Mar a dhéileáil muintir an Bhlascaoid le bás linbh gan bhaisteadh

Tá daonnacht agus dínit na cosmhuintire le feiscint i gcur síos Robin Flower ar an tslí ar dhéileáil muintir an Bhlascaoid le bás linbh gan bhaisteadh i bhfichidí an chéid seo caite, a deir ár gcolúnaí agus aistriúchán déanta aige ar an sliocht seo as an leabhar The Western Isle

Mar a dhéileáil muintir an Bhlascaoid le bás linbh gan bhaisteadh

‘Bhíomar suite cois tine i dtigh a’ Rí oíche, an saol á chur trí chéile againn, nuair a d’oscail an doras agus ghabh fear isteach, cuma chortha, tugtha, tnáite air. Thit ciúnas ar an áit nuair a ghabh sé chugainn. D’éirigh mac a’ Rí, chuaigh síos don tseomra, agus thug aníos roinnt boscaí déil bháin. “An ndéanfaidh siad seo an gnó?” arsa é sin. “Déanfaidh,” arsa an fear eile, thóg na boscaí, agus ghabh an doras amach gan focal eile a rá. Níor labhair éinne ar feadh tamaill; ansan labhair duine, d’fhreagair duine, agus thosnaigh an leamh-chomhrá aríst. Níor thuigeas a raibh feicthe agam go dtí an lá arna mhárach.

Bhí braonacha báistí á dhéanamh aige ar maidin. Bhíos suite ag léamh cois tine aríst, nuair a d’fhógair iníon a’ Rí orm féachaint don fhuinneog amach. Bhí mórshiúl chugainn anuas ó bharra an bhaile, agus ó gach tigh, de réir mar a ghabhadar tharstu, tháinig na fearaibh, mnáibh, agus leanaí amach chun titim isteach leis an mórshiúl …

Ba leor leathfhocal dom. Bhí leanbhaín nua-bheirthe tar éis bháis, agus bhí an t-athair tar éis teacht chugainn an oíche roimhe ag lorg cláracha comhrann. Bhí sé ag ceann an tslua anois, ag siúl tríd an mbáisteach, leis an mbosca a bhí déanta aige ón adhmad garbh neamh-choisricthe féna ascaill aige. Chuamar amach agus thiteamar isteach leo. Ghabh an slua tríd an bhaile, idir na tithe, an slua ag méadú; fearaibh agus a hataí peilte umpu, na mnáibh agus a seálanna tarraingthe aniar go teann orthu féin, gach duine acu fé thost agus fé néal bróin nó measa…

D’iompaíomar isteach ar rinn bheag laistíos de na tithe, agus stadamar ar phaiste garbh féir, le clocha thall is abhus. Bhí fear tar éis uaigh a bhaint le sluasaid, agus ansan, i measc bogchaoineadh agus tochtaíl na mban, agus paidreacha íseal an tslua, do chuir an fear atuirseach a leanbh sa chré. Clúdaíodh an chomhra, agus is ar éigean a chloisfeá glór á dhéanamh ag cré ar chomhra. Dúradh cúpla paidir, agus bhailigh an slua leo, duine ar dhuine, go marbhintinneach, agus d’fhág an t-anamaín uaigneach chun na síoraíochta…

Ní raibh tigh Thomáis i bhfad ón gceallúnach agus bhuaileas isteach chuige, féachaint an bhféadfainn imeachtaí troma na maidine a chur díom. Shuigh sé im’ theannta agus thosnaigh ag caint fén láthair a bhí díreach fágtha agam. Bhí sé de nós ag na hoileánaigh, a dúirt sé liom, leanaí gan baisteadh agus daoine a chuir lámh ina mbás féin a chur ansiúd; cuideachta bhrónach, a cheapas, dóibh siúd nach bhfaca a ndóthain den saol, agus dóibh siúd a chonaic an iomarca.’*

B’in mar a dhéileáil an chosmhuintir Chaitliceach le bás linbh i bhfichidí an chéid seo caite – go humhail, go maorga agus le dínit, tráth ina raibh na mná rialta agus an eaglais ag ceilt na dínite céanna ar mháithreacha agus ar leanaí a bhí féna gcúram. Ná deireadh éinne gur ag dul de réir nósanna na linne ar fad a bhí na mná rialta i dTuaim Dhá Ghualainn.

[*Aistriúchán an údair ar shliocht ón leabhar The Western Island le Robin Flower.]