An magadh tagtha go leaba an dáiríre sa Daingean

Scanradh agus imní faoi chinneadh spás folamh in Ospidéal Pobail an Daingin a líonadh le hoifigí. “Feall ceart” á dhéanamh ar phobal Chorca Dhuibhne, dar le banaltra amháin.

Tá tuilleadh brú le cur ar Theachtaí Dála faoin gcinneadh cuid den spás folamh in Ospidéal Pobail an Daingin a líonadh le hoifigí de chuid an HSE seachas le leapacha d’othair.

Baineadh barrthuisle as pobal Chorca Dhuibne nuair a tháinig sé chun solais i rith an tsamhraidh gur aistríodh oifigí de chuid Fheidhmeannacht na Seibhísí Sláinte isteach in Ospidéal Pobail an Daingin.

Tá Pádraig Ó hAinifín, ball de bhord Údarás na Gaeltachta agus fostaí le Feidhmeannacht na Seibhísí Sláinte, i measc na ndaoine atá chun brú a chur ar Theachtaí Dála faoin scéal

“Tá uafás orm go ndéanfaí a leithéid. Cuireann sé seo buairt agus scanradh orm. Tógadh an t-óispidéal nua le freastal ar phobal an cheantair. Beadsa ag cur brú ar an dTeachta Dála Arthur Spring (LO), mar nach fiú a bheith ag caint le chéile anso toisc gur i mBaile Átha Cliath a deintear na cinntí,” arsa Ó hAinifín.

Bhí soláthar 72 leaba san ospidéal nua ach níorbh fhad gur íslíodh é sin go dtí 68 leaba. Is soláthar do 44 leaba a bhí sa seanospidéal sa Daingeana a tógadh le linn aimsir an Ghorta Mhóir. Ó d’oscail an tIar-Aire Sláinte, James Reilly, an t-ospidéal nua, ní chuaigh an líon leapacha d’othair atá ann thar 44 – 46.

Ní mó ná sásta atá Páidí Mhárthain Mac Gearailt, Oifigeach Eolais na gCeart Sibhialta sa cheantar faoin scéal go mbeidh oifigí HSE an Daingin anois á n-aistriú isteach san ospidéal.

“Caithfear piobar a chur fés na Teachtaí Dála. Ní fiú a bheith ag caint le foireann an óispidéil mar go bhfuil siad fé bhrú oibre coitianta agus gan aon soláthar iomlán foirne acu gan trácht ar fhoireann a chur ar fáil le leas othair an cheantair a dhéanamh agus na leapacha a líonadh mar atá á éileamh le fada againn,” a dúirt Páidí Mhárthain Mac Gearailt.

Rinne Mac Gearailt cáineadh láidir ar an Rialtas.

“Cad ‘tá ar siúl ag an Rialtas? Caitheadh airgead trom ar óispidéal le freastal ar othair áitiúla anso. Níl san cúrtha i gcrích. Sin stealladhmhagadh,” a dúirt sé.

Chuir banaltra san ospidéal in iúl do Tuairisc.ie go raibh “feall ceart” á dhéanamh ar phobal Chorca Dhuibhne ach go raibh eagla ar scata dá cairde labhairt amach. “Na leapacha a gealladh agus ní oifigí a theastaigh,” a dúirt sí. “Ní féidir liom m’ainm a thabhairt duit ar eagla gurb é an doras a gheobhainn. Tá Russia ‘ge baile againn.”

Dúirt Mátrún an ospidéil nach raibh aon bhaint aici féin ná ag a foireann leis an leath den spás a bhí folamh. “Deinimíd mar a treoraítear dúinn,” ar sí.