Má fhaigheann Brasaíleach bás ar maidin, bíonn sé faoin bhfód an tráthnóna céanna

Ní dream iad muintir na Brasaíle a mbíonn cáil na deifre orthu, ach ní bhíonn aon mhoill orthu nuair a bhíonn duine le hadhlacadh, a deir ár gcolúnaí

IMG_0171

Bhí mé ag sochraid sa Bhrasaíl le deireanas. Ba í an chéad sochraid í a raibh orm freastal uirthi ó bhog mé go dtí an tír ocht mbliana ó shin agus bhain an t-eispéireas siar asam.

Ní dream iad muintir na Brasaíle a mbíonn cáil na deifre orthu, ach ní bhíonn aon mhoill orthu nuair a bhíonn duine le hadhlacadh. An té a fhaigheann bás ar maidin, bíonn sé faoin bhfód an tráthnóna céanna.

An aeráid thropaiceach is cúis leis an deifir, ar ndóigh. Ní hann do thithe tórraimh a mbeadh córas cuisnithe acu, rud a fhágann go gcaithfear an marbh a chur nó a chréamadh laistigh de cheithre huaire an chloig is fiche. Ciallaíonn sé sin nach ann dá leithéid agus tórramh ach an oiread.

Tharla go raibh mé i láthair nuair a fuair cara liom, úinéir an ionad aclaíochta mar a mbím ag traenáil, scéal go raibh a athair, iaroifigeach de chuid an aerfhórsa, tar éis bháis. Bhí coicís caite san ospidéal ag an bhfear bocht le niúmóine, an chéad uair ina shaol gur buaileadh tinn é. Bhí sé ceithre bliana déag le cois an cheithre scór aige.

A naoi a chlog ar maidin a bhí sé nuair a chuala mo chara go raibh a athair ar shlí na fírinne. Ní raibh am aige chun deora a shileadh; bhí orm féin agus ar chara eile a tharla a bheith i láthair cúnamh a thabhairt dó glaoch ar a chairde ar fad chun iad a chur ar an eolas go mbeadh an tsochraid ann an tráthnóna céanna.

Sé uaire an chloig ina dhiaidh sin, ar bhuille a trí, cuireadh tús leis an searmanas in Jardim da Saudade, ‘Gairdín an Chumha’, reilig ollmhór ar chnocán atá rud beag caillte idir túir spéire lár chathair Salvador. Ansin, i séipéal E – tá sé cinn de shéipéil sa reilig ar eagla go mbeadh sé cinn de shochraidí ann ag an am céanna – thug an sagart a bhí ar dualgas seanmóir ghairid. Choinnigh gaolta na marbh agus a gcairde – éadaí neamhfhoirmeálta ar chuile dhuine – a lámha taobh thiar dá ndroim agus bhreathnaigh ar a gcosa.

Deich nóiméad ar a mhéad a mhair an tseanmóir. Nuair a bhí sí thart, leanamar cairrín gailf i dtreo na cille, áit ar íslígh ceathrar reiligirí faoi éide oibre gheal oráiste (is ea, tá tú á léamh i gceart) an cónra san uaigh. Caitheadh dornán cré ar an gcónra, d’fhógair oifigeach de chuid na reilige go raibh an searmanas thart agus thug gaolta agus cairde aghaidh ar an gcarrchlós. Bhreathnaigh mé ar mo ghuthán póca go discréideach chun an t-am a sheiceáil. 15:24. Ceithre nóiméad is fiche: gan dabht ar bith ba í seo an searmanas adhlactha ba sciobtha ar ar fhreastail mé riamh.

Níor óladh deoch i ndiaidh na sochraide. Leathuair an chloig i ndiaidh dóibh a n-athair a chur, bhí an chlann ar fad ar a mbealach abhaile, gach duine acu ag tabhairt aghaidh ar a theach féin.

Chuir an rud ar fad ag machnamh mé. Nuair a fhaigheann duine bás san Eoraip, caithimid laethanta fada ag caoineadh, ag tórramh agus ag cur agus ag cúiteamh. Sa Bhrasaíl, leanann an gnáthshaol ar aghaidh an lá ceannann céanna a chailltear duine.

Agus ar an gcaoi sin, cuirtear ar a shúile don duine gur cuid den ghnáthshaol é an bás.

Fág freagra ar 'Má fhaigheann Brasaíleach bás ar maidin, bíonn sé faoin bhfód an tráthnóna céanna'