisise.

Maítear gurb é an scrúdú cainte – ar fiú 40% den scrúdú ar fad anois é – is cúis leis an bhfeabhas atá tagtha ar ghrádanna na Gaeilge le roinnt blianta anuas agus leis an ardú atá tagtha ar líon na ndaoine atá ag tabhairt faoin scrúdú ag an ardleibhéal.

Dúirt Ní Mhóráin le Tuairisc.ie gurb é sin an “40% is fusa a fháil san Ardteist ar fad” agus cé go bhfuil “na marcanna ag ardú tá an caighdeán ag ísliú”.

“Nuair a tugadh isteach an siollabas nua, dúradh go ndéanfaí taighde ar thionchar na n-athruithe sin in 2012. Tá ranganna na mblianta ’12, ’13, ’14, ’15 agus anois ’16 imithe tríd an gcóras agus níl an taighde againn fós.

“Is iad na múinteoirí nua-cháilithe i mbliana an chéad chohórt a rinne an siollabas nua don Ghaeilge san Ardteist agus táthar ag tuairisciú, go neamhoifigiúil, go bhfuil titim thubaisteach ar chaighdeán na Gaeilge sna coláistí oiliúna,” a dúirt sí.

Rinne 16,665 níos mó daltaí an páipéar ardleibhéil i mbliana ná mar a rinne trí bliana ó shin – is ionann sin agus ardú 20% thar thrí bliana. Bhí ardú réasúnta mór ann idir 2015 agus 2016 freisin – bhí ardú 3% i gceist i gcás na Gaeilge agus gan ach ardú 0.9% ar líon na ndaoine a thug faoin Ardteist.

Dúirt Ní Mhóráin go bhfuil an córas measúnachta don Ghaeilge ag an Ardteist “an-lochtach” agus go leanann na fadhbanna sin ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal.

“Tá titim sa chaighdeán Gaeilge sna coláistí oiliúna agus níl aon teacht ag na hiarbhunscoileanna ar mhúinteoirí a bhfuil dóthain cumais acu sa teanga.

“Tá an córas bunscoile agus meánscoile tábhachtach do bhunmhúinteoirí mar is beag ionchur Gaeilge a fhaigheann siad ó na coláistí oiliúna. Tá coláistí ann a déarfadh go bhfuil Gaeilge á múineadh mar ábhar acu ach níl i ndáiríre. Ní hionann coicís sa Ghaeltacht agus Gaeilge a fhoghlaim. Maidir leis an scrúdú cainte san Ardteist féin, tá sé neamhbhailí agus ní féidir brath air ar chor ar bith,” a dúirt sí.

Dúirt Ní Móráin go bhfuil sé “spéisiúil” nach bhfuil lucht múinte na dteangacha Eorpacha ag éileamh go mbeadh scrúdú béil ar mhúnla an scrúdú Gaeilge ann do na teangacha sin.

“Níl lucht na Gearmáinise nó na Fraincise ag lorg 40% do scrúduithe béil sna hábhair sin. Tá 20% fós ag dul don scrúdú cainte do na teangacha Eorpacha. Is ait an rud a n-easpa spéise i múnla na Gaeilge atá ceaptha a bheith ag cur go mór leis an gcaighdeán Gaeilge a bhíonn ag daltaí,” a dúirt sí.

Idir an dá linn, dúirt Julian de Spáinn gur léir ó thorthaí Ardteiste an lae inné “go bhfuil ag éirí go han-mhaith” le daltaí sa Ghaeilge ag an Ardteist.

“Tá súil againn go leanfaidh na scoláirí céanna leo ag baint leas as an teanga amach anseo, trí pháirt a ghlacadh sna cumainn Ghaelacha sna hinstitiúidí tríú leibhéal atá ina gcraobhacha de Chonradh na Gaeilge agus iad ar chuid de na cumainn is láidre sa tír,” a dúirt sé.

Tá an Conradh ag éileamh ar an Roinn Oideachais an polasaí oideachais don Ghaeltacht atá á ullmhú faoi láthair a fhoilsiú agus a chur i bhfeidhm “mar ábhar práinne” agus dúirt go bhfuil “géarghá” le siollabas ar leith do chainteoirí dúchais agus scoláirí atá ag fáil oideachas trí Ghaeilge.

Fág freagra ar '‘Marcanna Gaeilge na hArdteiste ag ardú, ach an caighdeán ag ísliú’ – Ní Mhóráin'

  • Narrell Ní Bhroin

    Aontaím leis an méad atá ráite ag Muireann – tá caighdeán na Gaeilge ag ísliú.
    Is múinteoir téanga mé agus is jóc é an siollabas Gaeilge i gcomparáid le siollabais na dteangacha eile. Toisc nach bhfuil a dhóthain dúshláin ann, díríonn na daltaí a n-aird ar na ‘hábhair deacracha, dúshlánacha’. Is beag am a caithtear ar an nGaeilge mar gheofar C nó B íseal gan mórán stró agus is leor ‘na marcanna maithe’ sin.
    An rud is spéisiúla domsa ná nach bhfuair ach 17% don 20,098 grád A. Tá cumas sa Ghaeilge, cruinneas gramadaí ag teastáil chun an A a fháil. Is cúis imní dúinn an easpa cruinnis seo. Caithtear dul i ngleic leis an locht seo chun a impleachtaí móra sa triú leibhéal a sharú.

  • Sean

    An bhfuil an Stát ag iarraidh go mbeidh Gaeilge mhaith ag daoine. Is masla an cúrsa Ardteiste dos na scoláirí sna Ghaelcholáistí agus do thuismitheoirí a labhrann an Ghaeilge leis na páistí. Murder machine naGaeilge an Curaclam Ardteiste atá dírithe ar foghlaimeoirí laga.