Má chreideann Ros Comáin go bhfuil a lá tagtha, tiocfaidh sé

DARA Ó CINNÉIDE: Tá Maigh Eo ag strácáil agus ag tarrac na gcos ina ndiaidh i mbliana agus is léir don saol Fódhlach go bhfuil sé ag dul an-dhian orthu a mbuille a aimsiú

Má chreideann Ros Comáin go bhfuil a lá tagtha, tiocfaidh sé

Is dóigh liom go bhfuil tuairim ag an uile dhuine a bhíonn ag léamh an cholúin seo ó thús ama go bhfuil ana-bhá go deo agamsa leis an mbuíon imreoirí atá le sé nó seacht mbliana anuas ag Maigh Eo.

Tá oiread tugtha acu dúinn ó thaobh na dtréithe is mó a mheallann sinn in imirt fhoirne – sprid, croí, diongbháilteacht, dúthracht, dílseacht agus thar aon ní eile, leochaileacht.

Sin é an taobh go mbíonn a lucht leanúna chomh glórach, chomh tógtha lena bhfoireann gach aon lá a théann siad chun páirce. Ní thuigimid i gCiarraí i gceart iad agus is cinnte nach dtuigeann lucht leanúna Átha Cliath na linne seo iad.

Sásaítear goile na gCiarraíoch agus lucht na hardchathrach go rialta agus, dá bharra, ní bhíonn an tinneall céanna orthu ag féachaint ar chluichí agus ins na laethanta beaga roimis na gcluichí.

Shamhlóinn gur mór ag foireann Mhaigh Eo an tacaíocht a fhaigheann siad óna bpobal agus tástálfar an tacaíocht sin go maith inniu. Luan saoire bainc, athimirt eile gan choinne in aghaidh na gcomharsan agus iad ag dul domhain sna pócaí aon bhabhta amháin eile chun a bhfoireann a leanúint agus chun go bhféadfaidís an chéad chaibidil eile sa tsíordhráma a fheiscint lena dhá shúil féin.

‘Buíochas le Dia go bhfuil Maigh Eo fós ann!’ a dúirt duine amháin ar Twitter oíche Dé Sathairn agus é ag súil le dráma de shórt éigin ar an Luan tar éis dhá chluiche aontaobhach a fheiscint i gcaitheamh an tráthnóna. Braithim, inniu, áfach, go bhféadfadh go bhfuil nótaí clabhsúir an dráma sin le scríobh.

Tá Maigh Eo ag strácáil agus ag tarrac na gcos ina ndiaidh i mbliana agus is léir don saol Fódhlach go bhfuil sé ag dul ana-dhian go deo orthu a mbuille a aimsiú. Nach mar sin a bhí anuraidh acu a déarfá? Dob ea, ach ar a laghad bhí feabhas éigin ag teacht orthu céim ar chéim sna babhtaí cáilithe agus thugadar taispeántas uatha sa bhabhta ceathrú ceannais in aghaidh sárfhoireann Thír Eoghain.

Ní raibh aon fhianaise Dé Domhnaigh seo caite ann gur foireann iad Maigh Eo atá istigh leo féin agus muna dtagann athrú éigin aniar aduaidh orainn go léir, ní bheidh siad sa chluiche leath cheannais don seachtí bliain as a chéile i mbliana.

Ba dhóigh leat ó bheith ag éisteacht le daoine áirithe le seachtain anuas nach bhfuil le déanamh ag Maigh Eo chun go rithfeadh leo inniu ach tús níos fearr a chur leis an gcluiche, feabhas a chur ar an iomaíocht don gcic amach timpeall lár an ghoirt agus a gceannairí a chur i lár an aonaigh níos minicí ná mar a deineadh Dé Domhnaigh seo caite.

B’fhéidir nach mbeadh an tús aislingeach céanna ag Ros Comáin inniu, b’fhéidir go mbeadh Tom Parsons ar fónamh le go dtabharfadh sé greim éigin i lár an ghoirt dóibh agus b’fhéidir nach mbeadh leithéidí Aidan O’Shea, Brendan Harrison, Kevin McLoughlin agus Diarmuid O’Connor chomh himeallach arís. Ach tá níos mó ná san ar fad ag teastáil.

Ar an gcéad dul síos, bí deimhnitheach de go dtiocfaidh feabhas ar imirt Ros Comáin chomh maith inniu. Taobh amuigh den dtréimhse thosaigh sin inar aimsíodh 2-2 sa chéad trí nóimeat déag, ní fhéadfadh Ros Comáin bheith sásta le himirt leithéidí Enda Smith, Ciarán agus Diarmuid Murtagh, Cian Connolly agus fiú Donie Smith féin nuair a tháinig sé chun páirce. Tá i bhfad níos mó iontu.

Anuas air sin, pé amhras nó imní a bheadh ar fhoireann ar nós Ros Comáin agus iad ag tabhairt féna gcéad chluiche sinsir craoibhe a bhuachtaint i bPáirc an Chrócaigh ó 1980, beidh an t-amhras agus an imní sin curtha díobh ar an ndara iarracht acu agus beidh siad ag imirt le i bhfad níos mó saoirse dá bharr.

Ina theannta san go léir, ná bíodh muintir Mhaigh Eo ag súil nach bhfoghlaimeodh Kevin McStay agus Liam McHale i bhfad níos mó ón gcéad chluiche ná Stephen Rochford agus a chriú. Más fíor gur leor nod don eolach, tá níos mó ná nod amháin fachta ag lucht bainistíochta Ros Comáin ó imirt an Domhnaigh seo caite. Táid eolach a ndóthain chun grinnstaidéar a dhéanamh ar cheachtanna an lae agus chun tairbhe a bhaint astu ar an ndara scrúdú.

Ba dhóigh leat babhtaí sa chluiche comhscóir go raibh eagla ar Ros Comáin an cluiche a bhuachtaint tar éis dóibh an tús iontach sin a fháil. Thaibhseofaí duit nár chreideadar go bhféadfaidís bheith chomh mór san chun cinn ar Mhaigh Eo chomh luath sin sa chluiche. Ar aththosnú na h-imeartha sa dara leath, b’iad Ros Comáin a d’aimsigh an chéad trí phointe agus ansan, chúlaíodar arís toisc nár chreideadar go bhféadfaidis buachtaint ar Mhaigh Eo sa chraobh don gcéad uair le sé bliana déag.

Na dúshláin go léir atá á gcur rompu féin ag Ros Comáin idir seo agus 2 a chlog inniu, baineann siad leis an aigne agus le féinmhuinín. Baineann dúshláin Mhaigh Eo leis an gcorp, le goile chun catha agus le toibreacha sniogtha.

Má chreideann Ros Comáin go bhfuil a lá tagtha agus muna mbíonn eagla orthu roimis an bua an uair seo – is leo a bheidh an lá.

Fág freagra ar 'Má chreideann Ros Comáin go bhfuil a lá tagtha, tiocfaidh sé'