Máirtín Jaimsie, Katie Perry agus Thomas Edward Patrick Brady

Beidh na New England Patriots ar ais arís i Super Bowl an Domhnaigh seo chugainn, rud a spreag ár gcolúnaí chun machnaimh ar chúrsaí ceoil agus ar an lá rinne Máirtín Jaimsie ceap magaidh de

Máirtín Jaimsie, Katy Perry agus Thomas Edward Patrick Brady
Máirtín Jaimsie, Katy Perry agus Thomas Edward Patrick Brady

Tá taithí mhaith agaibhse a léann an colún sa nuachtán seo ar shárchumas grinn agus scríobhneoireachta Mháirtín Jaimsie. Deich mbliana fichead díreach go ham seo go díreach a thapaigh sé deis a d’fhág mé féin ina cheap magaidh aige.

Bhí na New England Patriots agus na Chicago Bears lena chéile a imirt i gcluiche mór peile na bliana sna Státaí agus cara de mo chuid i mBostún tar éis t-léine ag ceiliúradh na hócáide a chur chugam. Super Bowl XX a bhí greanta chun tosaigh ar an t-léine, os rud é go mba é an 20ú imirt ar cheann de mhórócáidí spóirt na bliana.

“Tá d’ainm litrithe mícheart acu air sin, a bhuachaill. Tá ‘X’ le cois curtha acu ann”,  a deir Máirtín, ar shiúl dom isteach i Seomra na Nuachta i Raidió na Gaeltachta, áit a raibh an bheirt againn ag obair ag an am.

(Mura bhfuil sé ag teacht leat ar an gcéad iarraidh, scríobh síos leis an ‘‘X’ amháin é agus ansin léigh amach os ard. Tuigfidh tú ansin an cháilíocht a bhí mo Jaimsie breá a bhronnadh orm).

Beidh na Patriots ar ais arís i Super Bowl an Domhnaigh seo chugainn. Na Seattle Seahawks a bheidh ina gcoinne. Supewbowl XLIX. Níl aon t-léine agam an babhta seo, ach dá mbeadh, fágann leagan amach na n-uimhmreacha Laidine a thugann le fios gurb é an 49ú ceann é go mbeadh sé chomh héasca céanna ag fear Árann tosaí ag fonóid fúm. ‘Fachtóir X’ i gconaí!

Bliain i ndiaidh bliana, is é an Super Bowl an craoladh is mó a tharraingíonn lucht féachana sna Státaí. Anuraidh bhí os cionn 112 milliún duine ag breathnú ar an ngreadadh a thug Seattle do na Denver Broncos – an líon is mó a d’fhéach ar aon chlár teilifíse sa tír sin riamh.

Os rud é gur Spórt Meiriceanach atá i gceist, níl ann ach an ceart go mbeadh corr eicínt i gceist – an ceann áirithe seo gur mó a bhíonn ag breathnú ar an teilifís nuair a bhíonn leathama sa Super Bowl ná a bhíonn ar an imirt féin.

Téamaí tírghrácha, bannaí máirseála nó omós do cheoltóirí móra le rá de chuma Duke Ellington agus Louis Armstrong ba bhunábhar le siamsaíocht leathama an Super Bowl i dtosach, ach tar éis do Michael Jackson an lucht féachana ba mhó go dtí sin a mhealladh i 1993, socraíodh gur réalta pop a dhéanfadh an bheart as sin amach.   

Tugann an liosta léargas ar an gcaoi a dtáinig athrú ar an gcineál ceoil ab ansa le daoine – Tony Bennet (1995) ; Diana Ross (‘96); The Blues Brothers (’97); The Temptations (’98); Stevie Wonder & Glora Estefan (’99); Tina Turner (2000); Aerosmith (’01); U2 (’02); Justin Timberlake (’04); The Rolling Stones (’06); Bruce Springsteen (’09); Black Eyed Peas (2011); Madonna (’12); Beyoncé (’13)  agus Red Hot Chilli Peppers anuraidh.

Dé Domhnaigh seo chugainn is iad Katie Perry agus Lenny Kravitz a choinneoidh ón gciotail nó ón leaba sibh. Faraor, sin uile a bhfuil d’eolas agam fúthu, cé go ndeir mo chara, an tUasal Gúgail, liom go bhfuil suas le 200 milliún ceirnín díolta acu eatarthu. (Ní baileach gur ‘ceirnín’ a dúirt sé, ach tuigeann tú leat mé!).

Léiriú ar an gcumhacht a bhaineann anois le siamsaíocht leathama an Super Bowl gur smaoinigh an NFL ar phlean i mbliana nach dtabharfaí   airgead do na pop-réalta móra as a bheith ag casadh, ach gurb é a bheadh ann go n-íocfadh siad siúd as an deis a fháil a gcuid talainne a chur i láthair an lucht féachana is mó dá bhfuil ann. Ní nach ionadh, ba bheag glacadh a bhí lena bplean.

Comharthaí mar sin féin nach bhfuil an t-airgead baileach chomh flúirseach agus a bhíodh is ea go bhfuil fáil ar thicéid fós a scaoilfidh isteach chuig an gcluiche thú i Pheonix Arizona Dé Domhnaigh seo chugainn agus nach bhfuil an fhógraíocht teilifíse ar fad díolta.

Agus sin ráite, tá beagnach $3,000 dollar ar an ticéad is saoire – chomh hard sin sa University of Pheonix Stadium agus nár mhór duit do chloigeann a chromadh agus eitleán ag teacht an bealach. Tá os cionn $10,000 ar thicéad ag leibhéal na páirce.

Laghdú a bheith tagtha ar an bhfógraíocht atá lucht déanta gluaisteán a dhéanamh is cúis le fógraíocht a bheith le ceannacht i gcónaí de réir dealraimh. Ach is in airde atá na táille gaibhte – $4.5 milliún ar 30 socind, leathmhilliún níos mó ná an bhliain seo caite.

Agus an cluiche. Ba dhóbair dom dearmad a dhéanamh go raibh beagan imeartha le déanamh freisin!

Ag tús an tséasúir, ba iad na Seahawks (NFC) agus na Patriots (AFC) na foirne ba mhó a raibh ceapadh dóibh sna ranna ina n-imríonn siad. Lena linn, tá 12 cluiche buaite acu beirt agus 4 cinn caillte. Is ag na Patriots atá an ráta scórála is fearr, ach is daingne cosaint a gcéilí comhraic.

Ní ceal cúnaimh a fhágfaidh nach mbeidh siad ardoillte ag an mbeirt atá ina gceannas – Pete Carroll (Seahawks) agus Bill Belichick (Patriots). Seo a leanas a bhfuil de choachálaithe ag Seattle, (Patriots idir lúibíní): Coachálaithe Ionsaithe 10 (5); Cosanta 7 (5); Foirne speisialta 2 (2); Neart agus Aclaíocht 3 (2).

Ar an liosta sin de chótsealaithe Seattle tá Ken Norton Jnr., a raibh a athair ar dhuine den bheagán dornálaí a bhuaigh ar Muhammad Ali.

Mo roghasa? Foireann ar bith a bhfuil fear den ainm Thomas Edward Patrick Brady ag imirt dóibh, ní bheidh siad i bhfad as marc. Fág ag an t-léine é!

Fág freagra ar 'Máirtín Jaimsie, Katie Perry agus Thomas Edward Patrick Brady'