Marbh le tae nó marbh gan é, ach déanfaidh mé féin é!

An fhadhb atá ag ár gcolúnaí ná gur fhás sí aníos i dteach ina raibh gach duine an-phointeáilte faoi chúrsaí an tae

Marbh le tae nó marbh gan é, ach déanfaidh mé féin é!

“Cé agaibh a d’ordaigh an tae?’ a d’fhiafraigh an freastalaí díom féin agus mo chara. Bhí an bheirt againn amuigh tráthnóna agus bhí mo riail dhaingean féin gan aon chaiféin a ól théis a seacht an chlog á briseadh agam.

Más cuimhin leat an scannán Gremlins, beidh a fhios agat cé chomh contúirteach is atá sé na rialacha seo a bhriseadh cé gurbh fhéidir go bhfuil siad sórt seafóideach ar an gcéad amharc.  

Trí riail a bhain leis na Gremlins : ná scaoil aon uisce orthu, ná solas na gréine agus thar rud ar bith, ná tabhair aon bhia dóibh théis meánoíche nó ní fios cén trioblóid a tharraingeofá sa mullach ort féin.

Bheinnse sórt mar a chéile leis an gcaiféin.  

Ach bhí mé amuigh, rud is annamh. “Bíodh an diabhal aige, nach iomaí lá i gCill Eoin mé.’

Tá a fhios ag chuile dhuine nach cupán tae atá i gceist agat dháiríre nuair a chuireann tú fios ar ‘chupán tae’ ach gur pota breá tae atá tú a iarraidh agus díol trí nó ceithre chupán ann. Nach orm a bhí an t-áthas nuair a chonaic mé an pota mór tae ag teacht aige.

Is ansin, le teann cineáltais is dócha, a thosaigh sé ar an tae a stealladh isteach sa gcupán dom. Ní raibh mé in ann corraí leis an bhfaitíos. An raibh sé i gceist aige an tae a dhoirteadh amach gan ligean dó tarraingt ar dtús?

“An bhfuil tú ok?’ a d’fhiafraigh mo chara díom.

Bhí dearmad déanta agam go raibh sí ann. Ní raibh sa seomra, dar liom, ach mé féin agus an pota tae. Chonaic mé an galuisce ag éirí as gob an taephota i slómó, is gearr anois go dtiocfadh an tae féin, ach cén dath a bheadh air?

Bhí na ceisteanna ag teacht go tréan. An mbeadh dath breá láidir rua-órga air, mar is cóir, nó an mbeadh sé ina streaillín buí? B’fhéidir gurb é an chaoi go raibh an tae fágtha píosa ag tarraingt aige taobh thiar den chuntar sular thug sé an pota amach ar chor ar bith?

Is dócha gurb í an fhadhb atá agamsa ná gur fhás mé aníos i dteach ina raibh daoine an-phointeáilte faoi chúrsaí an tae. Níl mé ag rá go mbíodh cupáin bheaga ghalánta againn ná tada mar é, ach chuile dhuine is iad ag iarraidh an tae ar a mbealach féin.

“Ar sciúr tú an cupán ar dtús?” ceist a chuirfí ort.

“Hea?” a déarfá.

“Ná habair ‘hea?’ abair céard.” an treoir a thabharfaí duit ansin.

“Céard?” a déarfá. “Bhuel, níor sciúr mé é, ach tá sé glan.”

Rithfeadh sé leat a mheabhrú dóibh, seans, nach obrádlann a bhí á réiteach agat ach cupán tae.

“Ar fhág tú an mála ag tarraingt píosa?’ a d’fhiafraí díot.

“D’fhág.” agus dhíreofá na guaillí amach.

“Chuir tú braon maith bainne ann?’

“Nach bhfuil a fhios agat go maith gur chuir!”

Dhéantaí scrúdú grinn ar an gcupán.

“Hmmm?”

Leanfaí ar aghaidh ansin go dtí na ceisteanna a bhain leis an siúcra, cén fhad ó fiuchadh an citeal sular chuir tú an t-uisce ar an tae agus an raibh aon seans ar spúnóg.

An t-aon bhuntáiste a bhaineann leis an gcraiceáil sin faoi chúrsaí tae, ná go bhfuil cead agat cupán tae a dhéanamh duit féin sa teach agus ní bheidh éinne eile ag súil go ndéanfaidh tú cupán dóibhsean freisin.

Is tá tú sábháilte go leor is tú ag déanamh bean mhaith díot féin ag fógairt is tú ag déanamh ar an gciteal, ‘an bhfuil éinne ag iarraidh tae?’

Mar go bhfuil a fhios agat go ndéarfar leat, “Tá tú ceart, ach fág uisce sa gciteal dom, déanfaidh mé fhéin é!”