Máirtín ó Muilleoir i measc na nAirí a cheapfar i Stormont inniu

Cuirfear na hainmniúcháin aireachta faoi bhráid an Tionóil tar éis meán lae inniu

Ceistneoir-Mairtin O Muilleoir

Neosfar cé hiad airí nua Stormont tar éis meán lae inniu agus meastar gur aireacht airgeadais a bheidh ag Máirtín Ó Muilleoir, iar-Mhéara Bhéal Feirste agus iar-fhoilsitheoir an nuachtáin Ghaeilge .

D’fhógair ceannaire Shinn Féin i Stormont, an LeasChéad-Aire Martin McGuinness, foireann aireachta a pháirtí ag nuachtócáid i Stormont tráthnóna inné.agus ba é Ó Muilleoir an té is iomráití den bhuíon.

Níl ach duine amháin ina measc a bhí i mbun aireachta cheana. Sin í Michelle O’Neill, Lár Uladh, a bhí ina haire talmhaíochta roimh an toghchán. Is iad Chris Hazzard, an Dún Theas, agus Megan Fearon, an tIúr/Ard Mhacha, an bheirt eile. Meastar gur aireacht sóisir a bheidh ag Fearon atá 24 bliain d’aois.

Ní neosfar cé na haireachtaí a bheidh ag na teachtaí go dtí go gcuirfear na hainmniúcháin faoi bhráid an Tionóil tar éis meán lae inniu. Meastar go bhféadfadh Ó Muilleoir, ar fear gnó é, a bheith ina aire sa Roinn Eacnamaíochta nua, roinn a bheidh freagrach as forbairt thionsclaíoch agus cúrsaí infheistíochta.

Níor thug McGuinness leide ar bith faoi cé a bheadh mar Aire Cirt sa réimeas nua ach dúirt go raibh sé ‘100%’ cinnte go ndéanfar duine a cheapadh sa phost. Chaithfí toghchán eile a ghairm dá dteipfeadh ar an DUP agus Sinn Féin Aire Cirt a cheapadh.

Ní bheidh ach an DUP agus Sinn Féin sa bhFeidhmeannas ó chinn an UUP agus an SDLP a dhul sa bhfreasúra. Tá éiginnteacht faoin aireacht cirt ó thug Alliance an t-eiteachas don phost seachtain ó shin. Dúirt Arlene Foster nach nglacfadh an DUP le ball de Shinn Féin mar Aire Cirt. Mhaígh lucht tacaíochta Shinn Féin gurb é Acht na Gaeilge, nó comhghéilleadh inchurtha leis, an praghas is lú ba cheart do McGuinness agus a fhoireann a fháil dá nglacfaidís le ball den DUP mar Aire Cirt.

Fág freagra ar 'Máirtín ó Muilleoir i measc na nAirí a cheapfar i Stormont inniu'