Mac an tSíthigh ceaptha mar Bhainisteoir Chomharchumann Chorca Dhuibhne

Dónal Mac an tSíthigh, ó Bhaile na hEaglaise, tagtha i gcomharbacht ar Ghearóid Ó Brosnacháin mar bhainisteoir

Donal Sheehy

Is é Dónal Mac an tSíthigh atá ceaptha ina Bhainisteoir ar Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne.

Tagann Mac an tSíthigh, ó Bhaile na hEaglaise, Paróiste an Fheirtéaraigh, ó dhúchas, i gcomharbacht ar Ghearóid Ó Brosnacháin a thug 25 bliain leis an gcomharchumann.

Tá deich mbliana tugtha ag Mac an tSíthigh féin ag obair do Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne agus é ina Bhainisteoir Gréasáin na Meán Skillnet. Thug an Sítheach tamall ag obair d’Údarás na Gaeltachta roimhe sin agus tá céim sa chumarsáid agus gnó aige.

Mac é Dónal le Gearóid agus Patsy. Tá deirfiúr agus deartháir amháin aige, Siobhán agus Seán, an t-iriseoir aitheanta ó Nuacht RTÉ. Tá sé pósta le Maria Curran ón nDaingean agus cónaí orthu i mBaile na Buaile.

Nia é leis an scríbhneoir iomráiteach Danny Mac an tSíthigh.

Is in iomairí an oideachais agus na hoiliúna is mó a bhíonn Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne ag saothrú agus is é bainistiú na gcoláistí samhraidh a reáchtálann Coláistí Chorca Dhuibhne an cúram is mó a bheidh ar Mhac an tSítigh. Tagann Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Músaem Chorca Dhuibhne, an comhlacht léiriúcháin, Dovinia Teoranta agus South West Gnó Skillnet faoi scáth an chomharchumainn chomh maith.

Fág freagra ar 'Mac an tSíthigh ceaptha mar Bhainisteoir Chomharchumann Chorca Dhuibhne'