MÁIRTÍN Ó MUILLEOIR: ‘Ní hí seo 1969. Seo 2017. Tá sé thar am Acht Teanga a bheith againn’

Samhlaigh seo: Tá an seasamh agus an stádas céanna — nó an easpa stádais — ag an Ghaeilge inniu agus a bhí aici i 1971 nuair a bunaíodh an chéad bhunscoil Ghaeilge i mBéal Feirste

MÁIRTÍN Ó MUILLEOIR: ‘Ní hí seo 1969. Seo 2017. Tá sé thar am Acht Teanga a bheith againn’

An tseachtain seo caite, d’fhreastail mé ar thrí imeacht Gaeilge i mBéal Feirste.

Léacht le Gearóid Ó Tuathaigh, seoladh leabhráin ag Cnoc an Anfa agus ceiliúradh 20 bliain Aisling Ghéar.

Bhí mianach, ardmheanma agus dóchas an phobail Ghaeilge le sonrú ag an trí himeacht.

Tá meas ar athbheochan na Gaeilge i mBéal Feirste ar fud na hÉireann. Leoga, dearctar ar Bhéal Feirste mar phríomhchathair na Gaeilge in Éirinn.

Ní nach ionadh nuair a tchí tú an spiorad agus an lúcháir a bhaineann le cainteoirí óga na teanga sin san fhíseán seo de cuid Nós.

Cé nach mbeadh bródúil as seoid mar sin a bheith ag pobal?

Ar an drochuair, tá dream ann a dhiúltaíonn do thaisce roinnte seo na Gaeilge.

As siocair an droim láimhe a thug lucht an ‘Ní hea’ le comhaontuithe a shínigh siad agus le gheallúintí a rinne siad, níl aon stádas oifigiúil ag an Ghaeilge sa Tuaisceart.

Samhlaigh seo: Tá an seasamh agus an stádas céanna — nó an easpa stádais — ag an Ghaeilge inniu agus a bhí aici i 1971 nuair a bunaíodh an chéad bhunscoil Ghaeilge i mBéal Feirste.

San idirlinn tá réabhlóid teanga i ndiaidh bláthú sa Tuaisceart.

Tá daoine ann ar mhaith leo an clog a thiontú siar ach is chun tosaigh atá pobal na Gaeilge ag triall.

Ní hí seo 1969. Seo 2017. Tá sé thar am Acht Teanga a bheith againn.

– Is iar-aire airgeadais é Máirtín Ó Muilleoir. Toghadh do Shinn Féin i dtoghchán an Tionóil níos túisce an mhí seo