Lúthchleasaí Chamais ag dul ó neart go neart

Is faide atá Seán Breathnach ag cur an mheáchain uaidh anois ná a bhí sé 18 bliain ó shin

Seán Breathnach. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Seán Breathnach. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Ní hé an fíon amháin a théann chun feabhais le haois. ’Sé an scéala céanna é ag lúthchleasaí Chamais, Seán Breathnach, bail ó Dhia air, a thug leis Craobh Shinsearach na hÉireann ag caitheamh an mheáchain don 6ú huair i Staid Morton an deireadh seachtaine seo caite.

Is faide atá Breathnach ag cur an mheáchain uaidh anois ná a bhí sé 18 bliain ó shin agus nuair a thug sé an chraobh is deireanaí leis i mBaile Átha Cliath bhí a iarracht (17.34m) os cionn dhá mhéadar níos faide ná John Kelly as Dún na nGall a chríochnaigh sa dara háit. Ní hamháin sin ach bhuaigh Seán comórtais chaite an mheáchain sa bhfad agus san airde freisin.

Níos cumasaí fós atá sé nuair a thagann an geimhreadh agus na comórtais faoi dhíon. I dtús na bliana seo ag na Craobhacha Náisiúnta sin in Áth Luain sháraigh sé curiarracht de chuid na hÉireann a bhí ina seasamh le 25 bliain agus mí dar gcionn chuir sé cúpla ceintiméadar eile leis ar an Tulach Mhór le hiarracht a bhí 18.27m.

Timpeall an ama chéanna ag Craobhacha Caite na hEorpa in Arad na Rómáine a tháinig an t-iarracht is fearr go dtí seo uaidh amuigh faoin aer – 18.22m. Le barr smaise a chur ar a ghaisce fuair Seán an dara háit i gcomórtas chaitheamh na teisce nó an discus ag na Craobhacha Náisiúnta Dé Domhnaigh seo caite, scil ar a bhfuil sé sár-oilte freisin. Is mór i gceist ‘Bliain an Fhíona’ ag na Francaigh, ach sí 2016 ‘Bliain an Bhreathnaigh’ go dtí seo agus a chonách sin air.

Mar mhac léinn i nGairmscoil an Phiarsaigh i Ros Muc a léirigh Seán Breathnach a chumas lúthchleasaíochta i dtús báire agus dá mb’áil leis sin a dhéanamh bheadh scoláireacht spóirt chuig na Stáit Aontaithe le fáil aige, áit a mbeadh cóir agus comhairle agus áiseanna traenála i bhfad níos fearr ar fáil dó ná atá sa tír seo. Ach, ba í a thoil fanacht sa mbaile agus cé atá in ann a rá inniu nach aige a bhí an ceart.

Den réimse cleachtais ar fad a thagann faoi na cluichí raoin agus faiche, tá caitheamh an mheáchain ar cheann de na cinn is mó a mbaineann teicníc leis. Tá i bhfad níos mó taithí orthu siúd ag oiliúnaithe sna Stáit agus ar Mhór-roinn na hEorpa ná atá sa tír seo agus bhíodh ar an mBreathnach agus a leithéid taisteal go Baile Átha Cliath go rialta le go dtiocfadh siad i dtairbhe an bheagáin a bhí ar fáil dóibh sa mbaile.

Anois tá sé d’ádh orthu siúd atá ag tosú ar an spórt go bhfuil Seán ag roinnt a chuid scile le lúthchleasaithe óga agus le daltaí scoile agus lá níos faide anonn ná an lá inniu a fheicfear a thoradh sin.

Ní ón ngaoth a thug Seán Breathnach a chumas ag caitheamh an mheáchain. Bhí a athair Beartla Pheter Jeainín ina sheaimpín ar Éirinn roimhe agus bhuaigh Craobhacha na hÉireann minic go leor i lár agus i ndeireadh na 1970idí.

Pé oiliúint a bhí ar fáil dá mhac, ní raibh a cheathrú cuid le fáil ag Beartla a sheas an fód go minic d’fhoirne na hÉireann ag ollchomórtais. Bhí constaic eile ina bhealach siúd sa méid agus gur leis an NACA a bhain sé ag tráth a raibh scoilt i gcúrsaí riaracháin na lúthchleasaíochta a chuaigh chomh fada siar le Cogadh na Saoirse. D’fhág sin nach raibh oiread seans ar iomaíocht idirnáisiúnta ag Beartla agus a bheadh inniu nuair atá na heagrais ar fad aontaithe.

Bhí na réimsí uilig ag an athair freisin. Bhuaigh sé an chéad áit sa meáchan agus an dara háit ag caitheamh na sleá ag na Craobhacha Náisiúnta i mBelfield i 1980.

Ba é Beartla freisin ba chionsiocair go mba ina cheantar dúchais, Camas, a reáchtáladh Craobhacha Chaitheamh Meáchain an NACA i 1975 agus an bhliain dar gcionn.

Bhí tábhacht ar leith ar ndóigh leis na comórtais nirt ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain san am a caitheadh. Bhí ómós don té a bhí lúfar, ach ba é an té a bhí láidir an rí. Tá eolas ag bhur mbunáite ar an gcoimhlint i gcaitheamh an mheáchain idir Matt the Thresher agus mac an tiarna talún sa leabhar Knocknagow. Bhí an spiorad sin fós beo nuair a bhí Beartla Pheter Jeainín ina neart agus nár mhór idir é agus an leiciméireacht a bhíonn le feiceáil ag lucht iomrascála agus coraíochta an lae inniu.

Ní raibh sárú Bheartla Breathnach ann ag caitheamh an leathchéid, an comórtas ab ansa le muintir na tuaithe agus a bhuaigh sé an dá uair ar reáchtáladh na craobhacha i gCamas, áit ar bhuaigh sé caitheamh an mheáchain agus na teisce freisin.

Níl contae in Éirinn nach raibh sé san iomaíocht ann ná contae nár thug sé an bua leis as.

Tá sé thar a bheith tráthúil go bhfuil lá comórtha ina chuimhne le bheith ar siúl i Ros Muc inniu, 25 bliain díreach i ndiaidh a bháis ar an 3 Iúil 1991.