Maitear i gcónaí coiriúlacht an bhóna bháin

Má tá mála láimhe ‘Diamaint go Deo’ de chuid Chanel agat nó bóna bán ort gach seans go scaoilfear leat ach seachain an té a sciobfadh casóg ó Penneys

White collar handcuffs

Ní mór duit géilleadh do na steiréitíopaí ar na saolta seo.

Siúlann an fear óg drochghléasta, cuma amhrasach air, ar ndóigh, isteach i siopa éadaigh Penneys.

Titeann i ngrá le casóg phíolóta. Cuireann air í laistigh dá sheanchóta asail agus siúlann amach. Beirtear air. Tugtar go dtí stáisiún na ngardaí é. Admhaíonn é. Cúisítear. Sé mhí.

Maidir leis an ngearrchaile dathúil dea-ghléasta as na hárasáin ar Éirinn nach neosfaí cé hiad, bhuel pé taom a bhuail í nár sciob sí uaireadóir bréagórga a deineadh in Hong Cong as siopa seodóra san ionad siopadóireachta le déanaí.

Sé mhí a tugadh di freisin ach cuireadh trí mhí den mhéid sin ar fionraí toisc go mba mháthair aonair linbh sé mhí í.

Bheifeá cráite acu ná beifeá, daoine mar iad. Ba cheart iad a chur faoi ghlas in áit éigin as an tslí agus an eochair a chaitheamh isteach in Abhainn na Life nó na Laoi.

Anois cad faoin bhfear agus faoin mbean atá taobh thiar de (nó faoin mbean agus faoin bhfear atá taobh thiar di) a bhris an banc (agus an cáiníocóir freisin) lena gcuid gadaíochta agus uisce faoi thalamh? Á, tá steiréitíopa ann dóibh siúd freisin, nach bhfuil? Cinnte tá. Má tá €1,000 agat ar an mbanc tá fadhb mhór agat ach má tá €1,000,000 agat ar an mbanc tá fadhb mhór ag an mbanc.

Más rud é go mbíonn an coirpeach mór le rá agus seiftiúil agus ardaicmeach agus mór is fiú – ‘duine dass’ – bíonn sé an-deacair go deo, ar chuma éigin, breith air/uirthi agus é/í a thabhairt os comhair na cúirte gan trácht ar é/í a chúiseamh agus a dhaoradh.

Bíonn an pobal i gcoitinne agus na meáin chumarsáide agus na húdaráis i gcoitinne mall agus drogallach go leor íde na muc is na madraí a thabhairt do dhaoine mar seo. Uaireanta fiú, iontas na n-iontas, preabann siad aníos, mar a déarfá, ar chláir theilifíse agus raidió, gan trácht ar nuachtáin áirithe chun a dtaobhsan den scéal a nochtadh do phobal na tíre.

Táimid ag caint faoi phríomfheidhmeannaigh, polaiteoirí, fir agus mná gnó, ceiliúráin shaibhre srl.

‘Is fearr cara sa chúirt ná euro sa sparán.’

Nach fíor é?

Is fearr spúnóg amháin dlí ná bairille dí, mar a déarfá.

Is iontach an rud é a bheith in ann dlíodóir maith agus abhcóide iontach a fhostú nuair a bhíonn tú i sáinn. Ní féidir leo an domhan a bhogadh ar do shon ach is féidir leo an phian a mhaolú.

Taidhleoireacht an tseicleabhair.

Nó taidhleoireacht na híocaíochta ar líne ba chirte a rá. Tógann sé an tsíoraíocht chun riar an chirt a dháileadh ar choirpigh an bhóna bháin agus an mhála láimhe ‘Diamaint go Deo’ de chuid Chanel, feictear domsa.

Bíonn siar is aniar (gan trácht ar soir agus anoir) a leanann ar aghaidh is ar aghaidh is ar aghaidh. Bunaítear binsí fiosrúcháin fiú chun teacht ar fhírinne an scéil go minic.

Agus an gcuirtear na ‘bónaí bána’ agus na ‘málaí láimhe costasacha’ i ngéibheann riamh? Is fíor-annamh a tharlaíonn sé, feictear domsa.

An dtugtar bata agus bóthar dóibh as a bpoist agus as a ngairmeacha polaitiúla? Ní heol dom go dtugtar. Agus cad faoin airgead a goideadh agus an dochar a deineadh a aisíoc agus cúiteamh a dhéanamh ina raibh déanta? Bí ag brionglóidigh leat, a mhic.

Níos minice ná riamh déantar athshlánú ar a ndroch-chlú ar chláir theilifíse agus ar nuachtáin níos faide anonn. Bíonn a gcairde sa chúirt thar a bheith gnóthach ag iarraidh a chur ina luí ar an bpobal go mba dhaoine maithe iad, go raibh dea-obair déanta acu, go bhféadfadh éinne botún a dhéanamh srl. Agus sara mbeadh ‘cait amach!’ ráite ag bean an tí lena Pangur mór Peirseach tar éis dó a stéig bhradáin a ghoid óna pláta faid is a bhí sí ag scaidhpeáil a hiníne san Astráil, bíonn siad thar n-ais ar ár scáileáin theilifíse agus ar leathanaigh chúlchainte inár nuachtáin agus gan cíos, cás ná cathú orthu ach iad ar mhuin na muice agus ar scamall a naoi, na bithiúnaigh, na bligeaird agus na buinneacháin.

Agus iad ag insint dúinn go bhfuil a gceacht foghlamtha acu, go bhfuil leathanach nua iompaithe acu, go bhfuil an bíobla á léamh acu ar bhonn rialta agus go bhfuil siad ag obair do chumann carthanachta anois.

Cumann carthanachta? 

Yeah, right!

Fág freagra ar 'Maitear i gcónaí coiriúlacht an bhóna bháin'

  • padraig

    sceits ana-mhaith, bionn an fhirinne searbh go deimhin/domhain