Maíomh an Aire nár cailleadh airgead ar thogra pictiúrlainne sa Ghaillimh ‘dochreidte’

Dar le Teachta Dála de chuid Shinn Féin go bhfuil an tAire Heather Humphreys ‘ar fud an bhaill’ maidir le ceist na pictiúrlainne sainealaíne atá le tógáil sa Ghaillimh

Maíomh an Aire nár cailleadh airgead ar thogra pictiúrlainne sa Ghaillimh ‘dochreidte’

Tá sé ‘dochreidte’ go mbeadh an tAire Cultúir Heather Humphreys ag maíomh nár cailleadh aon airgead stáit ar thógáil ‘An Pálás’, pictiúrlann sainealaíne nua atá beartaithe do chathair na Gaillimhe, dar le hurlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin sa Dáil, Peadar Tóibín.

Thug an tAire Humphreys le fios nár cailleadh aon airgead stáit ar an togra ag cruinniú de chuid an Choiste Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta i dTithe an Oireachtais an tseachtain seo, coiste a bhfuil Tóibín ina chathaoirleach air.

Chuir an Teachta Dála ó Shinn Féin i leith an Aire go raibh sí “ar fud an bhaill” agus ceist na pictiúrlainne á plé aici. Dúirt Tóibín go raibh amhras air faoi mhaíomh an Aire nár chaill an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta aon airgead ar an togra, go háirithe nuair a cheadaigh an tAire “tuilleadh maoinithe” do lucht tógála na pictiúrlainne i ndiaidh dóibh €2 mhilliún a chaitheamh.

“The role of the Minister is to remain accountable for her departments. Here we see a structural failure which the Department is not willing to admit let alone deal with adequately.

“Clearly this has occurred in more than just this case. Honesty is needed – admission of liability is needed and structural overview is a necessity in order to prevent such poor oversight culminating in major financial loss to the public purse to happen again,” a dúirt Tóibín.

Mhaígh Tóibín go raibh “praiseach” déanta ag an Roinn de chúrsaí airgeadais agus go bhfuil “caillteanais mhóra mhillteacha” i gceist ó cuireadh tús leis an togra 11 bliain ó shin.

Sa tuarascáil is déanaí aige tagraíonn an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste don “mhoill shuntasach” agus an róchaiteachas a bhain le tógáil na pictiúrlainne sainealaíne ón uair a moladh ar dtús í in 2006.

Measadh ar dtús go mbeadh an togra curtha i gcrích in 2009, ach is é an sprioc atá luaite anois leis ná Eanáir 2018.

Thug an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste le fios gur ceadaíodh €2.1 milliún níos mó ná mar a bhí beartaithe don togra ón státchiste. €6.3 milliún a beartaíodh a chaitheamh ar an bpictiúrlann an chéad lá.

De réir thuarascáil an Ard-Reachtaire “there was no overall oversight arrangement in place for this project at the outset despite the involvement of a variety of public agencies”.

Dúirt an tArd-Reachtaire gur cheart don Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta athbhreithniú a dhéanamh maidir le “projects which are being grant aided, in particular where the key project risks are carried by the State”.

Leag Tóibín an milleán ar an Roinn mar gheall ar an gcaoi ar dhéileáil siad leis an togra agus lena mhaoiniú i ndiaidh do chomhlacht príobháideach conradh oibre a bhuachan agus ceannas a ghlacadh ar an togra.

“”The Department was in financial partnership with a private company and that that company would issue contracts a second time for the construction of a building which had been proven to be on poor ground with poor design – would show that the Department wasn’t in charge of the funds that it was giving,” a mhaígh sé.

Tá aontaithe ag an Roinn, a dúirt, céimeanna a thabhairt le feabhas a chur ar an gcaoi a bpléitear le tograí, lena n-áireofar oiliúint a chur ar an bhfoireann cén chaoi gníomh luath a dhéanamh le teacht roimh róchaitheamh nuair a bhíonn moill ar thograí, agus go gcuirfear tuarascálacha rialta bainistíochta ar fáil.

Fág freagra ar 'Maíomh an Aire nár cailleadh airgead ar thogra pictiúrlainne sa Ghaillimh ‘dochreidte’'