‘Mar a chéile atá an argóint fhabhtach in éadan na foclóireachta agus na hargóintí a rinneadh in éadan bhunú Theilifís na Gaeilge’

Ní gach duine atá ar aon fhocal leo siúd a bhfuil cáineadh á dhéanamh acu ar phlean Fhoras na Gaeilge caiteachas mór a dhéanamh ar an bhfoclóireacht ag tráth a bhfuil ciorruithe á ndéanamh i réimsí eile

25-01-2013 Repro Free Lost in translation: Ghost estates, cloud computing and retweet are amongst the new words in the new online English-Irish dictionary published by Foras na Gaeilge. Picture shows Clíodhna Ní Mhianáin (10) viewing the new online English-Irish dictionary www.focloir.ie at the launch in the National Gallery in Dublin. www.focloir.ie is the first national English-Irish dictionary since the publication of de Bhaldraithe in 1959. PIC: MAXWELLS NO FEE

Tá raic á tarraingt ag roinnt daoine a bhíonn ag plé le heagrais phobail Ghaeilge mar gheall ar an scéala go bhfuil  plean ag Foras na Gaeilge €12.6m á lorg chun a chaitheamh ar thionscadal foclóireachta thar thréimhse seacht mbliana.

Nuair a tháinig an scéal chun solais, scríobh Jack Mac Siacais, stiúrthóir na heagraíochta Forbairt Feirste, litir oscailte chuig Bord an Fhorais ag impí orthu gan dul ar aghaidh lena bplean foclóireachta ag tráth a bhfuil laghdú tagtha ar an maoiniú atá ar fáil d’eagraíochtaí pobail.

Antain Mac Lochlainn
Antain Mac Lochlainn

Ach ní ar aon fhocal le Mac Siacais, iarchomhalta ar Bhord an Fhorias, atá gach duine a bhíonn ag plé leis an nGaeilge ar bhonn laethúil ina saol oibre agus pearsanta. Dúirt Antain Mac Lochlainn, údar, Eagarthóir aistear.ie agus colúnaí le Tuairisc.ie, go dtuigeann sé cén fáth a mbeifí míshásta faoi chiorruithe, ach nár cheart an “dá rud a chur le chéile”.

“Teastaíonn foclóirí uainn agus ceann Gaeilge-Gaeilge go háirithe. Tá a leithéid [mórfhoclóir aonteangach] le fáil in achan teanga ar domhan atá ag saothrú mar nua-theanga. Tá cúrsaí foclóireachta i ndiaidh athrú go mór le blianta anuas, agus bheadh sé deacair ar mo leithéidse baint a bheith agam leis na foclóirí, tá sé chomh teicniúil sin.

“Nuair a chaithfidh tú oiliúint a chur ar eagarthóirí agus corpas a chur le chéile, teastóidh airgead chuige sin. Bhíothas ann a dúirt a gur rud don lucht acadúil atá i gceist, ach ní rud acadúil atá i bhfoclóir; bíonn idir iriseoirí, mhúinteoirí agus aistritheoirí á úsáid.

Níl bhaineann an cheist seo leis ardacadúlacht ach leis an bpobal. Níl éinne i dtúr eabhair sa chás seo,” a dúirt Mac Lochlainn.

Dúirt Eagarthóir aistear.ie gur “argóint fhabhtach” é nasc a dhéanamh idir scéal na foclóireachta agus scéal na gciorruithe. Dúirt sé  gur beag difear a bhí idir a leithéid d’argóint agus argóint an duine a deireadh gur cur amú airgid a bhí i mbunú Theilifís na Gaeilge fad is a bhí othair in ospidéil le leigheas.

Áine Ní Bhreasláin
Áine Ní Bhreisleáin

Ar dhuine de na hiriseoirí a bhaineann úsáid as foclóirí gach uile lá, tá Áine Ní Bhreisleáin ó RTÉ Raidió na Gaeltachta. Dúirt Ní Bhreisleáin le Tuairisc.ie gur “áis iontach” a bheidh sa tionscadal foclóireachta nuair a thabharfar chun críche é.

“Tá go leor téarmaí nua ann anois ar an idirlíon ach b’fhéidir nach bhfuil i bhfoirm chlóite go fóill agus is áis iontach a bheidh ann do dhaoine atá ag déanamh go leor aistriúcháin nó ag plé leis an nGaeilge agus ag lorg téarmaíocht cheart achan lá.

