Magnum PI Ghaoth Dobhair gan na brístí gearra teanntaithe

LÉIRMHEAS: Bhí faoiseamh agus fuascailt ón noir ar TG4 aréir, ach cé gur tháinig feabhas ar Charlie níor cuireadh in iúl i gceart greann ná mealltacht an Iar-Thaoisigh fós

Barney Bunion

Ní túisce pinn aorúla Ar Son na Cúise a bheith dírithe ar an noir Gaeltachta agus an col leis an ngreann i drámaíocht reatha na Gaeilge ná go dtagann dhá tháirge grinn ar an bhfód ag an am céanna agus go deimhin iad á gcraoladh an oíche chéanna (Barney Bunion agus An Gobán Saor, TG4, aréir).

I mblianta tosaigh TG4 ba é C U Burn ceann de bhuaicphointí an sceidil agus ina dhiaidh sin tháinig na sraitheanna grinn FFC agus Glean Ceo ón gceárta céanna; le Seán Mac Fhionnghaile, nach maireann, i dtosach cadhnaíochta an t-am ar fad. Bhí Séan imithe i mbun pinn ar an tsraith seo nuair a cailleadh é in 2009. Thug meitheal scríbhneoirí, a mhac Aodh ach go háirithe, an saothar chun críche.

Le greann ropánta, ró-aisteoireacht, míthuiscintí agus comhtharlúintí seoigh agus é ar fad ag tarlú i nGaeilge bhlasta Thír Chonaill seo hé oidhre C U Burn gan aon agó.

Tá an tsraith dírithe ar Bharney an teidil (Aodh Mac Eachmharcaigh) atá fillte ar an bhfód dúchais agus a chuireann gnó bleachtaireachta ar bun lena chrústa a thuilleamh – saghas Magnum PI Ghaoth Dobhair, más maith leat, gan na brístí gearra teanntaithe. Lena dheartháir (Bernard Ó Duibheannaigh) mar leathbhádóir aige beidh na liúdramáin, sheiftiúla seo ag réiteach misteirí go seachtainiúil agus ag náiriú an Gharda áitiúil atá á léiriú go paiteanta ag Peadar Cox. Sa chéad ghála b’iad Paul McCloskey agus Dónall Ó Héalaí na bithiúnaigh go dtagann Barney aniar aduaidh orthu, i ngan fhios dó féin. Faoiseamh grinn agus fuascailt ón noir.

Is tuiscint agus acmhainn grinn mhuintir na Gaeltachta agus na Gaeilge, lena lúbaireacht, sleaiseáil agus trasnaíl a bheidh ar taispeáint sa tsraith An Gobán Saor. Smaoineamh agus cur chuige simiplí, ach nach bhfuil feicthe cheana againn, atá anseo le reacairí grinn ag insint scéalta seoigh. Sa chéad chlár b’iad Muiris Ó Fiannachta, Peadar Ó Treasaigh, Mairtín Chóil Neaine Pháidín, Tomás Ó Lúing, Gene Eoghan Ó Curraighín, Seán Ó Sé, Séamas Ó Beaglaoich, agus Seosamh Mac Donncha a bhain gáire asainn lena jócanna inste go nádútha agus i nGaeilge shaibhir, le Tomás Ó Lúing ach go háirithe i mbarr a mhaitheasa. Rinneadh an cinneadh cliste nach mbeadh an clár ach dhá nóiméad déag ar fhad, rud a chinnteoidh go sásófar an goile grinn gan ligint do chúraimí imeacht chun leadráin. Blaiseadh beag do ghreann na Gaeltachta.

Bhí a sháith féin don ghreann le feiscint sa dara gála de Charlie (RTÉ 1, aréir) le claimhte Iarácacha agus íde na muc agus na madraí á thabhairt do Theactaí Dála. B’iad eachtraí GUBU a bhí idir chamáin aréir maraon le Cogadh Falklands agus cúrsaí mairteola. Bhí luas níos oiriúnaí leis an gclár seo agus tugadh deis do na carachtair a n-anáil a tharraing agus agus don lucht féachana aineolach staonadh den Vicipéid.

Ina dhiaidh sin féin tá an chuma ar an táirge ag an bpointe seo go bhfuiltear ag iarraidh an iomarca a shá ar scáileán. Go deimhin d’fhéadfadh an trí chlár a bheith dírithe ar an tréimhse seo, nó ar Thriail na nArm (agus tá muc ar gach mala ar roinnt daoine nach bhfuiltear tar éis díriú ar an tréimhse seo) nó ar go leor tréimhsí/eachtraí eile. Féach ar an luas agus scóp an scéil in Borgen, mar shampla, gan trácht ar The West Wing. Go deimhin is minic aréir gur tháinig House of Cards (an seantáirge Sasnach) chun cuimhne.

Dar liom go bhfuil Aidan Gillen imithe i ngleic níos mó leis an gcarachtar, agus tá breis téagair sa charachtar chomh maith. Tá sé á léiriú mar fhear gnímh neamhthrócaireach, neamhscrupallach, ach scrupallach ar uairibh. Ar an drochuair tá an easpa grinn agus mealltachta fós le sonrú, áfach.

Fág freagra ar 'Magnum PI Ghaoth Dobhair gan na brístí gearra teanntaithe'

  • Seán

    Bhí se ar chlár go h-olc agus a chonaic mé ar TG4 le fada.

    Caithfear cuimhne a choinnéal gur cuireadh €1.4 milliún amú leis an t-seafóid seo a chuir ar an telifís.

    Níl aisteoireact cumasach, scríobhneoireact cumasact nó stúireadh cumasach le feicail anseo.

    Tá sé cosiúl le clár a scríobh scaifte deagoirí san idirblian taobh istigh de sheachtain nuair nach bhfuil faic eile le deanadh acu ar an scoil. Agus gur phioc siad na h-aisteoirí suas ar thaobh an bhealaigh mhór, chaith fiche punta acu agus d’iarr orthú na líonta a bhí scríobhtha acu ar thoin a léinte a rá ós comhair ceamara.

    Bhfuil easpa aisteoirí fa Thír Chonaill? Is cosiúl go bhfuil.

    Tá súil agam nach bhfeicfár an dara sraith de seo ar TG4. Má ta siad ag iarraidh 1.4 milliún a chuir amú thig leo é a thabhairt domhsa agus ní bheidh mise i bhfad ag fáil réitigh de, tá seans maith go mbeadh níos mó grinn agus mé ina bhun nó mar atá le feicáil sa t-sraith “grinn” Barney Bunion.

  • Cathal Ó Gríofa

    Bhí an caighdéan ana lag. Pé reasún le 1.4m a chaitheadh le seo a chuir ar an TV.