Má tá plean ag Theresa May i dtaobh Brexit, níl sí ag ligean uirthi féin…

Tá tús á chur ag Theresa May lena tréimhse mar Phríomh-Aire agus a geallúintí ina mbró mhuilinn anuas uirthi

Girl Summit 2014
Girl Summit 2014

Sa leabhar Gulliver’s Travels le Jonathan Swift, cuireann rí na Houyhnhnm ceist ar an gcuairteoir ait mar gheall ar a thír dhúchais. Cé atá i gceannas ann?

Déanann Gulliver cur síos ar Phríomh-Aire na Breataine agus a thréithe:

“I told him, that a first or chief minister of state, who was the person I intended to describe, was the creature wholly exempt from joy and grief, love and hatred, pity and anger; at least, makes use of no other passions,…that he applies his words to all uses, except to the indication of his mind; that he never tells a truth but with an intent that you should take it for a lie; nor a lie, but with a design that you should take it for a truth…”

Ba dheacair cur síos níos fearr a fháil ar Theresa May, ceannaire nua Pháirtí na gCaomhach agus Príomh-Aire nua na Breataine.

Cé gur chaith sí sé bliana mar bhall den dá rialtas a bhí faoi stiúir David Cameron ó 2010, níl mórán eolais againn fúithi ná faoina tuairimí polaitiúla. Is í an dara bean riamh, ba í Mrs Thatcher an chéad bhean, ar éirigh léi an post mór i Sráid Downing a bhaint amach agus is í an tríú Príomh-Aire a chaith seal mar Stát-Rúnaí sa Home Office sula ndearnadh príomh-aire di. (Ba iad Winston Churchill agus James Callaghan an bheirt eile san fhichiú aois).

Tá, is dócha, rudaí áirithe ar eolas againn fúithi. Ní foláir di bheith cúramach ó thaobh cúrsaí bia de de dheasca diaibéitis. Ba shagart áitiúil Anglacánach a hathair (cosúil le Swift féin), agus thug a máthair blianta fada agus í cráite ag scléaróis iolrach. Ghnóthaigh Theresa Brasier céim tíreolaíochta in ollscoil Oxford. Phós sí baincéir tar éis di seal a chaitheamh ag obair le Banc Ceannais Shasana. Mhínigh sí le déanaí nach raibh ar a gcumas páistí a ghiniúint.

Bhuaigh sí suíochán i dTeach na dTeachtaí i 1997, agus thug sí a cuid tacaíochta do Michael Portillo, iarrthóir ón eite nua-aimseartha, shóisialta liobrálach de na Tóraithe, nuair a d’éirigh John Major as oifig.

Is beag aithne cheart a bhí ag aon aire eile i rialtas Cameron uirthi ós rud é gur aire príobháideach, neamhspleách ab ea í.

Bhain na nuachtáin Ghearmánacha taitneamh as an gcur síos a rinne Ken Clarke uirthi, agus é beo ar Sky News, mar ‘bloody difficult woman’ nó ‘verdammt schwierige Frau’

De réir dealraimh, ní maith léi lucht údarás na bpóilíní ná sceimhlitheoirí Moslamacha a dhéanann iarrachtaí an London Tube a scrios ag meán lae i lár na seachtaine nó dlíodóirí a bhíonn ag tagairt don Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine nó breithiúna na cúirte céanna i Strasbourg.

Seachas sin? Ní léir ach an oiread cé na pleananna ná aislingí atá ag May. Tá tús á chur aici lena tréimhse mar Phríomh-Aire agus dhá rud ina mbró mhuilinn anuas uirthi: an gheallúint a thug sí gan olltoghchán eile a ghairm roimh 2020; agus an gheallúint mhór eile go gcuirfeadh sí Brexit i gcrích, cé gur impigh sí ar an bpobal vótáil ina choinne sa reifreann tubaisteach ar bhallraíocht na Ríochta Aontaithe san Aontas Eorpach cúpla seachtain ó shin.

Is léir nach bhfuil aon phlean aici ó thaobh an Aontais Eorpaigh de i ndáiríre seachas an scéal a chur ar an méar fhada agus dhiúltaigh sí aon amchlár a leagan amach ó thaobh cur i gcrích Airteagal 50 de Chonradh Liospóin, an mhír den chonradh sin a bhaineann le héirí as an aontas polaitiúil agus eacnamaíoch. Dúirt Rúnaí Ghnóthaí Eachtracha na Breataine Philip Hammond an lá eile go raibh seans ann nach mbeadh an Ríocht Aontaithe in ann ‘éalú’ as an Aontas Eorpach go ceann ceithre nó fiú sé bliana i ndiaidh chur i bhfeidhm Airteagal 50.

Nuair a bhainfidh an cúlú eacnamaíochta creathadh as May, agus beidh cúlú ann gan amhras ar bith, beidh uirthi olltoghchán a ghairm roimh Brexit, agus níl éinne in ann a rá cad a tharlóidh ansin. Níl aon chosaint ag an bPríomh-Aire May i gcoinne na ndeacrachtaí seo a chruthaigh siad féin, seachas, b’fhéidir, dul i muinín an cineál sin pearsantachta ar chuir Swift síos uirthi 300 bliain ó shin.           

Fág freagra ar 'Má tá plean ag Theresa May i dtaobh Brexit, níl sí ag ligean uirthi féin…'