Mais, c’est quoi un Cathaoirleach?

Nod do chomhairleoirí Chill Airne; ní bhíonn aon fhadhb ag Frau Merkel leis an teideal 'Taoiseach' nuair a bhíonn jabannaí beaga á dtabhairt aici do cheannaire na tíre seo.

“It could be some fella from the mountain who is after taking over the town,” a deir sé. (Déarfadh duine eile go bhfuil an baile fé smacht na ‘mountainy men’ ó Chill Garbháin cheana féin, ach sin scéal eile).

o-DRUNK-DRIVING-PERMIT-facebook
Danny Healy-Rae a dúirt gur cheart don Aire “cop[ping] on” mar nach raibh ciall ná réasún le bheith ag iarraidh an téarma Cathaoirleach a mhíniú do thurasóirí bochta.

Baineadh stad, agus an-stad, asam an lá eile agus mé ag éisteacht leis an raidió.

Duine de chomhairleoirí contae Chiarraí, duine a bhíonn le clos go mion minic ar an stáisiún úd, Micheál Ó Gliasáin, a bhí ag caint agus é á cháiseamh aige nár thug an tAire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, Alan Kelly TD, aon toradh ar achainí na gcomhairleoirí go gcaithfí an téarma ‘Cathaoirleach’ i dtraipisí mar theideal ar phiarda mór Chill Airne agus an téarma deas béasach ‘Mayor’ a úsáid ina ionad.

Chuir seasamh Mhíchíl ionadh orm, é a bheith ag taobhú le téarma iasachta in ionad téarma deas dár gcuid féin, ach bhí a chúiseanna féin ag Micheál lena sheasamh agus beatha duine a thoil.

Má bhí conach beag ar an nGliasánach, bhí Danny Healy-Rae dulta bán ar fad fé.

Go deimhin, bhí sé oiriúnach le ceangal. Bheadh sé curtha soir murach gur thoir atá sé cheana féin.

Dúirt sé gur cheart don Aire “cop[ping] on,” mar nach raibh ciall ná réasún ag baint le bheith ag iarraidh an téarma Cathaoirleach a mhíniú do thurasóirí bochta.

“It could be some fella from the mountain who is after taking over the town,” a deir sé. (Déarfadh duine eile go bhfuil an baile fé smacht na ‘mountainy men’ ó Chill Garbháin cheana féin, ach sin scéal eile).

Dar leis na comhairleoirí, ní féidir leis na turasóirí seo, a thagann go dtí Cill Airne ós na ceithre hairde agus ar a bhfuil eacnamaíocht an bhaile ag brath, aon téarma eile a thuiscint, is cuma cad as a ngeibheann siad, ach ‘mayor’.

Cuireann an ‘cathaoirleach’ mearbhall agus spearbal orthu, agus ní thuigeann siad gur le polaiteoir mór le rá a bhíonn siad ag caint nuair a chasann an cathaoirleach orthu.

Caithfidh go bhfuil na turasóirí dall ar an slabhra áibhéalta óir a bhíonn ar crochadh le cuing mhuiníl an chathaoirligh chomh maith.

Ní thuigimse dearcadh na gcomhairleoirí ach is dearcadh é a nochtar anois agus arís sa tír seo, go háirithe i gcúrsaí turasóireachta.

Creidtear gur chóir aon ghné dhúchasach dár sochaí a cheilt d’fhonn turasóirí a chur ar a gcompord.

Creidtear gur eispéireas Angla-Mheiriceánach atá ó thurasóirí, gur bac é oidhreacht agus cultúr na tíre ar dhóthain pinginí a chrú ós na sluaite deoranta.

Dar leis an dtuiscint iarchoilíneach seo, níl aon áit ag mórchuid dár bhféiniúlacht i ngnó na turasóireachta, seachas b’fhéidir maide pínt pórtair a chur ós a gcomhair.

Is a mhalairt ar fad atá fíor.

Téann daoine ag taisteal chun cultúir, pobail agus oidhreachtaí nua a bhlaiseadh.

Ní théann éinne ag taisteal chun an t-eispéireas ceannann céanna is atá acu ag baile a fháil.

Tá ár gcultúr féin againn sa tír seo – ár gceol is ár n-amhráin féin,  ár litríocht is ár mbéaloideas féin, ár gcluichí is ár dteanga féin. Sin atá á lorg ag an-chuid dár gcuairteoirí seachas tír a bheith ag déanamh aithrise ar thír éigin eile.

Tamall de bhlianta ó shin, le linn ré an Tíogair Cheiltigh, tháinig titim thubaisteach ar líon na ndaoine ón mBreatain a bhí ag teacht chun na tíre seo.

Dhein Fáilte Ireland suirbhé ar na cúiseanna a bhí laistiar de seo, agus i measc na fáthanna a nochtadh, bhí sé seo a leanas: cheap an Briotanach go rabhamar róchosúil leo féin agus go mb’fhearr dhóibh a gcuid laethanta saoire a chaitheamh sa Lake District nó sna Cotswolds seachas teacht thar bóchna.

Nuair a bhíodar in Éirinn, ní raibh le cloisint acu ach Béarla, sacar nó sobaldrámaí Sasanacha ar an dteilifís i ngach tábhairne, fish ‘n chips agus lasagne i ngach bialann; popcheol ar gach raidió, na siopaí céanna.

B’amhlaidh siúl síos Sráid Grafton nó Opera Lane agus a bheith ag siúl síos Oxford St.

Bhí clagarnach báistí ag titim anuas orthu formhór an ama. Cad ab áil dóibh costas mór a chur orthu féin chun a leithéid a fháil, nuair atá sé ar lic an dorais acu ag baile?

Is macalla beag é conspóid seo an chathaoirligh/an mhéara de ghné áirithe de chonspóid na Gaelainne ar chomharthaí bóthair, agus iarracht den gciníochas ag baint leis.

Ní féidir ‘cathaoirleach’ a mhíniú d’eachtrannaigh dúra, sa tslí chéanna nach féidir leo bailte le hainmneacha Gaelainne a aithint ar mhapaí.

Tugtar le tuiscint dúinn nach bhfuil ag taisteal ar fud na tíre seo ach ailpeanna amadáin agus óinseach agus nach bhfuil meabhair ná ciall acu chun aon rud nua a fhoghlaim dóibh féin.

Go bhfóire Dia ar éinne acu a théann trí thimpiste dtí an Fhrainc nó dtí an Iodáil – thitfeadh an t-anam astu láithreach san aerfort.

Nod do chomhairleoirí Chill Airne: ní bhíonn aon fhadhb ag Frau Merkel leis an teideal ‘Taoiseach’ nuair a bhíonn jabannaí beaga á dtabhairt aici do cheannaire na tíre seo le déanamh.

Bhí banríon Shasana í féin breá compordach leis an bhfocal ‘Uachtarán’.

Ní cás do na comhairleoirí a seanbhlas agus a náire ar ár bhféiniúlacht a fhágaint ar leataobh agus mórtas cine éigin a chur ós comhair an tsaoil.

B’fhéidir go gcuirfí ionadh orthu.

Fág freagra ar 'Mais, c’est quoi un Cathaoirleach?'

  • Concubhar Ó Liatháin

    Ar son Dé ná déarfadh aoinne leo go bhfuil an tOIreachtas ar bun i gCill AIrne an tseachtain seo nó beidh siad ag iarraidh Béarla a chur ar an bhféile sin.

  • Críostóir Ó Faoláin

    An mbeidh an ‘Mayor’ i láthair ag an tOireachtas?