Maoiniú ar leith d’óige na Gaeltachta molta ag Coiste Oireachtais

Tá moladh déanta ag Coiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán go gcuirfeadh go gcuirfeadh an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óga maoiniú sonrach ar fáil do na heagraíochtaí a oibríonn le daoine óga sa Ghaeltacht

Maoiniú ar leith d’óige na Gaeltachta molta ag Coiste Oireachtais

Tá sé molta ag coiste Oireachtais go n-aithneofaí óige na Gaeltachta mar ‘spriocghrúpa ann féin’ le maoiniú a fháil ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige.

Tá moladh déanta ag Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán go gcuirfeadh an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óga maoiniú sonrach ar fáil do na heagraíochtaí a oibríonn le daoine óga sa Ghaeltacht agus go mbeadh an maoiniú sin “ag teacht leis an maoiniú a chuirtear ar fáil d’eagraíochtaí a oibríonn le daoine óga atá ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla”.

Foilsíodh na moltaí inniu i dtuarascáil a d’eascair as cruinniú leis an eagraíocht Muintearas an mhí seo caite faoi ‘Straitéis Óige don Ghaeltacht’.

D’fhorbair Muintearas straitéis d’óige na Gaeltachta i ndiaidh dóibh dul i gcomhairle le grúpaí agus le daoine aonair ar fud na Gaeltachta faoin gceist.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Catherine Connolly gur ghá do dhaoine óga “aghaidh a thabhairt” ar na dúshláin atá rompu agus iad ag fás aníos sa Ghaeltacht le go mbeidh an deis acu fanacht Ghaeltacht nuair a fhágfaidh siad an scoil.

“Is é príomhaidhm na Straitéise seo, dul i ngleic leis na dúshláin sin agus dóchas agus cúnamh a thairiscint do dhaoine óga sa Ghaeltacht, ionas go mbeidh an rogha acu, más mian leo é, fanacht ina gcónaí ina gceantar féin agus a dteanga féin a thabhairt dá leanaí féin — an chéad ghlúin eile sa Ghaeltacht,” a dúirt Connolly inniu.

Chuir an coiste ar fad fáilte roimh an Straitéis “mar phlean gníomhach agus cuimsitheach a rachaidh chun tairbhe do dhaoine óga atá ina gcónaí sa Ghaeltacht agus a rachaidh chun tairbhe don Ghaeltacht féin”.

Ar na moltaí eile a dhéantar sa tuarascáil, moltar go dtabharfaí cúnamh do phobail Ghaeltachta “ionaid bualadh isteach” a bhunú inar féidir le daoine óga teacht le chéile agus gníomhaíochtaí agus ócáidí a eagrú trí mheán na Gaeilge.

Moltar go gcuirfí téacsleabhair oiriúnacha” sa Ghaeilge ar fáil do dhaltaí scoile le haghaidh gach ábhar sa tsraith shóisearach agus sa tsraith shinsearach araon, agus go mbainfí an sprioc áirithe sin amach taobh istigh de thrí bliana.

Maidir le daoine óga atá ina gcónaí i gceantair Ghaeltachta atá buailte ar chathracha móra a bhfuil institiúidí tríú leibhéal iontu, moltar go soláthrófaí seirbhís bhus áitiúil dóibh ionas go mbeidís in ann freastal ar an gcoláiste sna bailte móra sin agus iad fós ina gcónaí sa Ghaeltacht. Moltar freisin go gcuirfí seirbhís bhus ar fáil uair sa tseachtain ionas go mbeadh óige na Gaeltachta in ann freastal ar imeachtaí siamsaíochta agus fóillíochta sna bailte móra céanna.

Iarrtar sa tuarascáil ar eagraíochtaí spóirt amhail Cumann Lúthchleas Gael, Cumann Peile na hÉireann (FAI) agus Cumann Rugbaí na hÉireann (IRFU) “gach uile chabhair” a thabhairt d’eagraíochtaí spóirt atá lonnaithe sa Ghaeltacht feidhmiú as Gaeilge.

Fág freagra ar 'Maoiniú ar leith d’óige na Gaeltachta molta ag Coiste Oireachtais'