Maoiniú €50,000 curtha ar fáil ag Joe McHugh do pháirc peile na Rosann i nDún na nGall

Cuirfear an t-airgead i dtreo obair atá á déanamh faoi láthair ar pháirc CLG nua sna Rosa in iarthar an chontae.

Maoiniú €50,000 curtha ar fáil ag Joe McHugh do pháirc peile na Rosann i nDún na nGall

Tá deontas €50,050 fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh do CLG na Rosann i nGaeltacht Dhún na nGall chun forbairt a dhéanamh ar pháirc an chumainn.

Beidh an deontas ina chuid den €70,000 atá á chaitheamh chun caoi a chur ar an dromchla agus sconsa a chur timpeall na páirce i nGaoth Beara.

An cumann áitiúil CLG, Na Rosa, a bhainfidh úsáid as an bpáirc nua.

Thug an tAire Stáit cuairt ar an bpáirc níos luaithe i mbliana chun súil a chaitheamh ar an obair a bhí á déanamh ag Forbairt Pobal Ghleann Ghaoth Beara.

Agus an deontas fógartha aige tráthnóna, dúirt an tAire Stáit Gaeltachta go raibh áthas air an maoiniú a chur ar fáil do dhaoine sa cheantar a oibríonn “go crua” ar an togra.

“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt chuig achan duine atá bainteach leis an áis thábhachtach seo i nGaoth Beara. Bhí muintir na háite foighneach le linn na hinfheistíochta a rinne an Rialtas ar an athfhorbairt €70 milliún ar an N56. Agus an obair ag dul ar aghaidh ar chora géara an bhóthair i nGaoth Beara, bhí an grúpa tiomanta seo ag obair leo ar fhorbairt na páirce.

“Cabhróidh an fhorbairt seo go mór le muintir an cheantair mar go mbeidh áis iontach sábháilte curtha ar fáil ag Forbairt Pobal Ghleann Ghaoth Beara agus cuirfidh an obair ar an sconsa agus ar dhromchla na páirce go mór leis an áis don phobal Gaeltachta seo.Tá an-áthas orm an maoiniú seo a chur ar fáil fríd mo Roinn,” a dúirt an tAire Stáit.

Fág freagra ar 'Maoiniú €50,000 curtha ar fáil ag Joe McHugh do pháirc peile na Rosann i nDún na nGall'