Maoiniú á lorg chun ‘Bád Eddie’ a chaomhnú i nGaoth Dobhair

Pléifear cás Bhád Eddie ag cruinniú de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall ag deireadh na míosa seo chugainn

Maoiniú á lorg chun ‘Bád Eddie’ a chaomhnú i nGaoth Dobhair

Aontaíodh ag cruinniú poiblí i nGaoth Dobhair le deireanas go lorgófaí maoiniú do chaomhnú an bháid cháiliúil Cara na Mara, nó ‘Bád Eddie’ mar a thugtar uirthi, ó Chomhairle Contae Dhún na nGall.

Reáchtáladh an cruinniú poiblí lena bhfuil i ndán don bhád, atá ina dhíol suntais i nGaoth Dobhair ó triomaíodh í ag tús na 1970idí, agus pléadh roghanna éagsúla – an bád a chaomhnú, a macasamhail a chur ina háit, nó fáil réidh ar fad léi.

Moladh ag an gcruinniú go lorgófaí an maoiniú ón gComhairle Contae le caoi a chur ar an mbád agus comharthaí eolais a chrochadh timpeall uirthi do lucht turasóireachta.

Áirítear an bád ar cheann de mhórphointí suntais Ghaoth Dobhair, mar aon le Loch Dhún Lúiche agus An tAragal. Tá Bád Eddie le feiceáil i bhfíseáin cheoil de chuid Clannad agus U2 agus is iomaí pictiúr a tógadh di i gcaitheamh na mblianta.

Dúirt an Comhairleoir John Shéamuis Ó Fearraigh le Tuairisc.ie gur roghnaíodh coiste sealadach oibre ag an gcruinniú poiblí.

“Tá coiste oibre roghnaithe agus is iadsan a bheidh ag plé leis an gceist go dtí go mbeidh cruinniú ann leis an gComhairle Contae an mhí seo chugainn.

“Táimid ag iarraidh oifigeach de chuid na Comhairle a thabhairt isteach leis an maoiniú a phlé. Beidh gá le staidéar féidearthachta leis an togra a mheas sula dtabharfar faoin gcéad chéim eile,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Fearraigh nach bhféadfaí a bheith cinnte faoin gcostas a bhainfeadh le caomhnú an bháid ach gur chosain tograí eile dá leithéid sa chontae idir €40,000 agus €50,000 ar an iomlán.

“Tá na foinsí airgid againn agus tig linn iad a úsáid. Bheadh dóchas agam go dtarlódh sé, ach caithfidh sé tarlú láithreach, má fhágtar bliain eile é beidh fadhbanna ann. Tá mé ag súil go ndéanfar an staidéar féidearthachta faoin Nollaig agus go dtosófar ar an obair go luath an bhliain seo chugainn.

“Tá an bád contúirteach faoi láthair. Tá comharthaí sábháilteachta timpeall uirthi anois, agus tá ceist ann faoi sin freisin – an nglacann an Chomhairle Contae leis an bhfreagracht? Níor gortaíodh duine ar bith ann go fóill, buíochas le Dia, ach tá contúirt ann,” a dúirt sé.

Pléifear cás Bhád Eddie ag cruinniú de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall ag deireadh na míosa seo chugainn.

Idir an dá linn, léireofar scéal an bháid ar chlár speisialta a chraolfar ar TG4 i gceann cúpla seachtain. Is í Sonia Nic Giolla Easpaig a stiúir an clár faisnéise Bád Eddie – L’ami de la Mer.

Fág freagra ar 'Maoiniú á lorg chun ‘Bád Eddie’ a chaomhnú i nGaoth Dobhair'