Maolú ar choir teanga

Níl líon dóthanach ateangairí ná aistritheoirí ar fáil don Chróitis ná don Mháltais, ach dhiúltódh Málta agus an Chróit glan d’aon iarracht maolú cosúil leis an maolú atá ann i leith na Gaeilge san AE. Cad atá éagsúil faoi chás na hÉireann agus a Rialtais?

28/2/2012 European Union Flags

In alt ar an Irish Daily Mirror i dtús na seachtaine, mhol Ciara Conway TD don Rialtas go gcuirfí deireadh leis an maolú i leith na Gaeilge san Aontas Eorpach.

Dá luaithe is ea is fearr é, dar léi, mar go gcruthódh sé 183 phost do dhaoine óga oilte agus go gcuirfeadh sé deireadh leis an leatrom in aghaidh na Gaeilge.

Tá súil agam go n-éireoidh leis an Teachta de chuid Pháirtí an Lucht Oibre ó Phort Láirge dul i bhfeidhm ar an Rialtas.

Ba chóir go ndéanfaí an maolú a chealú ag deireadh a thréimhse reatha, sé sin ar an lá deireanach den bhliain 2016, agus gan é a fhadú a thuilleadh. Is leor deich mbliana.

D’éirigh le Málta deireadh a chur le maolú den chineál céanna tar éis trí bliana.

Tugadh mar leithscéalta don mhaolú i dtosach báire nach raibh an téarmaíocht ar fáil i nGaeilge agus nach raibh leordhóthain daoine cáilithe ann i gcomhair na bpostanna a theastódh. Anois, de bharr infheistíocht an Rialtais agus mórshaothar Fiontar (Ollscoil Chathair Átha Cliath), tá an Ghaeilge chun tosaigh maidir le téarmaíocht i measc na dtrí theanga dhéag a ainmníodh mar theangacha oifigiúla ó 2004 go dtí 2013.

Creidim go bhfuil leordhóthain daoine cáilithe anois mar aistritheoirí, ateangairí, dlítheangeolaithe, agus cúntóirí chun gur féidir deireadh a chur leis an maolú.

Tá breis is €11 milliún caite ag an Rialtas i bhforbairt scileanna cuí. De réir taighde atá déanta agam, cáilíodh 349 nduine sna blianta 2010 – 13, agus tá breis is 165 dhuine á n-oiliúint i mbliana, ar chúrsaí faoin Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge.

Más gá, d’fhéadfaí córas conartha an AE a úsáid chomh maith leis an ngnáthchóras earcaíochta sa chás go gcuirfí deireadh leis an maolú.

Glacaim leis go bhfuil moltaí curtha faoi bhráid an Rialtais mar thoradh ar athbhreithniú a rinne Roinn an Taoisigh i gcomhar leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Mar is dual, ní bhaineann aon trédhearcacht leis na cúrsaí seo, agus pé plean atá á bheartú, tá sé á cheilt ar an bpobal i gcoitinne faoi láthair.

Idir an dá linn, tá an t-am ag imeacht, agus srianta á gcur dá réir ar chumas na n-institiúidí earcaíocht a chur chin cinn in am, más clabhsúr ar an maolú atá á bheartú do dheireadh 1916.

B’fhéidir go bhfuil easnaimh i dtuiscintí na Ranna éagsúla maidir leis an gcóras Eorpach.

Is eol dom go bhfuil na hinstitiúidí Eorpacha oscailte do chealú an mhaolaithe, agus go bhfuil siad ag feitheamh le réamheolas faoin moladh a dhéanfaidh Rialtas na hÉireann go foirmiúil an bhliain seo chugainn.

Níl líon dóthanach ateangairí cáilithe ar fáil i gcás na Máltaise mar theanga oifigiúil den AE, agus níl líon dóthanach ateangairí ná aistritheoirí ar fáil don Chróitis, ach dhiúltódh Málta agus an Chróit glan d’aon iarracht maolú cosúil leis an maolú atá ann i leith na Gaeilge a chur i bhfeidhm maidir lena dteangacha.

Cad atá éagsúil i gcás na hÉireann agus a Rialtais? An mian leis an Rialtas agus lena ghníomhairí sna Ranna éagsúla leatrom in aghaidh phobal na Gaeilge a chothú?

Cén fáth nach smaoineofaí ar an gcéad dul síos ar an maolú a chealú, agus ligean do na hinstitiúidí Eorpacha a socruithe féin a dhéanamh mar a dhéanann siad i gcás na Máltaise agus na Cróitise?

Má tá na Ranna agus an Rialtas meáite ar an maolú a athnuachan, cén fáth gur mian leo smacht a choinneáil ar dhul chun cinn na Gaeilge san AE?

Cén leas a bhainfidh siad as?

Má cheapann an Rialtas gur ghá bliain nó dhó eile a chur leis an maolú, nó réimse na ndoiciméad is gá a aistriú a leathnú de réir a chéile, d’fhéadfadh na hinstitiúidí Eorpacha pleanáil a dhéanamh dá réir sin, ach dáta cinnte a bheith socraithe do dheireadh an mhaolaithe.

Ní oireann éiginnteacht do na hinstitiúidí Eorpacha.

Má chuirtear fad eile leis an maolú, agus é a bheith sa Rialachán go bhféadfaí é a athnuachan arís eile dá mba ghá, ní chuirfidh na hinstitiúidí aon chomórtais earcaíochta ar bun, ní dhéanfar dul chun cinn, agus teipfidh ar uchtach an chórais oiliúna in Éirinn.

Sílim go mbeadh cúig bliana déag iomarcach do mhaolú atá in ainm is a bheith sealadach.

Chun go ndéanfaí dul chun cinn, chun go mbeadh postanna ar fáil, chun go dtabharfaí dár dteanga an stádas comhionann leis na teangacha oifigiúla eile a d’iarr ár Rialtas di i dtosach báire, tá sé riachtanach go gcealófaí an maolú.

Más mian leis an Rialtas bliain nó dhó eile a chur leis an maolú, dhéanfaí é sin i Rialachán nua a d’aontófaí roimh dheireadh na bliana 2015 i gComhairle an Aontais Eorpaigh.

Ní dóigh liom go dteastaíonn fadú dá leithéid, ach má tharlaíonn sé bheadh sé riachtanach go bhforálfaí go soiléir sa Rialachán go dtiocfadh deireadh leis an maolú, go huile agus go hiomlán, ag deireadh na tréimhse sin, gan aon fhoráil athnuachana a bheith i gceist.

Aon rud níos lú ná sin, aon éiginnteacht faoi dháta scoir an mhaolaithe ar chúis ar bith, ní bheadh ann ach cur i gcéill

Fág freagra ar 'Maolú ar choir teanga'

  • Seán Mag Leannáin (@SeanMagL)

    Deirtear go bhfuil an spriocdháta le haghaidh cinneadh faoin gceist seo ag teannadh linn – 15 Nollaig, más fíor. Cén fáth go bhfuil an Rialtas s’againne ag tarraingt na gcos?