Mar spórt is in ísle brí atá an rásaíocht con, faraor

Beidh lucht leanta na liathróide ubhchruthaí san iarthar ag tabhairt níos mó airde feasta ar scéalta na gcon ná a thug siad riamh roimhe seo…

Mar spórt is in ísle brí atá an rásaíocht con, faraor

Is olc an ghaoth nach séideann maith do dhuine éicint,’ a deir siad. Cé gurbh fheannta an sinneán a d’fhógair an tseachtain seo caite nach raibh aon rogha ag Bord na gCon ach traic rásaíochta Chrois Araild a dhíol, is ar thaobh eile den chúis a fhágann sin amhlaidh a bheidh lucht an rugbaí i gConnachta ag cuimhneamh.

Is ar thraic con eile a imríonn foireann an Chúige sin a gcuid cluichí ar ndóigh, staid a dteastódh go géar í a mhéadú siocair i bhfad níos mó daoine a bheith ag teacht ag breathnú ar chluichí ansiúd ó thosaigh an fhoireann ag déanamh go maith cúpla bliain ó shin.

8,100 duine a cheadaítear isteach ar Pháirc an Spóirt ar an mBóthar Beag na laethanta seo. Beidh na ticéid don séasúr seo chugainn ar díol anois faoi cheann coicíse agus tá Brainse Chonnacht den IRFU beagnach cinnte go mbeidh oiread sciobadh orthu sin agus go mbeidh siad ar fad ceannaithe in imeacht cúpla seachtain.

Dhá bhliain ó shin d’fhógair an Brainse go raibh sé sa bplean go mbeadh páirc acu in imeacht dhá bhliain ina mbeadh áit ag 10,000 duine, ach is í an cheist mhór atá le réiteach ná cén áit go díreach a mbeidh sí sin.

Tionóntaí iad lucht an rugbaí ar Pháirc an Spóirt, áit a bhfuil rásaí con á rith freisin le hos cionn ceithre scór bliain, cé gur tionóntaí freisin iad Bord na gCon mar gur ag iontaobhas carthanachta, The Galway Agricultural and Sports Society, atá úinéireacht ar an talamh.

Is furasta a thuiscint mar sin cén fáth go mbeadh fonn ar Chonnachta agus ar a máthair-eagraíocht, an IRFU, forbairt a dhéanamh ar lárionad dá gcuid féin nó dul i bpáirt le lucht an tsacair, rud atá luaite mar rogha freisin agus eatarthu, cóir a chur ar Pháirc Thír Oileáin.

Ach tá an nuacht is deireanaí seo as Crois Araild tar éis cor eile a chur sa scéal, mar fearacht traiceanna con eile na tíre ar fad nach mór, is ag cailleadh airgid atá an spórt sin i nGaillimh.

Tá teacht isteach Bhord na gCon tite beagnach 60% le deich mbliana anuas agus sa mullach air sin, tá siad faoi bhrú ag tuarascálacha a foilsíodh le cúpla bliain ag dreamanna a rinne staidéar ar an gcaoi a dtéann an Bord i mbun gnó.

I dtuarascáil a foilsíodh in 2014 lochtaigh Indecon, an comhlacht comhairleoireachta idirnáisiúnta, an eagraíocht as an gcaoi ar stiúrtar an bord, as a smacht ar dhrugaí agus as polasaí leasa na n-ainmnithe. Is iad Indecon ba thúisce a mhol go ndíolfaí Crois Araild.

Easpa airgid, ar ndóigh, an deacracht is mó atá ag an mBord. Sa mbliain 2011 chaith siad €21 milliún ag tógáil traic nua rásaíochta i Luimneach ag súil agus go mbeadh an rath céanna air siúd agus a bhí ar cheann a bhí tógtha i gCorcaigh acu ó thús na mílaoise.

As na 19 traic atá ag Bord na gCon in Éirinn, is iad an traic sin i gCorcaigh, Páirc Shíol Bhroin agus Crois Araild amháin atá ag déanamh brabúis. Bhí traic nua Luimnigh le bheith ar an tseoid ba luachmhaire a bheadh acu, ach, faraor, ar a chríochnú dó, is éard a bhí ann ná bró mhuilinn a d’fhéadfadh iad a thabhairt go tóin poill.

Tá fiacha €20.3 milliún ar an mBord i láthair na huaire agus deir a Phríomfheidhmeannach, Geraldine Larkin, “nach féidir linn leanacht orainn ag cur airgid ar fáil do thraiceanna agus gan aon toradh a bheith le fáil air sin.”

Fuair an Bord feannadh freisin ó Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste mar gheall ar €2 mhilliún a bheith caite acu ar shuíomh eile i Luimneach sularbh éigean cúl a thabhairt dó sin nuair a tuigeadh go mbeadh deacrachtaí le bóithre isteach agus amach as.

Le blianta beaga tá forbairt déanta ar bhialanna ag traiceanna éagsúla agus éirithe go maith le feachtais fhógraíochta a chuir ar shúile an phobail go raibh fáil ar oíche dheas scléipe agus ar thogha na beatha ina leithéidí.

Chuir sin foinse ioncaim ar fáil do na traiceanna nach raibh acu roimhe agus go deimhin má théann tú isteach ar shuíomh idirlín Bhord na gCon inniu feicfidh tú leathdhosaen fógraí ag caint ar mhianach na beatha atá ar fáil iontu siúd, sula dtiocfaidh tú ar aon phictiúr de ghadhar.

Ach mar spórt is in ísle brí atá an rásaíocht con, faraor.

Oiread agus geallghlacadóir amháin anois ní bhíonn le feiceáil ag traic na Gaillimhe an dá oíche den tseachtain a mbíonn rásaí ann agus má bhíonn céad nó dhó duine le hais an bhalla ann, is é sin a chloch nirt. Is féidir teacht ar an méid céanna mórán ar a gcompord ag placadh agus ag plé leis an TOTE laistiar de na pánaí gloine sa mbeár agus sa mbialann.

Ar an liosta 100 Rás Clasaiceach de chuid an tséasúir a d’fhógair Bord na gCon anuraidh, ceann amháin a bhí ar siúl i nGaillimh – níos mó ná sin ag traiceanna in Inis Córthaidh, Cill Chainnigh, Eochaill, an Droichead Nua, Trá Lí, Durlas Éile, Cluain Meala agus áiteacha eile atá i bhfad níos lú ná Cathair na dTreabh.

Ar an gcaoi a bhfuil rudaí faoi láthair, is é an dara stór a chur le Seastán na dTreabh an t-aon rogha a bheadh ag lucht rugbaí Chonnacht le líon an lucht féachana a mhéadú ar Pháirc an Spóirt – tá siad teanntaithe ar thaobh eile na páirce ag an seastán ina bhfuil na bialanna.

Chomh maith leis sin, shamhlóinn gurbh fhearr leo go mór dá mba iadsan amháin a bheadh mar thionóntaí san áit a mbeidís.

Ní mór dóibh socrú a dhéanamh ar bhealach amháin nó ar bhealach eile go ríghairid agus sin an fáth go measaim go mbeidh lucht leanta na liathróide ubhchruthaí san iarthar ag tabhairt níos mó airde feasta ar scéalta na gcon ná a thug siad riamh roimhe seo.