Man United v Arsenal: Cá bhfuil an teannas?

FÍSEÁIN - Na 5 eachtraí is achrannaí idir Manchester United agus Arsenal

Manchester United vs Arsenal i 1990 ©INPHO/Getty Images
Manchester United vs Arsenal i 1990
©INPHO/Getty Images

An Satharn seo, tabharfaidh Arsenal agus Manchester Utd aghaidh ar a chéile i bPríomhroinn Shasana, an babtha is déanaí i gceann de na coimhlintí is géire sa spórt.

Níl an ghráin atá ag na foirne ar a chéile chomh láidir is a bhí cupla bliain ó shin, áfach, go háirithe mar nach raibh Arsenal san iomaíocht don tsraith le píosa.

Ag breathnú ar na himreoirí a bheidh ag imirt san Emirates Dé Sathairn, níl na ‘bithiúnaigh’ chéanna ar an bpáirc, nó ar an taobhlíne agus a bhí roimhe seo.

Tá Fergie, Vieira, Keane agus iad sin uile imithe agus ní doigh liom go bhfuil an troid chéanna i leithéidí Mata, Cazorla agus Di Maria.

Chuaigh Tuairisc.ie siar ar bhóithrín na smaointe chun breathnú ar chuid de na heachtraí is nimhní a tharla i gcluichí idir an dá fhoireann cháiliúla seo.

1. Man Utd 0-1 Arsenal – 20 Deireadh Fómhair, 1990

Cé go raibh coimhlint ann roimhe seo, is é seo an cluiche a spreag an naimhdeas idir na foirne. Chuir Anders Limpar na ‘Gunners’ chun cinn díreach roimh leath ama, ach ba tar éis 60 nóiméad a tharla an eachtra a bhfuil cuimhne ag daoine fós air.

Bhí Limpar agus Denis Irwin beirt sa tóir ar an liathróid gar don taobhlíne nuair a léim cosantóir Arsenal, Nigel Winterburn, isteach sa ghleo. Calaois ard, chontúirteach a bhí ann.

Agus Winterburn fós sínte ar an talamh, tharraing Irwin agus Brian McLair ciceanna air.

Spreag sé sin gach duine eile chun dul i mbun achrainn agus faoin am go ndeachaigh rudaí chun suaimhnis, ba é cúl báire Arsenal, David Seaman, an t-aon imreoir nach raibh páirt glactha aige sa scliúchas.

Ar deireadh, níor thaispeán an réiteoir, Keith Hackett, ach cárta buí do Limpar agus Winterburn ach ní raibh an FA chomh tuisceanach céanna tar éis an chluiche.

Gearradh fíneáil £50,000 ar an dá chlub agus baineadh pointe amháin ó Utd agus dhá phointe ó Arsenal, mar gheall go raibh siad sin páirteach in eachtra eile mar é in aghaidh Norwich an bhliain roimhe sin.

2. Arsenal 3-2 Man Utd – 9 Samhain, 1997

Ag an tráth seo, bhí nimh idir Arsenal agus Utd aon uair a chas siad a ra chéile. Cúpla mí roimh an gcluiche seo, agus é ag labhairt faoi Arsenal agus Arsene Wenger sna meáin, dúirt Alex Ferguson nach raibh tuairim bheo ag Wenger faoi shacar Shasana agus nár cheart dó a chuid tuairimí a thabhairt ach faoin sacar sa tSeapáin, an tír ina raibh Wenger ag obair roimhe sin.

Ach sa slua is mó a bhí an nimh le brath an uair seo i Highbury. Caitheadh bonn airgid agus rudaí eile le Peter Schmeichel agus Nigel Winterburn i rith na 90 nóiméad agus ní dhearna Teddy Sheringham tada chun an teannas a mhaolú nuair a cheiliúir sé go míumhal os comhair lucht tacaíochta Arsenal tar éis cúl na cothroime a aimsiú sa dara leath.

Lean an t-achrann ar aghaidh i ndiaidh an chluiche agus gabhadh cuid de lucht leanta Utd agus Arsenal de bharr troid i dteach tábhairne gar do Highbury.

Cuireadh cúigear chuig an ospidéal ina dhiaidh.

3. Man Utd 0-0 Arsenal – 21 Meán Fómhair, 2003

Ceann de na cluichí is cáiliúla riamh i bPríomhroinn Shasana, is sa deich nóiméad dheireanacha a tharla an t-aicsean uile sa chluiche seo.

Tar éis 80 nóiméad, chuaigh Ruud Van Nistelrooy agus Patrick Vieira i ndiaidh na liathróide agus nuair a thit captaen Arsenal ar an talamh, tharraing sé cic ar an Ísiltíreach agus, cé nár aimsigh sé a sprioc, thaispeáin an réiteoir an dara cárta buí dó agus cuireadh den pháirc é.

