Má tá teora leis an aineolas faoin mbaint ag an athbheochan leis an Éirí Amach, ní heol domsa é

Is ag léim thar pholaitíocht is thar thubaistí sóisialta na 19ú haoise a bhí glúin na hAthbheochana. B’í an léim fhada í

Ed4-KE_009_Casement_Ed-4
Roger Casement, duine de laochra móra an domhain

 

Tá comóradh mór á dhéanamh ag RTÉ raidió ar an mbóthar chun an Éirí Amach, agus iad ag tosnú ar an Luan seo chugainn nuair a thitfear siar ar ais céad bliain ar Shráid Uí Chonaill agus ar na sráideanna maguaird. Beidh cainteanna agus cainteanna agus a thuilleadh cainteanna fós ar bun, agus gnéithe éagsúla den tréimhse á gcíoradh. Iarradh orm féin agus ar Regina Uí Chollatáin labhairt ar an mbaint a bhí ag an nGaeilge agus ar chultúr na teangan le himeachtaí na mblianta sin d’fhonn aineolas an phobail a scaipeadh.

Is chun críche an aineolais sin a scaipeadh atá na cainteanna i mBéarla. Don chuid is mó tá eolas réasúnta maith ag pobal na Gaeilge ar cad a bhí ar siúl agus cén fáth a raibh. Ceann de na hiontais is mó ná an t-aineolas a bhaineann leis an nGaeilge i measc an phobail. Dúirt Aire Oideachais amháin gan a bheith rófhada ó shin nár labhradh Gaeilge riamh i mBaile Átha Cliath, agus craoltóir cáiliúil nach maireann nach raibh aon Ghaeilge sa tír ón 13ú haois, agus tá aithne agam ar mhic léinn a dúirt go raibh siad sa Ghaeltacht sa Mhuileann gCearr nuair is coláiste Gaeilge a bhí i gceist acu.

Má tá teora leis an aineolas ní heol domsa é. Chuige sin éirim na cainte agam féin, éirim shimplí eolais. Is minic a cheapaim, dá mhéid aineolas ar an teanga féin gur fairsinge go fada an t-aineolas ar an nGaeilge. Sa mhéid sin féin táimid ar aon rámh le glúin na hAthbheochana.

Is ag léim thar pholaitíocht is thar thubaistí sóisialta na 19ú haoise a bhí glúin na hAthbheochana. B’í an léim fhada í. San 19ú haois is mó a deineadh ashamhlú na hÉireann isteach i bpota mór na Breataine. Amhráin mhilse Thomas Moore ina seasamh ar cheol na hÉireann; ‘Danny Boy’ á dhéanamh as amhrán traidisiúnta; buachaillí soineanta na hÉireann á gcomáint isteach ina Arm na hImpireachta; an iomáint ag géilleadh don chruicéad ar feadh i bhfad.

Dhein an ‘réabhlóid chultúrtha’ seo ar fad a chur droim ar ais agus tóin thar ceann. Má bhí an bunurlár teanga labhartha i bhfad níos láidre ná na figiúirí a scrúdaigh Garret Fitzgerald, bhí ceist na litearthachta seacht n-uaire níos measa ná mar a síleadh. Ba dheacair a shamhlú conas ab fhéidir réabhlóid léitheoireachta, litríochta agus litearthachta a chur i gcrích a shuaraí is mar a bhí líon na léitheoirí san am.

Mar sin, d’éirigh léi. Ba mhór idir daoine in Iarthar Chorcaí ag déanamh iontais de Séadna nuair a bhí sé á léamh dóibh, agus scológa in Iarthar Luimnigh sa 19ú haois ag bagairt bháis ar mhúinteoir bocht a raibh sé de dhánaíocht is de bhaois ann iarracht a dhéanamh a dteanga labhartha a theagasc dóibh.

Ba mhór ar fad go léir an t-aineolas a scaip glúin na hathbheochana. As an mbreis agus leathmhilliún de chainteoirí Gaeilge a bhí ann ag casadh an chéid seo caite – a bhformhór ina gcainteoirí dúchais – ní raibh léamh ná scríobh na Gaeilge ach ag cúpla mile díobh. Laistigh de dheich mbliana nó mar sin, bhí nua-litríocht bunaithe, bhí an Ghaeilge á teagasc sna scoileanna, bhí nuachtáin Ghaeilge ar a mbonna, bhí litríocht na Gaeilge á foilsiú, bhí aineolas á scaipeadh.

John_Mitchel_(Young_Ireland)
Seán Mistéil, duine de na náisiúntóirí Éireannacha is gránna agus is beagmhaitheasaí amuigh

Is féidir féachaint ar ghlúin sin na hAthbheochana ar shlite éagsúla. Ní hí an tslí is neamhúsáidí díobh sin ná féachaint uirthi mar thionscnamh, nó mar thogra mór oideachais. Bhíomar ag foghlaim mar gheall orainn féin.

Mar sholaoid air sin, ba dhóigh le Conradh na Gaeilge riamh gur chuid dá ghnó stair na hÉireann a mhúineadh. Mura mbeadh an Ghaeilge ceangailte le tuiscint na hÉireann uirthi féin, ní bheadh inti ach ‘fileolaíocht’ – agus bhraith tú gur le seanbhlas a dúradh an focal sin. Deineadh nasc in Fáinne an Lae agus sa Claidheamh Soluis idir cás na hÉireann agus pobail eile a bhí faoi leatrom ar fud an domhain. An té nach bhfaca é sin ní fhaca sé faic.

Sin é an fáth go bhfuil Seán Mistéil ar dhuine de na náisiúntóirí Éireannacha is gránna agus is beagmhaitheasaí amuigh; agus go bhfuil Ruairí Mac Easmainn ar dhuine de laochra móra an domhain. An chéad ghamal díobh, ní fhaca sé an tÉireannach sa duine eile úd a bhí faoin lasc; ach an dara gaiscíoch, b’ionann cás na tíre seo agus cás an domhain.

Fág freagra ar 'Má tá teora leis an aineolas faoin mbaint ag an athbheochan leis an Éirí Amach, ní heol domsa é'

  • Feardorcha

    Bhfuil tú ag rá mar sin, go gcaithimid go léir bheith gan smál chun gníomh a dhéanamh ar son na tíre? Má táimid ag caint ar chomóradh táimse lán glan siúráilte go ndein an Mistéalach i bhfad níos mó ar son saoirse na hÉireann ná Casement.
    Aineolas agus dearg-aineolas é Casement a mhóradh os cionn Mitchell i bpantéon na náisiúnaithe.
    Caithirse an chéád chloch, más sin atá fút, ach seachain cé bhuaileann tú …