Mamaíocha Spéiriúla an tSean-Nóis maraithe ag giollaíocht gasúr ag ranganna agus comórtais

Pléadh ceisteanna casta go stuama ag seimineár Oireachtas Chois Fharraige ar an sean-nós. Ach cá bhfuil na Ciarraígh? Agus, an dúchas nó oiliúint an dúil ainrianta seo san iomaíocht?

Mamaíocha Spéiriúla an tSean-Nóis maraithe ag giollaíocht gasúr ag ranganna agus comórtais

Nell Ní Chróinín, buaiteoir Chorn Uí Riada ag Oireachtas na Samhna 2014 i gCill Airne. Pictiúr: Clive Wasson

Cén sórt ainmhí é an sean-nós? Céard a bhíonn ó mholtóirí ag comórtais? An bhféadfá tionlacan a chur le hamhrán? An bhfuil comórtais ag cothú teicníc seachas croí agus anam? Cén aois a chaithfeas an t-amhrán a bheith le bheith ina shean-nós? An féidir an stíl seo a mhúineadh i rang? Ar cheart do ghasúir a bheith ag casadh Eanach Cuain? Ar cheart do phobail na nGaeltachtaí amhráin a chéile a mhalartú? An ndéantar nó an ndearnadh faillí ar phobail áirithe sna comórtais?

Ceisteanna casta a pléadh go mion agus go stuama ag seimineár Oireachtas Chois Fharraige ar an Satharn agus ar léirigh an slua a bhí i láthair an tóir atá ar an ábhar seo. Cheistigh an fonnadóir Caitlín Ní Chualáin triúr a bhfuil cáilíochtaí acadúla agus dúchais acu sa gceird – Róisín Nic Dhonncha as Iorras Aithneach, Lillis Ó Laoire as Gort an Choirce agus Ciarán Ó Gealbháin as an Rinn. Bhí neart smaointe spéisiúla ag an slua fonnadóirí a bhí i láthair faoin ealaín ársa dhúchasach seo. Ar thug mé aon treoir liom daoibhse atá ag triall ar an Oireachtas? Mo choimriú-sa ar ghaois an triúir – déan do chuid féin den amhrán, bíodh údar agus scéal an amhráin agat, cas ó do chroí agus do phutóga é agus tabhair ómós do fhriotal, do bhrí agus d’ábhar an amhráin. Ach cuimhnigh go bhfuil dhá leagan déag ar amhrán!

B’iontach Aisling Gheal, clár faoin Sean-Nós a rinne Bob Quinn do RTÉ sa gcéad seo caite a fheiceáil arís agus an t-ábhar céanna faoi chaibidil acu. B’in an uair go mbíodh ábhar cláir níos tábhachtaí ná clisteacht is gimicí teicniúla!

Spéisiúil sainmhíniú Sheáin Uí Riada ar an stíl seo amhránaíochta a chloisteáil – rialacha a ndearna moltóirí áirithe aitheanta Dé díobh agus an glaoch ar ais séanta ar an té a bhrisfeadh aon cheann acu. Saineolaithe ón taobh amuigh a bhí ann an uair sin agus muintir na Gaeltachta féin saineolaithe 2016.

Aithníodh an t-éacht atá déanta ag RnaG i gcaomhnú agus i gcothú an tsean-nóis ach bhíothas buartha chomh maith nach bhfuil aon ardán ar RnaG, ná aon mheán eile, do na daoine óga ar fad atá paiteanta ar amhráin a rá anois agus gur furasta do cheoltóirí uirlise ardán a fháil ná amhránaithe óga. Ar ndóigh leis an raidió, tháinig na deachtóirí teanga, caitheadh drochmheas ar an amhrán agus an bailéad Béarla agus ar an duine a déarfadh ceann acu i gcomhluadar measúil agus chuaigh siad i léig, mo léan. Bhain polaitíocht chorrach na seachtóidí croitheadh eile astu, ar ndóigh.

Bhraith mise eilifint amháin i Seanscoil Sailearna, an ceann céanna a bhraithim ag comórtais an Oireachtais. Ciarraíoch amháin níor luadh ar feadh na maidine nó cá bhfuil a gcuidsean fonnadóirí agus saineolaithe? An bhfuil a stíl as faisean? An nua-nós é sean-nós Chiarraí? An easpa croí atá ar an gCiarraíoch nó an bhfuil an Beauty Deas taobh le Páidí Mhárthain lena cáil a scaipeadh ar lucht an tsean-nóis?

Ach tá borradh faoi thionscal an cheoil agus na hamhránaíochta dúchais agus Mamaíocha Spéiriúla an tSean-Nóis maraithe agus bánaithe ag giollaíocht gasúr ag ranganna agus comórtais.

Caitear téarma anois ag cóitseáil na n-ógánach do chomórtais an Oireachtais agus níl aon ghaire ag an sceanairt a dhéantar ar réiteoirí peile ar sceana thuismitheoirí seo an chultúir. An dúchas nó oiliúint an dúil ainrianta seo san iomaíocht? Dúirt fonnadóir amháin go dtéann sí ag an Oireachtas mar go bhfaighidh sí éisteacht ansin, rud nach bhfuil éasca a fháil ar na saolta seo.

Má tá ifreann níos measa ná amhrán sean-nóis a rá fuar beathach agus tú i do chadhan aonraic ar stáitse feidheartha an Oireachtais, bainbh ag ramplúch i do bholg, ceamaraí agus soilse na teilifíse do phlúchadh le solas agus teas, giollaí an léiritheora ag bagairt ort agus míle moltóir cunórach os do chomhair amach, go gcoinní Dia as mé!