Má bhí iománaí níos fearr ná Austin Gleeson ann an séasúr seo, ní fhaca mise é

Is annamh a mbronntar gradam ‘Iománaí na Bliana’ ar dhuine nár imir i gCluiche Ceannais na hÉireann ach tá sé tuillte i mbliana ag fear óg Phort Láirge

Má bhí iománaí níos fearr ná Austin Gleeson ann an séasúr seo, ní fhaca mise é

Austin Gleeson. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Ba ar Brian Lohan ba thúisce a bronnadh an gradam ‘Iománaí All Star na Bliana’ as an gcosaint chróga a rinne fear Wolfe Tones na Sionna i ngaisce an Chláir i 1995 nuair a thug siad Craobh Iomána na hÉireann ar ais chuig an gcontae sin den chéad uair ó 1914 agus nuair a chuireadar mallacht Biddy Earley de dhroim seoil.

Tá an gradam bronnta scór uair ó shin agus cé is moite de dhá gheábh, fearacht Lohan, is iománaí a bhí ar an bhfoireann a thug Corn Mhic Cárthaigh leo an bhliain sin a fuair é, T.J Reid Chill Chainnigh go deireanach anuraidh.

I gcás an dá eisceacht, níor imir an té a fuair an gradam i gCluiche Ceannais na hÉireann an bhliain sin beag ná mór – buaileadh sna babhtaí leathcheannais siad.

An dtuigeann tú leat mé? Ní thuigeann? Foighid ort, mar sin.

Déisigh ab ea an bheirt a bhí i gceist. Ba é an chéad duine ná Tony Browne, nuair a bhuaigh Cill Chainnigh ar Phort Láirge de chúilín sa leathchraobh i 1988, ach go bhfuair Uíbh Fhailí an ceann ab fhearr orthu sa gcluiche ceannais.

Ba é Dan Shanahan an dara duine – 2007. Luimneach a bhuaigh ar Phort Láirge an uair sin agus chlis siadsan iad féin sa gcluiche ceannais (in aghaidh Chill Chainnigh).

An bhfuil mé ag teannadh leis? Níl!

Tá sé chomh maith é a rá glan amach mar sin. Cén seans atá ann i mbliana gur ar Dhéiseach eile, as foireann a buaileadh i mbabhta leathcheannais iad féin a bhronnfar an gradam ‘Iománaí All Star na Bliana 2016’ ?

Chuile sheans i mo thuairim féin. Go deimhin rachainn chomh fada agus a rá nach bhfuil ach aon duine amháin a bhfuil an gradam sin tuillte aige, imreoir óg bliain agus fiche Chnoc Síon, Austin Gleeson.

Má bhí iománaí níos fearr ná an Gliasánach ar pháirceanna Chumann Lúthchleas Gael ó thús an tSraithchomórtais seo caite, ní fhaca mise é.

I lár an líne leathchúil a thosaigh sé ag tús an chomórtais sin, nuair a d’fhág sé Richie Hogan taobh le haon chúilín amháin ar Pháirc an Nuallánaigh. As sin leis go dtí an líne leath-thosach in aghaidh Chorcaí agus amach go lár na páirce in aghaidh Bhaile Átha Cliath agus na Gaillimhe. Ag dhá cheann na páirce a bhí sé sa dá chluiche ceannais, an cluiche comhscóir agus an athimirt sa tSraith, nuair a thug cúilín Tony Kelly an bua don Chlár, bhí an t-am caite agus b’in an chéad uair a raibh siad chun cinn.

Bhí Gleeson ar fheabhas sna cluichí sin ar fad ach ba nuair a tháinig an chraobh a bhí sé ina neart ar fad.

Díoltas ar an gClár ar Pháirc Semple a chuir tús leis sin – 5 chúilín den scoth ag fánaíocht amach faoin bpáirc ó ionad an lántosaigh agus poc sleasa thar an trasnán.

Greasáil ó Thiobraid Árann i gCluiche Ceannais na Mumhan a lean sin, ach ar lá a ndeachaigh mórán chuile rud a thriail siad in aghaidh na nDéiseach, ba é an Gliasánach an cosantóir ab fhearr a bhí acu agus chuir sé dhá phoc sleasa go ceann scríbe, ceann acu agus é 65m ón gcúl.

Tá seans ann go mba i gCluiche Ceathrú Ceannais na hÉireann in aghaidh Loch Garman ba mheasartha a bhí sé, ba ann ba mhó a léirigh sé an locht is mó atá le fáil air – a bheith ag iarraidh an iomarca a dhéanamh as a stuaim féin. Fós, fuair sé cúpla cúilín agus shaothraigh a fhoireann a paisinéireacht chuig an mbabhta leathcheannais, áit a raibh Brian Cody agus a chuid Cat ag fanacht leo.

Sa dá chluiche idir na foirne seo, ba é Austin Gleeson an t-iománaí ab fhearr ar an bpáirc gan amhras agus ní beag an moladh sin nuair a théann tú tríd an liosta imreoirí a bhí in iomaíocht leis – ar a thaobh fhéin chomh maith le Cill Chainnigh. An chéad lá fuair Gleeson 5 phointe ghleoite ón imirt “ scóranna a d’fhágfadh faoi gheasa tú”, a dúradh sa sliocht a tháinig le gradam “Imreoir na Míosa” a bronnadh air dá mbarr. A ghaisce millte de bheagán ag poc taobhlíne a chuaigh amú in am breise agus Cill Chainnigh, a bhí 4 chúilín chun deiridh achairín roimhe sin, gaibhte ar chomhscór.

Bheadh sé deacair ag Gleeson a bheith níos fearr arís san athimirt agus ní móide go raibh. Ach, scóráil sé cúl i dtús an chluiche, mar aon le dhá chúilín agus chaill mé comhaireamh ar an líon pocanna amach a bhfuair sé seilbh orthu.

Séamus Callanan is mó a chuirfidh comhrac ar Austin agus roinnt á déanamh ar na vótaí a shocróidh Iománaí na Bliana.

Ní bréag a rá go mbeadh duine ‘faoi gheasa’ freisin ag an taispeántas a thug sé siúd i gCluiche Ceannais na hÉireann. Ach cúpla seachtain roimhe sin, sa dara cluiche ba thábhachtaí a d’imir sé in 2016, níor scóráil sé as an imirt.

Mura mbeadh ann ach sin, is é an Déiseach mo rogha-sa.

Fág freagra ar 'Má bhí iománaí níos fearr ná Austin Gleeson ann an séasúr seo, ní fhaca mise é'

  • Éamonn Mac Niallais

    Aontaím go huile agus go hiomlán, bhí Austin Gleeson thar barr ar fad i mbliana ag chuile leibhéal.