Lucht Stormont ag suansiúl chun toghcháin nach ndéanfaidh difear ar bith?

Cén toradh a bheidh ar an achrann ó thuaidh? An gcuirfear ceirín ar an gcneá arís, nó an bhfuil titim Stormont dosheachanta?

Lucht Stormont ag suansiúl chun toghcháin nach ndéanfaidh difear ar bith?

Arlen Foster

Tá an gleann bodhar ag bunadh Stormont, páirtithe ag scréachadh ar a chéile ar na haerthonnta agus mífheidhm an Fheidhmeannais ar taispeáint don dall. Tá gach páirtí, cé is moite den DUP, ag iarraidh aithreachais agus gníomh croíbhrú ó Arlene Foster chomh maith le trédhearcacht faoin scéim teasa inathnuaite gan teorainn le híocaíochtaí a bhunaigh Foster agus í ina Aire Fiontair. Tá sise agus an DUP ar a gcosaint agus ar an ionsaí.

Cén toradh a bheidh ar an achrann? An gcuirfear ceirín ar an gcneá arís mar a rinneadh leis an Tús Nua bliain ó shin? Nó an bhfuil titim Stormont dosheachanta? Má chliseann ar Stormont, an fiú toghchán a bheith ann? Bheadh laghdú ar líon na dTeachtaí ó 108 go 90, ach, thairis sin, an athrófaí aon cheo de bharr toghcháin? Agus nach mbeadh an pobal fós gan freagra ar an liosta mór ceisteanna atá acu faoi na lochtanna costasacha a bhí ar an scéim ‘éiceabhách’ a d’fhág go raibh ró-úsáid rabairneach á baint as fuinneamh.

Bhí an díospóireacht faoin bpraiseach a rinneadh den scéim, a d’fhéadfadh £500 milliún d’airgead poiblí a chur amú, glórach roimh Nollaig. Bhí páirtithe an fhreasúra – an UUP agus an SDLP chomh maith le Alliance, An Comhaontas Glas, Pobal Roimh Bhrabach agus Jim Allister an TUV –  ag éileamh fiosrú poiblí faoi cheannas breithimh agus go seasfadh an Chéad-Aire, Arlene Foster i leataobh le linn an fhiosraithe. Tá siad fós á éileamh sin.

D’éirigh an scamhailéireacht níos géire agus níos callánaí gach lá le seachtain ach sa dreas is déanaí den chomhrac, ba iad na páirtnéirí sa bhFeidhmeannas, an DUP agus Sinn Féin, is mó a bhí in adharca a chéile. Thug na poblachtánaithe foláireamh go mbeadh Stormont i dtrioblóid mhór mura seasfadh Arlene Foster i leataobh mar Chéad-Aire fad is a dhéanfaí imscrúdú ar an scéim. Chuir an DUP cosa i dtaca, agus ní hamháin nach seasfadh Arlene i leataobh ach ní cheadódh an páirtí di é a dhéanamh fiú dá mba mhian léi féin é.

Bhí seasamh an DUP soiléir, iad neamhghéilliúil mar is dual dóibh. Bhí sé ciotach mar chur chuige, gan dabht. D’fhéadfadh an scéal a bheith curtha ina cheart míonna ó shin dá mbeadh Arlene Foster sásta a admháil go ndearna sí botún.

Anois, ní thig leo a gcúrsa a athrú.

I gcruthúnas ar an mbrú orthu, bhain siad leas as teaicticí bolscaireachta seanchaite d’fhonn malairt ábhar díospóireachta a sholáthar. Chuir siad an milleán ar na meáin agus mhaígh Arlene Foster gur ‘fuath ban ba bhun le feachtas pearsanta, suarach’ ina haghaidh. Thagair sí freisin d’ionsaithe an IRA ar a hathair agus uirthi féin – bhí sí ar bhus scoile a ndearna an tIRA ionsaí pléisce air – mar chúis nach ngéillfeadh sí do Shinn Féin. Má bhí amhras ar éinne san DUP faoin gcúrsa seo, ní raibh sé sin le brath go poiblí.

