Mám Trasna agus Páirc an Chrócaigh: piléir, peil agus doirteadh fola

Ceangal gan choinne atá idir daoine agus imeachtaí staire, a deir ár gcolúnaí, rud a léiríonn cluiche ceannais peile na hÉireann na bliana seo

Mám Trasna agus Páirc an Chrócaigh: piléir, peil agus doirteadh fola

An té a bhuailfidh isteach sa Chartlann Mhíleata i mBaile Átha Cliath, feicfidh sé ciombal ar taispeáint ann. Is i mbailiúchán an Bhráthar Allen atá an ciombal seo le feiceáil. Ní fios cér leis é ach is deimhnitheach gur le duine a bhí ag seinm ceoil roimh an gcluiche i 1920 ag ar tharla sléacht Dhomhnach na Fola i bPáirc an Chrócaigh. Tuigtear gur fhág an té ar leis é ina dhiaidh é nuair a thosaigh an sléacht á dhéanamh an lá úd.

Beirt a bhí ag imirt ar fhoireann Átha Cliath Domhnach na Fola ab ea Christy agus Joe Joyce, a bhain le cumann Parnell CLG. Ba chlann mhac iad sin do Mháirtín Seoighe, mac Sheáin Mháirtín Antoine, a dúnmharaíodh in éineacht lena mháthair, a bhean agus cuid dá chlann i Mám Trasna sa bhliain 1882.

Bhí Máirtín ar dhuine den bheirt a tháinig slán as sléacht Mhám Trasna, scéal a bhfuil cur síos iontach air sa leabhar Éagóir le Seán Ó Cuirreáin, toisc go raibh sé as baile oíche an uafáis. Chuig an Scoil Thionsclaíoch in Ard Aidhin a cuireadh é féin agus a dheartháir, Patsy, tar éis uafás Mhám Trasna. D’fhill Máirtín ar Ard Aidhin ina dhuine fásta agus is ann a d’fhan sé go lá a bháis.

Fearacht a n-athar, Máirtín, tháinig Christy agus Joe Joyce slán as an sléacht iad féin, cé go rabhadar ar aghaidh na bpiléar ar Dhomhnach na Fola i bPáirc an Chrócaigh.

Maidir leis an bhfear as ar ainmníodh a gcumann, Charles Stewart Parnell, Uachtarán Chumann na Talún, bhí sé sin ar dhuine de na daoine a d’impigh ar Rialtas na Breataine fiosrúchán oifigiúil a chur ar bun faoin gcaoi ar cúisíodh daoine i gcás Mhám Trasna agus faoin éagóir a rinneadh ar Sheoigheach eile, Maolra Sheáin, a crochadh as na dúnmharuithe ann cé nach raibh baint ná páirt aige leo.

I mBéarla a éisteadh an cás cúirte i mBaile Átha Cliath cé gur Gaeilge amháin a bhí ag formhór na ndaoine a cuireadh ar a dtriail ann. Bhí cás Mhám Trasna ar cheann de na ceisteanna a chuidigh le Parnell an ruaig a chur ar Liobrálaigh Gladstone, rud a d’athraigh ó bhonn cúrsa stair na hÉireann.

Sé bliana i ndiaidh Dhomhnach na Fola, iarradh ar phoblachtánach a ghlac páirt i gCogadh na Saoirse é féin Gaeilge a chur ar ‘A Soldier’s Song’. Liam Ó Rinn ab ainm dó, as an mBaile Bocht, in aice Pháirc na nGael. Amhrán na bhFiann a chloisfí feasta roimh chluichí Chumann Lúthchleas Gael, cé go mbeadh an ciombal fós lárnach sa scéal.

Ach a mbeidh an t-amhrán céanna seinnte ag ógánaigh Ard Aidhin Dé Domhnaigh, cíorfar ceisteanna a bhaineann macallaí as stair na hÉireann agus scéal Mhám Trasna. Labhrófar sa dá theanga ar chúrsaí seilbhe, ar phaistí talún nó stráicí den pháirc a chosaint nó a ghéilleadh; ar an bhfear ceart a aimsiú ag an am ceart; ar chothrom na Féinne agus ar riar an chirt ag maoir agus ag réiteoir, dream a mbeifear ag súil le misneach agus macántacht uathu.

Beidh duine de chomhimreoirí Kevin Heffernan, Johnny Joyce – garmhac Mháirtín Seoighe – ag coimeád súil ghéar ar imeachtaí.