Maolú ar bith tagtha ar an gconspóid i bhFear Manach maidir le hathlonnú Bhunscoil an Traonaigh, an t-aon Ghaelscoil sa chontae

Séanann Aontachtaí sinsearach i ndeisceart Fhear Manach gur naimhdeas don Ghaeilge a spreag an chonspóid

Lisnaskea High School FHSH36
Lisnaskea High School

Séanann Aontachtaí sinsearach i ndeisceart Fhear Manach gur naimhdeas don Ghaeilge a spreag conspóid faoi athlonnú Bhunscoil an Traonaigh, an t-aon Ghaelscoil sa chontae, go suíomh a raibh meánscoil stáit (Phrotastúnach) ann tráth. D’fhógair an tAire Oideachais, John O’Dowd, i rith na Nollag go bhfuil Bunscoil an Traonaigh i Lios na Scéithe le suíomh nua a fháil san áit a raibh Lisnaskea High School.

Tá 45 dalta i mBunscoil an Traonaigh, Gaelscoil atá 12 bliain ar an bhfód.

Dhruid an Roinn Oideachais Lisnaskea High School dhá bhliain ó shin. Ba ann a bhí an mheánscoil stáit dheireanach sa chontae, taobh amuigh d’Inis Ceithleann.

Cháin feisire an cheantair, Tom Elliott (Páirtí Aontachtach Uladh) athlonnú na bunscoile. Dúirt Elliott go raibh O’Dowd ar ruathar aonair, nó ‘solo run’. “Dhruid John O’Dowd Lisnaskea High School i 2013. Ba í an chúis a thug sé ag an am ná an laghdú ar líon na ndaltaí, ach nuair a bhí an próiseas comhairliúcháin ar siúl, bhí togra á mholadh le go mbeadh oideachas i bpáirt ann, agus bhí trí oiread dalta ag an scoil agus a bheidh ag an scoil nua seo,” a dúirt Elliot.

Chuir Elliott i leith O’Dowd go raibh tús áite á thabhairt aige d’idé-eolaíocht Shinn Féin seachas do na riachtanais atá ag daoine óga an cheantair.

Dúirt Sorcha Ní Mhurchú, an múinteoir atá i bhfeighil na Gaelscoile, nach raibh rud ar bith le rá aici faoi ráiteas Elliott.

“Is buntáiste ollmhór dúinn an suíomh nua. Tabharfaidh sé spás don scoil forbairt níos mó a dhéanamh. Beidh ceithre sheomra ranga réamhdhéanta ann a chiallaíonn nach mbeidh cuid ar bith de na páistí á dteagasc sa tseomra bia mar atá faoi láthair. Beidh bealach isteach níos fearr ann ina mbeidh busanna ábalta fáil isteach, chomh maith leis na tuismitheoirí a fhágann na páistí ar scoil i gcarranna.

“Agus cúrsaí mar atá, níl an bealach isteach leathan go leor chun na busanna a fháil isteach. Beidh tuilleadh spás stórála againn atá de dhíth go práinneach, chomh maith le neart spáis taobh amuigh le ligean do na páistí súgradh go sábháilte agus go compordach.”

Cinnte, tá go leor den phobal aontachtach sa cheantar míshásta faoi athlonnú na bunscoile ach ní naimhdeas don Ghaeilge is cúis leis an míshástacht sin, a deir Aontachtaí sinsearach sa cheantar le Tuairisc.ie.

Dúirt sé nach raibh aon bhaint ag an nGaeilge leis an scéal ach amháin i gcás “roinnt daoine ón TUV”.

“Is mar gur gheall gur druideadh an mheánscoil stáit dheireanach i ndeisceart Fhear Manach atá daoine míshásta,” arsa an tAontachtaí.

Dúirt sé go raibh an pobal sásta go mbeadh oideachas i bpáirt ann i gcomhar le Coles (Coláiste Naomh Chomghaill) agus St Aidan’s, dhá mheánscoil Chaitliceacha sa cheantar. Bhí laghdú suntasach ar líon na bProtastúnach sa cheantar thar na blianta, ach tá fás ar an phobal Protastúnach in áiteanna, a mhaígh sé. Dar le daoine áirithe, b’ionann dúnadh na meánscoile ar an suíomh sin agus “níl spás ar bith ann daoibhse” a rá .

D’fhógair an tAire O’Dowd go mbeadh an suíomh á roinnt ag Bunscoil an Traonaigh leis an South East Fermanagh Foundation, eagraíocht d’íospartaigh. Ní fios go fóill an leor sin leis an chonspóid faoi athlonnú na scoile a mhaolú.

Fág freagra ar 'Maolú ar bith tagtha ar an gconspóid i bhFear Manach maidir le hathlonnú Bhunscoil an Traonaigh, an t-aon Ghaelscoil sa chontae'

  • Séamas Mac Coitir

    Is breá liom an tuairisceoireacht a chuireann sibh ar fáil ó sheachtain go seachtain. Treise libh, agus athbhliain faoi shéan agus faoi mhaise díobh!