Maigh Eo agus Ros Comáin ag prapáil do chath Chonnacht

Agus an crú ag teacht ar an tairne sa tsraith, tá tábhacht ar leith ag baint le cluichí an lae inniu, cath Chonnacht idir Maigh Eo agus Ros Comáin agus an choimhlint idir Ciarraí agus Muineachán ina measc

Neil Collins (Ros Comáin) agus Kevin McLoughlin (Maigh Eo). INPHO/James Crombie
Neil Collins (Ros Comáin) agus Kevin McLoughlin (Maigh Eo). INPHO/James Crombie

Ros Comáin v Maigh Eo, Páirc de hÍde, 3.30i.n.

Den chéad uair le tamall, breathnaíonn sé go bhfuil forlámhas Mhaigh Eo i gConnacht i mbaol. Cé gur cheap daoine gurb iad na Gaillimhigh a bheadh ag cur brú ar a gcomharsana, go háirithe agus Craobh Faoi-21 na hÉireann buaite acu faoi dhó ó 2011, breathnaítear anois ar Ros Comáin mar an dream is túisce a bhainfeadh tuisle as foireann Stephen Rochford.

Tar éis dóibh Roinn 2 a bhuachan anuraidh, measadh go mb’fhéidir go mbeadh Ros Comáin in ann diantástáil a chur ar Mhaigh Eo sa chraobh ach chlis ar fhoireann John Evans in aghaidh Shligigh sula bhfuair siad deis casadh ar na curaidh.

deis eile acu inniu agus na foirne ag tabhairt aghaidh ar a chéile i Roinn 1 agus níl aon amhras ach go bhfuil seans níos fearr fós ag Ros Comáin an cluiche áirithe seo a bhuachan, go háirithe i bhfianaise an dul chun cinn atá déanta acusan agus na bhfadhbanna a bhí ag Maigh Eo le sé mhí anuas.

Is cuma céard a tharlaíonn i bPáirc de hÍde inniu, tá Ros Comáin slán i Roinn 1, rud a bhí mar sprioc acu ag tús na bliana. Má bhuann siad, beidh áit bainte amach acu sna cluichí leathcheannais agus babhta amháin den tsraith fágtha.

Ar an taobh eile den scéal, bheadh an t-ísliú céime i ndán do Maigh Eo dá gcaillfidís inniu agus dá mbuafadh Corcaigh ar an Dún agus Muineachán ar Chiarraí. Tá scata imreoirí ó Mhistéalaigh Chaisleán an Bharraigh ar ais ag traenáil le foireann Stephen Rochford, Tom Cunniffe, Barry Moran agus Patrick Durcan ina measc, agus beidh súil ag an mbainisteoir go mbeidh siadsan tagtha chucu féin tar éis dóibh géilleadh go bog i gcoinne Bhaile Baodáin i gcluiche ceannais na gclubanna an tseachtain seo caite.

Ceann de na cúiseanna a luaitear le fadhbanna Mhaigh Eo ná nach bhfuil na himreoirí agus Rochford ach ag dul i dtaithí ar a chéile ach tá léirithe ag Kevin McStay agus Fergal O’Donnell gur féidir torthaí maithe a fháil fad is atá imreoirí agus bainisteoirí ag cur aithne ar a chéile. Tá deis iontach acu an rud céanna a dhéanamh arís i bPáirc de hÍde inniu.

Rogha Tuairisc.ie: Ros Comáin

Bainsteoir Mhuineacháin, Malachy O'Rourke. INPHO/Andrew Paton
Bainsteoir Mhuineacháin, Malachy O’Rourke. INPHO/Andrew Paton

Muineachán v Ciarraí, Cluain Eois, 3i.n.

gur chuir siad drochthús leis an tsraith, má bhuann siad tráthnóna i gCluain Eois tá deis ag Ciarraí na babhtaí leathcheannais a bhaint amach den chéad uair ó tháinig Éamonn Fitzmaurice isteach mar bhainisteoir. Tar éis dóibh a gcéad dhá chluiche a chailleadh i gcoinne Bhaile Átha Cliath agus Ros Comáin, tá siad tagtha ar ais go láidir ó shin.

drochscéala faighte ag Fitzmaurice faoi chaptaen na foirne Bryan Sheenan agus é ar lár de bharr gortú láimhe. Is buille é sin do Fitzmaurice, go háirithe agus imreoir lár páirce eile, Anthony Maher, gortaithe chomh maith. I measc na n-imreoirí atá tagtha chucu féin, tá Killian Young agus Paul Geaney atá ar fáil arís don chluiche crua in aghaidh Mhuineacháin.

Maidir le Muineachán agus Malachy O’Rourke, tá siadsan fós idir dhá cheann na meá fad is a bhaineann sé leis an ísliú céime ach deis fós acu freisin ar na babhtaí leathcheannais a bhaint amach. Tá ceithre phointe acu faoi láthair agus dá n-éireodh leo buachan in aghaidh Chiarraí agus Dhún na nGall bheidís sa chluiche leathcheannais. Má theipeann ar fhoireann O’Rourke ceann amháin féin den dá chluiche sin a bhuachan, áfach, is i mbaol ísliú céime a bheidís. Is cinnte go mbeidh Muineachán ag iarraidh an meath a stopadh agus iad ag imirt sa bhaile. Cé gur éirigh leo a gcéad dhá chluiche a bhuachan, tá na trí chluiche ó shin caillte acu, cailliúint le seacht bpointe in aghaidh Chorcaí ina measc.

Agus fios acu go bhfuil siad fós i mbaol, beidh súil ag O’Rourke go dtabharfaidh sé sin spreagadh ar leith dá chuid imreoirí tráthnóna agus ba cheart go dtabharfadh sé sin buntáiste dóibh.

Rogha Tuairisc.ie: Muineachán

Fág freagra ar 'Maigh Eo agus Ros Comáin ag prapáil do chath Chonnacht'