Man City v Man Utd – Na Cúig Chúl is Fearr

Agus na comharsain béal dorais, Manchester United agus Manchester City, ag tabhairt aghaidh ar a chéile an Domhnach seo, breathnaíonn Tuairisc.ie siar ar na cúil is fearr atá scóráilte sa chluichí eatarthu.

 

I bPríomhroinn Shasana an deireadh seachtaine seo, imreofar an 168ú cluiche idir Manchester United agus Manchester City. Is coimhlint í seo idir dhá fhoireann a bhfuil níos mó ná €950M caite ar imreoirí acu le cúig bliana anuas. Ar an bpáirc an Domhnach seo chugainn, beidh cuid de na tosaithe is fearr ar domhain, ar nós Aguero, Falcao, Sliva, Di Maria, etc.

Gan dabht, beidh na tosaithe a bheidh ag imirt níos cumasaí ná cuid mhaith de na cosantóirí a rachaidh chun páirce agus seans maith ann dá bharr go scórálfar cúpla cúl sa chluiche seo.

 

 

  1. Wayne Rooney v Man City – 2011

Ní fhéadfá gan tosú leis an gcúl seo. Pé acu an maith leat nó nach maith leat Rooney, ní féidir a shéanadh gur cúl den scoth a bhí anseo. D’athraigh an pas ó Nani a chúrsa nuair a bhuail an liathróid droim an chosantóra ach bhí Rooney fós in ann é fhéin a shocrú le hí a chur malairt treo agus cic aniar álainn a bhualadh uirthi.

Níos fearr fós, chinntigh an cúl an bua do United a bhí ar tí an phríomhroinn a bhuachan arís.

 

  1. Denis Law v Man Utd – 1974

Bhí sé sách dona go ndeachaigh Man Utd síos go Roinn 2 tar éis an cluiche seo a chailleadh, ach níos measa fós ba é Denis Law, seanlaoch United, a scóráil cúl na cinniúna…lena sháil. Mar atá le feiceáil sa bhfísean, diabhal mórán ceiliúrtha a rinne Law tar éis dó an cúl sin a scóráil mar nach raibh sé ag iarraidh gur airsean a chuirfí an milleán.

 

  1. Mark Hughes v City – 1989

Bhí an-cháil ar ‘Sparky’  as ciceanna siosúir a scóráil. Ba mhinic Hughes le feiceáil ag léim tríd an aer dá chlubanna agus dá thír agus is sampla iontach é seo den scil dhochreidte seo a bhí ag ‘Sparky’. Ar an drochuair do Hughes, bhí City 3-0 chun cinn nuair a d’aimsigh sé an cúl seo. (Bhuaigh siad an cluiche 5-1 sa deireadh.)

 

  1. Shaun Wright-Phillips v Utd – 2004

 

Is é an trua é nach bhfuil físeán níos fearr den chúl seo le fáil mar tá sé ar cheann de na cinn is fearr atá scóráilte sa chluichí ar fad idir na foirne seo. Ba é seo an chéad uair gur thug United cuairt ar staid nua a gcomharsan, The City of Manchester Stadium, nó The Etihad mar atá anois air. D’aimsigh Wright-Phillips an cúl deireanach sa bhua 4-1 a bhí ag City an lá sin. Thaispeáin sé anseo an luas agus an scil uile a thug ar Chelsea é a cheannach an bhliain dár gcionn.

 

  1. Nani v City – 2011

Is éachtanna aonair den chuid is mó atá feicthe againn go dtí seo, ach is comhimirt den scoth atá againn anseo. I gcluiche ceannais Chorn an Phobail 2011 a aimsíodh é agus cé nach é an cluiche is tabhachtaí ar domhan é, ní bhaineann sé seo puinn de chaighdeán an chúil. Chuir Utd deich bpas le chéile, gan imreoir ó City in ann cois a leagan ar an liathróid, sular chuir Nani críoch leis an ngluaiseacht álainn.

Fág freagra ar 'Man City v Man Utd – Na Cúig Chúl is Fearr'