‘Mamaí! Stop ag cartadh nó caithfidh tú dul ar ais chuig do leaba féin!’

AG TOGÁIL CLAINNE: An tseachtain seo, d’imir Beainín na Naíonáin Bheaga an mámh ar Mhamaí - An Púca a sháraíonn chuile chárta eile

leaba‘Mamaí, ná bí ag cur d’anáil ar mo chloigeann,’ a dúirt ‘Beainín na Naíonáin Bheaga’ liom agus í beagán corraithe liom. Bhí mé luite lena taobh ina leaba bheag chúng. Ba scéal nua domsa é go raibh m’anáil á cur taobh ar bith agam seachas isteach is amach as mo chuid scamhógaí agus mé i mbun ceird fhánach na beatha.

Cúig nóiméad roimhe sin ní raibh mé ag cur isteach ná amach ar éinne. Bhí mé neadaithe go teolaí i mo leaba féin agus suan orm nuair a chuala mé béic mar a bheadh scread chráite na mná sí. ‘Áááááááááááááá!’

Chuala mé an gála agus díoscán clamhsánach an tí. Go deo arís, ní bhreathnóidh mé ar The Walking Dead roimh dul a chodladh, a mhionnaigh mé.

Go tobann, d’oscail doras an tseomra agus dhoirt slinneán solais isteach. Bhreathnaigh mé anonn. Níor léir dom éinne a bheith ann. An raibh rud éicint neamhshaolta ag corraí ar uair mharbh na hoíche?

Ghob síofróg bheag ghioblach thar an tairseach isteach agus labhair. ‘Mamaí, níl mé in ann codladh, an dtiocfaidh tú isteach i mo leaba,’ a dúirt sí go cráite.

‘Tá Mamaí an-tuirseach,’ a dúirt mé go soineanta, ‘gabh ar ais thú féin, maith an cailín.’

Chuir sí a dhá dhorn ar na corrógaí agus bhreathnaigh faoi na súile orm amhail is go raibh mé imithe ar an bhfóidín mearaí.

‘Ach, ní fhéadfaidh mé,’ a dúirt sí.

‘Cad chuige?’ a d’fhiafraigh mé di.

‘Bhuel,’ a dúirt sí go tomhaiste, ‘tá púca istigh i mo sheomra.’

Bhí an mámh imeartha aici. Tá a fhios ag chuile dhuine go sáraíonn An Púca chuile chárta eile. Chaithfinn éirí is aghaidh a thabhairt ar an bpúca gan agam ach na héadaí ar mo dhroim.  

‘Cá bhfaca tú é?’ a d’fhiafraigh mé di. Dhírigh sí a méar i dtreo bhun na leapan. Chroch mé suas an phluid agus bhreathnaigh mé faoi. Má bhí púca ann bhí sé imithe anois.

Luigh mé siar ar a leaba. ‘Níl a leithéid de rud ann agus púca, a leanbán,’ a dúirt mé léi. Níl a fhios agam ar chreid sí mé.

Ba ghearr go mbeadh sé ina mhaidin, bhí sé chomh maith agam fanacht ann anois. Chas mé ar thaobh amháin agus ansin ar thaobh eile. Thriail mé ruainne eile den phluid a sciobadh.

‘Mamaí,’ a dúirt sí go mífhoighdeach ar deireadh, ‘stop ag cartadh nó caithfidh tú dul ar ais chuig do leaba féin!’

Fág freagra ar '‘Mamaí! Stop ag cartadh nó caithfidh tú dul ar ais chuig do leaba féin!’'