Maolra Seoighe neamhchiontach i ndúnmharuithe Mhám Trasna – An Breitheamh Adrian Hardiman

Tugtar léargas ar dhearcadh an bhreithimh, a bhásaigh go tobann anuraidh, faoi na dúnmharuithe cáiliúla a tharla in 1882 i leabhar nuafhoilsithe faoi James Joyce

Maolra Seoighe neamhchiontach i ndúnmharuithe Mhám Trasna – An Breitheamh Adrian Hardiman

Chreid an breitheamh aitheanta de chuid na Cúirte Uachtaraí, Adrian Hardiman, a bhásaigh anuraidh, go raibh sé “cruthaithe” go raibh Maolra Seoighe a crochadh na mbliain 1882 neamhchiontach i ndúnmharuithe Mhám Trasna.

Tá cur síos ag an mBreitheamh Hardiman ar chás Mhám Trasna i leabhar a bhí á scríobh aige le roinnt blianta sular bhásaigh sé agus atá díreach foilsithe ag an gcomhlacht foilsitheoireachta Head of Zeus.

Baineann an leabhair Joyce in Court leis an scríbhneoir James Joyce agus an tionchar a bhí ag cásanna éagsúla i gcúirteanna dlí na hÉireann agus na Breataine ar a chuid scríbhneoireachta.

Bhí na trialacha a cuireadh ar ochtar fear as iarthar na hÉireann faoi dhúnmharú teaghlaigh, de mhuintir Seoighe, i Mám Trasna i Lúnasa 1882 i measc na gcásanna ar chuir James Joyce spéis ar leith iontu agus a bhfuil tagairtí déanta aige dóibh ina shaothar. 

Maidir le cás Mhaolra Seoighe, a crochadh i nGaillimh an 15 Nollaig 1882, deir an Breitheamh Hardiman go raibh sé “universally believed (and now proven) to have been innocent”. Tá cás Mhaolra Seoighe ina théama suntasach i Finnegans Wake agus in alt eile a scríobh James Joyce do nuachtán i Trieste na hIodáile.

Bhí tionchar na gcásanna cúirte ar James Joyce ina ábhar spéise ag an mbreitheamh le blianta fada agus grinnstaidéar déanta aige orthu.

D’fhreastail sé ar sheimineár a eagraíodh i nGaillimh faoi chás Mhám Trasna sa mbliain 2012.

Cailleadh an Breitheamh Hardiman go tobann ar an 7 Márta anuraidh agus é ag ullmhú le labhairt an lá dár gcionn faoi chearta teanga agus an dlí ag comhdháil de choimisinéirí teanga as gach cearn den domhan a bhí tagtha le chéile i nGaillimh. Bhí sé 64 bliain d’aois agus é ina bhall den Chúirt Uachtarach le 16 bliain. 

Tá fadscannán faisnéise faoi mhurdair Mhám Trasna á ullmhú faoi láthair ag an gcomhlacht teilifíse ROSG Teo do TG4 agus é bunaithe ar an leabhair Éagóir le Seán Ó Cuirreáin a d’fhoilsigh Cois Life anuraidh.

Fág freagra ar 'Maolra Seoighe neamhchiontach i ndúnmharuithe Mhám Trasna – An Breitheamh Adrian Hardiman'