Ní hionann an cás le Sinn Féin. Cé gur imscrúdú seachas fiosrú poiblí a d’éiligh siadsan, teastaíonn uathu go seasfadh Arlene Foster i leataobh go ceann tamaill bhig. Beidh na hinstitiúidí i mbaol mura ndéanfaidh sí rud orthu, a deir siad. Ach céard is brí leis sin?

Ar troid na mbó maol é – fad is atá margáil ar siúl ar chúla téarmaí? Nó an bhfuil gníomh cinnte beartaithe ag Sinn Féin? Bhagair Martin McGuinness, an LeasChéad-Aire, i mí na Nollag, go mbeadh impleachtaí “tromchúiseacha” dá labhródh Arlene Foster faoin scéim san Tionól mar Chéad-Aire. Rinne sí amhlaidh agus ní dhearna sí rud air; tharraing iompar an cheann comhairle (ón DUP) conspóid, ach ní dhearna Sinn Féin aon ní ‘tromchúiseach’. Ó shin rinne baill de Shinn Féin éileamh ar fhiosrú poiblí, faoi cheannas breithimh, ach cuireadh an t-éileamh ar ceal agus dúradh gur ‘bhotún cló’ a bhí ann. Rinneadh an t-éileamh céanna ina dhiaidh sin agus cuireadh ar ceal arís é. Drochsheans go scanródh braiteoireacht den sórt sin Foster.

Má tá costas na conspóide ríofa ag an DUP, seans gurb é a mbreithiúnas nach mian le Sinn Féin Stormont a scor agus gur lú dochar a dhéanfaí don DUP ná do Shinn Féin i dtoghchán. Tá daoine i measc lucht leanúna Shinn Féin míshásta le tamall faoina laige is atá an páirtí agus iad ag déileáil leis an DUP. Baineadh siar go mór astu an mhí seo caite nuair a rinne an DUP iarracht chun roinnt na cumhachta a chaitheamh i dtraipisí an lá ar tháinig an Tionól ar ais le linn na saoire. Comhartha sóirt ab ea é, dar lena lán, ar dhrochmheas an DUP ar a pháirtnéirí. Bhíothas ag maíomh gur deachtóireacht de chuid an DUP a bhí i Stormont agus nach raibh i Sinn Féin ach a ngiollaí beaga. Chuir iompar an Aire Paul Givan DUP le fearg lucht leanúna Shinn Féin agus an SDLP nuair a chealaigh sé deontas £50,000 do scoláireachtaí Gaeltachta. Ba é sin buille maraithe na muice, dar le roinnt.

Nuair a bhí cruinniú ‘míshásúil’ idir aire Airgeadais Shinn Féin, Máirtín Ó Muilleoir, agus an tAire Eacnamaíochta, Simon Hamilton, DUP, faoi dhréachtphlean chun an scéim fuinnimh inathnuaite a chur ina ceart, mhaígh Ó Muilleoir nárbh fiú tráithnín plean Hamilton. Arís eile, dúirt Ó Muilleoir nach raibh leigheas i ndán do Stormont mura seasfadh Foster i leataobh. Amuigh ar an tsráid, bhí fearg an phobail ó gach cúlra follasach. I gceantair phoblachtacha, dúirt go leor le Tuairisc.ie gur cheart do Shinn Féin droim láimhe a thabhairt leis an réimeas seo.

Ní raibh éinne sásta a rá gurb é a rogha toghchán a bheith ann ach, ar ndóigh, ba é a bport ‘scaoil chugainn é, más gá’. Ba dheacair aon rogha eile a shamhlú cé go nglactar leis go forleathan gur beag difear a dhéanfadh toghchán. Tréimhse ghearr fionraíochta féachaint an athródh éinne a chúrsa? Caolseans ar athrú treo.