‘Luimneach i mbun Cuimhnimh’ – siompóisiam ag plé an dá thraidisiún

Pléifear réimse leathan teangacha is traidisiúin pholaitiúla is staire Luimnigh ag siompóisiam speisialta amárach

‘Luimneach i mbun Cuimhnimh’ – siompóisiam ag plé an dá thraidisiún

Spreag an Bhreatimeacht neart tráchtaireachta ar na mallaibh maidir leis an ngaol stairiúil idir an Bhreatain agus Éire agus cén chuma a bheas ar an gcaidreamh céanna sna blianta atá romhainn.

Is tráthúil mar a tharla an Bhreatimeacht i mbliana, is muid ag comóradh céad bliain Éirí Amach na Cásca 1916 agus cath fuilteach an Somme, dhá chath arbh iad na himeachtaí is cinniúnaí i stair na hÉireann san fhichiú haois iad. Bhí ról nach beag ag cathair Luimnigh sa dá eachtra chéanna. Orthu siúd a bhí gníomhach in Éirí Amach na Cásca arbh Luimnígh iad bhí beirt den 16 a chuir na Sasanaigh chun báis díreach tar éis an Éirí Amach – Con Colbert agus Edward Daly.

Ba as Brú Rí in oirdheisceart Chontae Luimnigh d’Éamonn de Valera a bhí ina cheannaire i gcath Mhuilte Uí Bheoláin. Rugadh Kathleen Clarke, bean chéile Thomáis Uí Chléirigh, i gcathair Luimnigh in 1878 agus bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann na mBan is an Chiste Cleithiúnaithe Príosúnach ar chuir sí tús leis i ndiaidh an Éirí Amach.

Ba é Edward (Ned) Daly a deartháir siúd chomh maith. Threisigh cáil an radacachais ar Luimneach ar fud an domhain cúpla bliain tar éis réabhlóid 1916 nuair a d’eagraigh muintir na cathrach an ‘Limerick Soviet’ mar a tugadh air i 1919.  Ag tús Chogadh na Saoirse a eagraíodh an stailc ghinearálta chéanna mar a ndearna lucht ceirde Chomhairle Luimnigh agóid i gcoinne dhearbhú Arm na Breataine go  mbeadh an chathair ina ‘Limistéar Míleata Speisialta’ fén acht dar teideal DORA (Defence of the Realm Act). Chuimsigh an tAcht Míleata sin an chuid is mó de chathair Luimnigh agus cuid den chontae leis.

Ba iad cosmhuintir na cathrach a chinntigh astu féin go mbeadh airgead agus bia ag na daoine ar feadh thréimhse na hagóidíochta. Ach tá oidhreacht mhór agus stair chuimsitheach ag na Sasanaigh i Luimneach freisin (b’iadsan a chuir bonn faoi chúrsaí rugbaí sa chathair tar éis an tsaoil) – stair nach ndearnadh an comóradh céanna uirthi go dtí le fíordhéanaí. Anuas air sin, throid cuid mhór daoine, arbh as Luimneach dóibh, ar thaobh na Sasanach sa Chéad Chogadh Domhanda. Sa lá atá inniu ann, is cathair an-ilchultúrtha í cathair Luimnigh (tá an pobal Polannach is mó in Éirinn ag cur fúthu ann) ach is léir gurbh amhlaidh a bhí i gcónaí riamh (bhí pobal mór Giúdach arbh as an Liotuáin a bhformhór acu ag cur fúthu i Luimneach ag tús an chéid seo caite).

Mar sin, is léir go raibh réimse leathan teangacha is traidisiúin pholaitiúla is staire ag cur le forbairt Luimnigh, an radacachas ina measc, leis na céadta bliain anuas. Á chur sin go léir san áireamh, tá Roinn na Staire in Ollscoil Luimnigh i gcomhar le Músaem agus Cartlann Luimnigh agus an ceardchumann Unite ag tabhairt cuireadh do dhaoine páirt a ghlacadh i siompóisiam poiblí as an ngnáth a bheidh ar siúl in Ard-Eaglais Mhuire, foirgneamh taibhseach i lár chathair Luimnigh Dé Sathairn 5 Samhain, 2016 óna 2:00 – 6.00 i.n. In the Name of Future Generations:Approaches to the Meaning of 1916 in 2016 an teideal ata air agus beifear ag iarraidh snáitheanna éagsúla ár n-oidhreachta a thabhairt le chéile ann i gcomhthéacs a bhfuil tarlaithe ó shin.

Déanfar cur agus cúiteamh faoi leith ar an dá eachtra chinniúnacha sin, Seachtain na Cásca 1916 agus Cath an Somme. Uachtaráin Ollscoil Luimnigh, an tOllamh Don Barry, a chuirfidh tús leis an siompóisiam go hoifigiúil agus i measc na gcainteoirí, beidh an tOllamh Patrick Geoghegan ó Choláiste na Tríonóide, láithreoir an chláir Talking History ar Newstalk, an Dr Róisín Higgins ó Roinn na Staire, Ollscoil Teeside, an Dr Diane Urquhart, Institiúid an Léinn Éireannaigh, Ollscoil Learphoill, Francie Molloy, Sinn Féin, Kingsley Donaldson, Rúnaí ar  Choiste Céad Bliain Chogadh Domhanda Thuaisceart Éireann agus Comhfhreagraí speisialta leis an BBC, Fergal Keane.

  • Tuilleadh eolais le fáil anseo. Is féidir ticéid le haghaidh an tsiompóisiam a chur in áirithe ag Eventbrite.com faoin nasc ‘In the Name of Future Generations’

Fág freagra ar '‘Luimneach i mbun Cuimhnimh’ – siompóisiam ag plé an dá thraidisiún'