Mané a chuirfidh Liverpool ar an mbóthar ceart arís

Tabharfaidh Liverpool aghaidh ar Chelsea anocht i gcluiche tábhachtach i bPríomhroinn Shasana agus beidh foireann Jurgen Klopp ag brath go mór ar Sadio Mané atá fillte ar ais ó Chorn Náisiúin na hAfraice

Mané a chuirfidh Liverpool ar an mbóthar ceart arís

Is cinnte go bhfuil imreoirí Liverpool ag súil le teacht mhí Feabhra. Deirtear go bhfágann mí Eanáir daoine in ísle brí agus is léir go bhfuil na ‘January blues’ ag cur as d’fhoireann Jurgen Klopp.

Níl ach bua amháin faighte acu sna hocht gcluiche a d’imir siad go dtí seo in 2017 agus tháinig sé sin in athimirt i gCorn an FA i gcoinne Plymouth, foireann ón gceathrú roinn i Sasana.

Thug Southampton bata agus bóthar dóibh i mbabhta leathcheannais Chorn na Sraithe an tseachtain seo caite agus an deireadh seachtaine seo, díbríodh as Corn an FA iad nuair a chaill siad i gcoinne Wolves in Anfield.

Cé go bhfuil lucht an chlub  ag súil go mór le teacht an earraigh, tá dúshlán amháin fós rompu i mí Eanáir agus ní beag an dúshlán é. Tabharfaidh Liverpool aghaidh ar Chelsea anocht i gcluiche a bheidh cinniúnach, ní amháin do Liverpool, ach don Phríomhroinn uile.

Fágann cliseadh an deireadh seachtaine gurb í an Phríomhroinn an t-aon chomórtas ina bhfuil Liverpool fós san iomaíocht ach mura n-éiríonn leo anocht, is beag seans a bheidh acu an tsraith, nach bhfuil buaite acu ó 1990, a bhuachan i mbliana .

Nuair a bhuaigh siad ar Manchester City Oíche Chinn Bhliana, bhí Liverpool sa dara háit sa tsraith, sé phointe taobh thiar de Chelsea. Má chailleann siad in Anfield anocht, beidh siad 13 pointe taobh thiar d’fhoireann Antonio Conté agus an baol ann go dtitfidh siad chomh fada siar leis an gcúigiú háit i ndiaidh chluichí eile lár na seachtaine.

Beidh Klopp ag súil go mbeidh fáil aige don chluiche  ar Sadio Mané agus fear na Seineagáile tagtha ar ais ó Chorn Náisiúin na hAfraice. Ní haon comhtharlú  é gur thit an tóin as Liverpool agus eisean ar iarraidh. Scóráil Mané naoi gcúl dóibh i 19 cluiche, ach níorbh í sin  an t-aon chúis ar airigh Liverpool uathu é.

Ba í an chomhimirt idir Mané, Philippe Coutinho, Roberto Firmino agus Adam Lallana an chúis ba mhó go raibh  ag éirí go maith le Liverpool níos luaithe sa séasúr. Ba mhór an chomaoin orthu gliceas agus luas Mané agus dá uireasa, bíonn sé níos éasca Liverpool a stopadh.

Beidh tionchar ag filleadh Mané ar chruth na foirne chomh maith. Má thagann sé isteach ar an gcliathán, rachaidh Firmino isteach sa lár arís, áit ina mbíonn sé níos mó ar a chompord.

Ba é bua Liverpool i Stamford Bridge i mí Mheán Fómhair a léirigh go raibh siad ar cheann de na foirne ab fhearr sa tsraith, ach beidh dea-thoradh eile  ag teastáil uathu in aghaidh Chelsea anocht má fúthu a chruthú nach rith searraigh a bhí ansin.

 

Maidir le  Chelsea, tá seachtain thábhachtach rompu freisin agus iad ag imirt péire de na foirne is gaire dóibh sa tsraith. Chomh maith le cluiche na hoíche anocht in aghaidh Liverpool, tabharfaidh Arsenal cuairt ar Stamford Bridge Dé Sathairn.

Má éiríonn leo sa dá chluiche sin, beidh siad ar a laghad naoi bpointe chun cinn ar an bhfoireann a bheidh sa dara háit. Cé go bhfuil ceithre mhí fágtha sa séasúr, ba mhór an bhearna í sin.

Fág freagra ar 'Mané a chuirfidh Liverpool ar an mbóthar ceart arís'

  • Cóilín

    Le cúnamh dé.. Cén gaeilge atá ar YNWA :)