Má dhiúltaíonn tír amháin d’aisíoc fiacha…

Tá cealú fiacha á phlé dáiríre sa Ghréig, agus páirtí a mholann é chun tosaigh sna pobalbhreitheanna

greece-riot-5

Tá Alexis Tsipras i gceannas ar Syriza, páirtí polaitiúil ar an eite chlé sa Ghréig a mholann cealú fiacha mar leigheas ar chruachás a thíre. Má leantar le neartú seasmhach thacaíocht a pháirtí, beidh siad i mbun rialtais nó comhrialtais sara i bhfad.

Ón uair sin ar aghaidh, déan talamh slán de go mbeidh ceist na bhfiacha ar chlár díospóireachta an Aontais Eorpaigh arís, agus ní sa Ghréig amháin.

Dúirt Tsipras le gairid gur ‘comhréiteach’ atá mar aidhm ag a phairtí seachas cealú aontaobhach. Sa ghearrthéarma, tá leigheas eile riachtanach ar aisíoc iasachtaí nach mbeidh an Ghréig ábalta a aisíoc go deo.

Má chuirtear sciar d’fhiacha na Gréige i leataobh, glac leis go dtabharfaidh ár rialtas le fios nach bhfuil fadhb na bhfiacha in Éirinn baileach chomh dona, agus ar bhealach beidh an ceart acu.

Tá lear mór athruithe ar rialú agus ar chúrsaí oibre agus gnó sa Ghréig seachanta go dtí seo, agus caiteachas breise rialtais fós á mholadh ag Syriza nach féidir le duine ar bith a mhaoiniú, sa Ghréig ná lasmuigh de.

Mar sin féin, bí cinnte go mbeidh rialtais agus vótóirí ar fud an AE ag breathnú go géar ar mhaolú ar bith a dhéanfar ar dhualgas aisíoctha na Gréige, agus ag fiafraí: nach n-oirfeadh sciar den réiteach sin dúinne freisin?

Cogar, tá fiacha náisiúnta na hÉireann ag méadú i gcónaí.

Bhí €183.57bn le haisíoc nuair a thosaigh mé ag scríobh an cholúin seo dhá uair an chloig ó shin.

Tá €183.58bn le haisíoc agus an abairt seo á scríobh.

Tá an t-iomlán reatha anseo.

 

Alexis Tsipras: óna bhéal féin

* Má théann an Ghréig ar mhalairt cúrsa, bainfear an bonn den mheon a deir gur tré ghéire amháin a rachaidh an Eoraip chun cinn.

* Caithfear fiacha na Gréige a laghdú.

* Ba chóir comhdháil Eorpach speisialta a reachtáil le laghdú fiacha a phlé, díreach mar chun cabhrú leis an nGearmáin tar éis an Dara Cogadh Domhanda.

* Ní aontaíonn Syriza le síorghéire mar pholasaí lena mbainfear forbairt agus fás amach.

* An chéad riachtanas: deireadh a chur le polasaithe a mhéadaíonn ar bhochtaineacht, ar dhífhostaíocht, agus ar éiginnteacht.

* Is measa ná an galar an leigheas a cuireadh i bhfeidhm go dtí seo, níb i bhfeabhas ach chun donais atá cúrsaí tír dá bharr.

* Ní dhéanfadh tarraingt amach as limistéar an Euro leas mhuintir na Gréige.


 

Alexis Tsipras: beathaisnéis

1974: Rugadh é san Ataen, príomhchathair na Gréige.

1998-2004: Gníomhach i bhfeachtais éagsúla fad a bhí sé ina mhacléinn innealltóireachta in ollscoil na h-Ataeine.

2006: Iarrthóir i dtóghchán méarachta na hAtaeine i. Faoi dheireadh an chomhairimh, ní raibh ach an buaiteoir agus iarrthóir amháin eile chun tosaigh air.

2010: Toghadh é mar cheannaire ar an bpairtí soisialach Syriza, nuair a bhí sé 36 bliain d’aois.

2012: D’fhág toradh olltoghcháin Syriza sa dara h-áit, agus vótaí faighte acu ó 17 faoin gcéad de na vótóirí.

2014: De réir na bpobalbhreitheanna is deireanaí, tá Syriza (thart ar 24 faoin gcéad) chun cinn ar gach páirtí eile sa Ghréig. Tá thart at 20 faoin gcéad ag tacú le Daonlthas Nua atá i mbun rialtais faoi lathair.

Cuireann Cathal Mac Coille an clár ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE.

Fág freagra ar 'Má dhiúltaíonn tír amháin d’aisíoc fiacha…'