Máirtín Ó Cadhain le filleadh ar Aerfort Bhaile Átha Cliath

Tá ardaitheoir san áit ina mbíodh múrmhaisiú gloine den Chadhnach i halla imeachta Chríochfort 1 in Aerfort Bhaile Átha Cliath

Máirtín Ó Cadhain le filleadh ar Aerfort Bhaile Átha Cliath

Tá sé i gceist ag Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath an múrmhaisiú den scríbhneoir mór le rá Máirtín Ó Cadhain a chrochadh arís san aerfort go luath.

Bhí 12 múrmhaisiú ar crochadh san aerfort in ómós do 12 údar cáiliúil as Éirinn, ach baineadh múrmhaisiú an Chadhnaigh agus ceann eile anuas roinnt míonna ó shin.

Bhí múrmhaisiú Uí Chadhain ar crochadh in aice le tábhairne sa halla imeachta, ach baineadh anuas é le slí a dhéanamh d’ardaitheoir nua.

Dúirt urlabhraí de chuid Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath le Tuairisc.ie go bhfuil sé i gceist acu an íomhá den Chadhnach, a bhfuil sliocht as Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca greanta uirthi, a chur ar ais arís, ach go mbeidh sé in ionad difriúil san aerfort.

Ba é Máirtín Ó Cadhain an t-aon scríbhneoir Gaeilge a bhí le feiceáil ar an 12 múrmhaisiú a crochadh mar cheiliúradh ar scríbhneoirí na tíre seo.

Ba ar an iris Comhar a tháinig sé chun solais i gcaitheamh an tsamhraidh go raibh ‘an tsraith ar lár’ fad a bhain sé leis an gCadhnach in Aerfort Bhaile Átha Cliath.

Tá James Joyce, Samuel Beckett agus Oscar Wilde ar na scríbhneoirí Béarla atá le feiceáil ar bhallaí an aerfoirt.

Fág freagra ar 'Máirtín Ó Cadhain le filleadh ar Aerfort Bhaile Átha Cliath'