“Bímse achan uile lá ag baint úsáide as Foclóir Uí Dhónaill, potafocal.com agus téarma.ie, ach tá sé blianta fada ó cuireadh tús leis an chéad togra foclóireachta agus tá gá le huasdátú i gcónaí,” a dúirt sí.

Dúirt Ní Bhreisleáin nach raibh iniúchadh déanta aici ar chostas an togra atá á mholadh ag an bhForas de ach gurb í a tuiscint ná go nglacfadh sé roinnt mhaith blianta agus cuid mhaith airgid.

“Tá sé ag gabháil ag cosnú airgid agus b’fhéidir go bhfuil an tsuim atá luaite iontach mór i bhfianaise ciorruithe atá tarlaithe ach beifear ag gearán ar scor ar bith, tá mé cinnte. Tá gá leis na foclóirí nua agus beidh daoine á n-úsáid in go leor réimsí oibre,” a dúirt sí.

Daithi-Mac-Carthaigh
Daithí Mac Cárthaigh

Bhí an t-abhcóide agus Iar-Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge Daithí Mac Cárthaigh ar aon fhocal le hAntain Mac Lochlainn gur “argóint fhabhtach” atá á déanamh in aghaidh an tionscadail. Dúirt Mac Cárthaigh le Tuairisc.ie gur “neamhargóint” é tograí eile atá le maoiniú a thabhairt isteach sa scéal agus gurbh amhlaidh a dhéanadh tráchtairí an Bhéarla go minic i gcás na Gaeilge san am atá caite.

“Is neamhargóint é a bheith ag caint ar scéimeanna eile teanga a dteastaíonn airgead uathu. Tá sé cosúil leis an té a bheadh ag gearán faoi dhrochbhail a bheith ar na bóithre agus airgead á chaitheamh ar an nGaeilge. Ní ceist don Fhoras é ach do na Ranna. Caithfear díriú ar na Ranna agus an t-airgead a chuirtear ar fáil don Fhoras,” a dúirt sé.

Bíonn Mac Cárthaigh ag plé le hábhar aistritheoirí dlí in Óstaí an Rí i mBaile Átha Cliath agus bíonn sé ag trácht go minic ar cheist na Gaeilge san Aontas Eorpach.

Dúirt sé go spreagadh do léann na Gaeilge a bheadh sa tionscadal foclóireachta n agus go gcuirfeadh sé le caighdeán na teanga i measc lucht a labhartha trí chéile ar fud an domhain.

“Má tá an Ghaeilge le bheith ina teanga nua-aimseartha seachas ina in caitheamh aimsire nó ina teanga ócáidiúil, caithfear tograí mar seo a chur i gcrích.

“Is rud mór é d’fhéiniúlacht aon phobal teanga go mbeadh togra mór mar seo ag dul ar aghaidh agus is fiú Ó Dónaill agus de Bhaldraithe a thabhairt suas go dáta. Ní fiú teanga bheo a thabhairt ar an nGaeilge mura mbíonn obair mar seo ag dul ar aghaidh. Bíonn sé ar siúl i ngach aon teanga; is furasta caitheamh anuas ar theanga nach bhfuil a foclóir féin aici,” a dúirt Mac Cárthaigh le Tuairisc.ie.

Dúirt sé nárbh fhiú aighneas a chruthú i measc phobal na Gaeilge i ngeall ar an scéal agus gurbh fhiú an dá rud – an tionscadal foclóireachta agus an Scéim Pobal Gaeilge -a mhaoiniú mar is cóir.

“Is gá airgead a chaitheamh ar na grúpaí beaga ar fud na tíre ach ní ceart cur isteach ar rud atá riachtanach don teanga. Beidh fostaíocht i gceist leis seo agus is maith go mbeidh. Tá an dá rud ag teastáil agus níor cheart iad a chur in aghaidh a chéile,” a dúirt Mac Cárthaigh.

Ina litir oscailte chuig Bhord an Forais, dúirt Jake Mac Siacais gur ‘scannal’ a bhí sa phlean foclóireachta i bhfianaise na gciorruithe atá déanta ar Scéim Pobal Gaeilge na heagraíochta trasteorann.

“Impím oraibh gan na postanna buana atá molta sa tionscadal Foclóra a cheadú agus gan an tionscadal mar atá  molta a cheadú ach an oiread. Tá a fhios agam go mbeidh bhur mballraíocht ar an Fhoras istigh ar an 12/12/15. Níl ach tamaillín fágtha agaibh. Ná ceadaígí an scannal seo atá náiriúil amach is amach,” a scríobh Mac Siacais. 

