‘Mar Thaoiseach ba mhaith liom dea-shampla a thabhairt ó thaobh na Gaeilge’ – Varadkar

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar aréir gur mhian leis dea-shampla a thabhairt ó thaobh na Gaeilge agus thug sé cuireadh 'do dhaoine eile' teacht ar a aistear teanga leis

‘Mar Thaoiseach ba mhaith liom dea-shampla a thabhairt ó thaobh na Gaeilge’ – Varadkar

An Taoiseach Leo Varadkar i dTeach an Ardmhéara aréir. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Ba “chúis bhróid” don Taoiseach Leo Varadkar an teastas Gaeilge a bronnadh air aréir i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath.

Bhí Varadkar  i measc 70 duine ar bronnadh an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil (TGG) orthu agus i ndiaidh na hócáide chuir sé teachtaireacht amach ar Twitter faoina cháilíocht nua.

Is cúrsa de chuid Ghaelchultúir é an TGG atá dírithe ar fhostaithe san earnáil phoiblí.

Thug an Taoiseach faoin gcúrsa ag Leibhéal 4 (meánleibhéal 1) le déanaí. Ag labhairt dó ag an searmannas bronnta aréir, dúirt Varadkar gur mhian leis “mar Thaoiseach” a bheith “ina dea-shampla” ó thaobh úsáid na Gaeilge. “Turas teanga” a thug sé ar an gcúrsa a rinne sé agus thug sé “cuireadh” do dhaoine a shampla a leanúint agus dul ar an “aistear céanna” foghlama leis. Dúirt an Taoiseach go raibh “an-chion” aige ar an teanga.

Dúirt sé gur bhain sé “an-sult” as a chúrsa agus gur “easpa deiseanna” i ndiaidh na hArdteiste ba chúis leis an meirg ar a chuid Gaeilge agus ar é a bheith “chomh mór sin as cleachtadh”.

Thagair sé chomh maith don Bhille chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúila atá geallta le fada. Bhí súil aige, a dúirt, go bhfoilseofaí an Bille “gan mhoill”. Dúirt sé go gcreideann sé féin agus a Rialtas go mór san Acht agus “cead” tugtha anois leasuithe a chur i láthair bhaill an Oireachatais.