Ansin, in am cúitimh, tharraing Martin Keown síos Diego Forlan sa chearnóg agus tugadh an deis do Van Nistelrooy an cluiche a bhuachan do Utd. Bhuail an tosach raspar de chic in aghaidh an trasnáin. Sula raibh an liathróid fiú tagtha amach arís, bhí Keown aghaidh ar aghaidh le Van Nistelrooy agus é á chiapadh.

Nuair a séideadh an fheadóg dheireanch 30 socind ina dhiaidh, bhailigh slua d’imreoirí Arsenal timpeall ar Van Nistelrooy chun íde béil a thabhairt dhó.

Chuaigh Keown agus Lauren céim níos faide nuair a leag siad lámha ar imreoir Utd agus tar éis an chluiche, rinne an FA fiosrúchán faoin achrann uile.

Gearradh fíneáil £175,000 ar Arsenal agus cuireadh roinnt imreoirí ón da thaobh ar fionraí, Lauren agus Keown ina measc.

4.Man Utd 2-0 Arsenal – 24 Deireadh Fómhair, 2004

Tháinig Arsenal go dtí Old Trafford mar sheaimpíní na sraithe agus 49 cluiche as a chéile imeartha acu gan aon cheann a chailleadh.

Tar eis gach ar tharla an bhliain roimhe, ní raibh móran seans go gcríochnódh an chluiche seo gan conspóid éigin eile a bheith ann.

Tharla an eachtra is achrannaí sa chluiche féin tar éis 72 nóiméad. Agus seilbh na liathróide ag Wayne Rooney sa chearnóg, thriail sé dul timpeall Sol Campbell. Rinne Campbell iarracht ar an liathróid agus thit Rooney chun talún, cé gur bhreathnaigh sé nach raibh aon teangmháil déanta aige le cos an chosantóra.

Shéid Mike Riley an fheadóg agus bhronn sé an cic éirice ar Utd, cic a d’aimsigh Ruud Van Nistelrooy, tar éis dó ceann a chur amú in aghaidh Arsenal an bhliain roimhe.

Chríochnaigh an cluiche 2-0 ach ní raibh deireadh leis an aicsean. Agus na himreoirí ag filleadh ar na seomraí feistis, bhí ina chogadh dearg eatarthu agus Arsene Wenger agus Alex Ferguson ina lár.

Faoin am a raibh gach rud socraithe síos, bhí slisne pizza caite ag imreoir Arsenal le Alex Ferguson. Ar Cesc Fabregas is mó a cuireadh an milleán, agus bhí ar bhainisteoir Utd culaith éadaigh nua a fháil sula raibh sé in ann a agallamh teilifíse a dhéanamh.

5.Arsenal 2-4 Man Utd – 1 Feabhra, 2005

Níos déanaí sa séasúr céanna, bhí troid sa tollán arís ach is roimh an gcluiche a bhí an t-achrann an t-am seo. Agus iad ag prapáíl roimh an gcluiche, chuaigh Patrick Vieira sall chuig Gary Neville chun bagairt a dhéanamh air maidir leis an gcaoi ar chaith sé le himreoir Arsenal, Robert Pires, sna cluichí roimhe seo.

Chuala Roy Keane, captaen Utd, faoi seo, agus ní mó ná sásta a bhí sé. Nuair a bhí an dá fhoireann ag fáil réidh chun dul amach ar an bpáirc, sheas Keane amach ar aghaidh Vieira chun a chuid tuairimí a ‘phlé’ leis an bhFrancach.

Is léir go raibh Keane ag iarraidh leanúint den argóint, “Picking on Gary Neville? Why can’t he pick on one of us?” a d’fhiafraigh Keane den réiteoir.

Pé rud faoin gcath sa tollán, is é Keane a bhuaigh an cogadh ar an bpáirc agus Utd ag buachan an chluiche 4-2, in ainneoin go raibh siad cúl chun deiridh faoi dhó. Ainmníodh Keane mar laoch na himeartha.

Fág freagra ar 'Man United v Arsenal: Cá bhfuil an teannas?'

  • Páid Ó Donnchú

    Ba rud sealadach é sin bunaithe ar an rath a tháinig ar Arse bunaithe ar an eolaíocht a thug Wenger isteach ó Mór-Rhoinn na hEorpa. Níl aon teannas fadtéarmach idir United agus Arse, mar gheall nach cumann sacair ceart iad Arse. Dream ardnósach a bhuail isteach ar phioc gaoithe ó Londain Theas. Spurs iad fíorchumann na háite, ag baile timpeall Bhóthar na Seacht nDeirfiúr, ceantar crua.