Dúirt Príomhfheidhmeanach an Fhorais, Ferdie Mac an Fhailigh, nach raibh aon bhaint ar chor ar bith ag plécháipéis ar an bhfoclóireacht a sceitheadh chuig na meáin leis an Scéim Pobal Gaeilge.

Fág freagra ar '‘Mar a chéile atá an argóint fhabhtach in éadan na foclóireachta agus na hargóintí a rinneadh in éadan bhunú Theilifís na Gaeilge’'

  • Jake MacSiacais

    Níor dhúirt mé in am ar bith nach tionscadal fiúntach atá ag teastáil go géar atá I bhforbairt foclóir aonteangach. Teastaíonn sé uainn cinnte bheinn go mór I bhfách Le féachtas ar a son do na húdarais a bhfuil sách airgead acu dá leithéid. Mar a dúirt mé sa litir a scríobh mé: “tuillimid foclóir” ach I bhfianáise buiséad teorannta an Fhorais agus an slad atá a dhéanamh ar eagraíochtaí pobal-bhunaithe ní hé moladh reatha an Fhorais an bhealach chun tosaigh. Ar ndóigh bheadh foclóir aonteangach Ina áis iontach fiúntach. Cuirimís brú ar an dá stáit leis an airgead a theastaíonn lena chur I gcrích a chur ar fáil, ach I dtaca le cur Chuige an Fhorais is I gcomhthéacs an buiséad teorannta a bhfuil siad I bhfeighil air agus Lena bhfuil siad ag feidhmiú níl moladh s’acu inghlactha nó ionchosanta agus níl na priarachtaí atá roghnaithe ag an Fhoras stuama nó chiallmhar. Ní ghlacaim gur ‘neamhargóint’ é seo in aon chóir agus tá mé breá sásta an ceist seo a phlé le duine ar bith.

  • Concubhar

    Bí ag caint ar thuairisc neamhchlaonta…..NOT1

  • Jake MacSiacais

    Níor dhúirt mise in am ar bith nach bhfuil Foclóir aonteangach a dhíth. Teastaíonn sé go géar agus bheinn sásta bheith páirteach i bhfeachtas chun brú a chur ar an dá stát airgead cuí a chur ar fáil fána choinne.
    Ní aontaím in aon choir gur ‘neamhargóint’ atá mé féin a dhéanamh. Tá buiséad teoranta ag Foras na Gaeilge agus I bhfianáise sin tá priarachtaí s’acu bun os coinn. Tá moladh foclóireachta s’acu agus moladh maidir le Scéim Pobal Gaeilge atá beirt le teacht as buiséad fíortheoranta dlúthbhainte lena chéile.
    Mar a dúirt mé I mo litir ‘Tuigim go maith go dtuillimid foclóir ach I bhfianáise an ghanntanas airgid, agus an gearradh siar ufásach, scannalach, naíriúl atá a dhéanamh ar an Scéim Pobal Gaeilge, ní thiocfadh le haon Ghael a bhfuil coinsias acú an tionscadal foclóra reatha seo a cheadú.”

  • Eoin P. Ó Murchí

    I bhfad níos mó céille ó na tráchtairí seo. Tá sé amhail is nach bhfuil foclóir Gaeilge Gaeilge ó Jake ainneoin a ndeir sé, agus ní ghlacfadh sé leis mar atá. Sin tosaíocht dar liom toisc nach raibh a leithéid cheana againn. Má tá gearán le díriú ar éinne b’fhearr díriú ar an bhforas nó ar an rialtas sílim in áit díriú ar a bhfoclóir féin.

  • Jake MacSiacais

    Nílim ag díriú ar an fhoclóir, nach ann do. Tá mé ag díriú ar Eolas a ‘sceitheadh’ linn dar le PF An Fhorais (Focal deas é sin a insíonn a scéal féin faoi tre-dhearchacht an Fhorais). Eolas a chuireann in iúl dúinn go bhfuil postanna le buanú in aimsir na gciorruithe ar chostas £12.6m. Nuair atá an daoine céanna ag moladh £1m atá le dáileadh Idir 26 Pobal. Agus I dtaca Le thuairim s’agat a Eoin ar cad é atá nó nach bhfuil ag teastáil uaim níl ann ach do thuairim atá dar liom sa chás seo gan bhunús.

    • Jake MacSiacais

      Ceist Bheag Dála an scéil an Bhfuil an Antain MacLochlainn, udar agus eagarthóir atá luaite San alt seo an Antain MacLochlainn céanna a shuíonn ar Choiste TermaÍochta Foras Na Gaeilge?