Macnas ag súil le 44,000 duine ag Paráid na Samhna i nGaillimh

Tá Macnas ag iarraidh go gcuirfidh lucht féachana na Paráide feisteas breá orthu féin chun an tSamhain a cheiliúradh

Macnas ag súil le 44,000 duine ag Paráid na Samhna i nGaillimh

Táthar ag súil go mbeidh suas le 44,000 duine i láthair ag Paráid Macnas a bheidh ar siúl i gcathair na Gaillimhe Dé Domhnaigh an 30 Deireadh Fómhair ag 5.30pm.

‘Savage Grace’ is téama don mhórshiúl i mbliana, an ‘ócáid saor in aisce is mó in Iarthar na hÉireann’. Tá Macnas ag iarraidh ar an lucht féachana iad féin a ghléasadh i gcultacha spleodracha chun an tSamhain a cheiliúradh agus beidh deis ag gach duine páirt a ghlacadh sa seó, tráth den bhliain a mbíonn an beo agus an marbh an-ghar dá chéile.

“Bailéad míshocair is ea Savage Grace, válsa dorcha álainn idir an grá agus an bás. Tabharfaidh na céadta taibheoir ildaite de chuid Macnas, atá ag obair go deonach, léiriú draíochta ar shráideanna na Gaillimhe ar an mbreith, ar an bpósadh, ar an mbás agus gach gné eile den saol idir eatarthu,” a dúirt urlabhraí de chuid na heagraíochta.

Tá cuairt tugtha ag Macnas ar bhreis agus 25 tír le blianta beaga anuas agus a gcuid oibre léirithe ag na healaíontóirí ar fud na hÉireann freisin. Bhí an compántas le feiceáil ar shráideanna Austin, Texas ag Féile SXSW i Márta na bliana seo i dtaispeántas a tharraing aird agus moladh an phobail i Meiriceá. Bhí siad ar shráideanna na Gaillimhe ina dhiaidh sin do Lá Fhéile Pádraig le taibeoirí óga Macnas.

Fág freagra ar 'Macnas ag súil le 44,000 duine ag Paráid na Samhna i nGaillimh'