Máire Treasa Ní Dhubhghaill ó TG4 san iomaíocht do Ghradam Réalta Óg IFTA

Tá Máire Treasa Ní Dhubhghaill, láithreoir Rugbaí Beo agus cláracha eile ar TG4, ainmnithe do Ghradam Réalta Óg ag gradaim IFTA a bheidh ar siúl an mhí seo chugainn i mBaile Átha Cliath

Máire Treasa Ní Dhubhghaill ó TG4 san iomaíocht do Ghradam Réalta Óg IFTA

Vóta poiblí atá ann agus tá cúigear eile san iomaíocht le bean Indreabháin chun an gradam a bhuachan: Angela Scanlon, láithreoir Robot Wars; Kevin McGahern, fuirseoir ó Republic of Telly; Vogue Williams, láithreoir Wildgirls; Darren Kennedy, fear faisin agus láithreoir teilifíse agus an fuirseoir Al Porter.

Roghnaigh painéal “saineolaithe ón earnáil” an seisear agus roghnóidh an pobal an buaiteoir trí vótaí a chaitheamh sna seachtainí amach romhainn ar shuíomh Facebook an tsiopa Gala, atá ag tabhairt urraíochta don ghradam.

“Tugtar aitheantas leis an ngradam seo do scil agus do thallann an tseisir ‘réaltaí óga theilifís na hÉireann’, atá tar éis iad féin a chruthú mar láithreoirí cumasacha, muiníneacha nach gcuireann rud ar bith faitíos orthu. Níl aon amhras ann ach go bhfuil deiseanna iontacha i ndán dóibh agus iad ag dul chun chinn in Éirinn agus thar lear,” a dúirt Príomhfheidhmeannach IFTA, Áine Moriarty.

Is é Gradam Réalta Óg an t-aon ghradam ag Gradaim IFTA a mbíonn vóta poiblí i gceist leis agus dúirt lucht eagraithe na ngradam go bhfágann sé sin gur minic gurb é an gradam is mó iomaíocht.

Bronnfar Gradaim IFTA ar an 7 Deireadh Fómhair in Óstán an Double Tree i mBaile Átha Cliath agus craolfar an searmanas bronnta ar TV3.

Fógrófar na hainmnithe uile sna 25 rannóg níos deireanaí inniu.

Fág freagra ar 'Máire Treasa Ní Dhubhghaill ó TG4 san iomaíocht do Ghradam Réalta Óg IFTA'